Tús á chur faoi dheireadh le Corn na gCuradh agus na cúigí réidh le dul sa ghleo

Is iad Cúige Laighean, iarchuraidh an chomórtais faoi cheathair, an cúige is túisce a bheas ag cur chun páirce i gcomórtas Chorn na gCuradh

Tús á chur faoi dheireadh le Corn na gCuradh agus na cúigí réidh le dul sa ghleo

Is fada an lá lucht leanta rugbaí an limistéir seo ag súil le tús chomórtas Chorn na gCuradh don séasúr seo.

Tugann an comórtas seo deis do pé club a n-éiríonn leo cáiliú dó iad féin a thástáil i gcoinne na bhfoirne eile is fearr sa limistéar seo.  Comórtas agus coimhlint é freisin atá i bhfad chun cinn ar an gcomórtas sóisearach, an URC. Tá an t-ádh orainne gur éirigh leis an gceithre chúige áiteacha a aimsiú i measc na bhfoirne atá ag imirt i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh a gcuirfear tús leis an deireadh seachtaine seo, seachas iad a bheith ag imirt i gCorn an Dúshláin áit a raibh na Connachtaigh agus na hUltaigh ag imirt cúpla babhta roimhe seo.

Is iad Cúige Laighean, iarchuraidh an chomórtais faoi cheathair, an cúige is túisce a bheas ag cur chun páirce tráthnóna inniu agus iadsan i Staid Aviva i gcoinne Bath Shasana. Ní dóigh gur fiú mórán cainte a dhéanamh faoin gcoimhlint seo seachas a rá go mbeidh iontas ar thír agus talamh má theipeann ar fhoireann Átha Cliath an lá a thabhairt leo, fiú agus gan fáil acu ar Johnny Sexton, fear atá gortaithe faoi láthair. Is fiú a rá freisin nár bhuaigh Bath cluiche amháin féin de na naoi gcluiche a d’imir siad sa bPremiership go dtí seo. Sea, bua baile agus pointe bónais d’fhoireann Leo Cullen.

Dúshlán de chineál eile atá roimh na hUltaigh anocht agus iadsan sa bhFrainc le tabhairt faoi Clermont, foireann atá i lár thábla an Top 14. Bhí bua maith baile, áit atá ina chineál dún ag Clermont (39 -11) i gcoinne Biarritz an deireadh seachtaine seo caite, toradh a thabharfas spreagadh iontach dóibh roimh chuairt na nUltach. Sa dara háit ar thábla an URC atá Cúige Uladh faoi láthair ach chaill siad an cluiche deiridh a d’imir siad. Is cinnte nach mbeidh sé éasca ag foireann Bhéal Feirste pointí a thabhairt abhaile leo.

Cé gur amárach a bheas an dá chúige eile ag cur chun páirce, seans gur i gcluiche na Mumhan i Sasana i gcoinne Wasps is mó atá suim an phobal rugbaí de bharr na ndeacrachtaí Covid-19 a tháinig chun solais le linn chuairt na Mumhan ar an Afraic Theas.  Is cinnte go raibh an t-ádh glan ar na Muimhnigh nach raibh cead ag a gcuid imreoirí idirnáisiúnta a bhí páirteach sna cluichí fómhair taisteal go dtí an Afraic Theas. Mar sin féin tá Cúige Mumhan ag dul chun páirce amárach agus iad ar brath ar cúpla  imreoir atá gan taithí ar imirt ag na leibhéal seo.  Is fiú a lua nár bhuaigh Wasps ach trí chluiche as naoi n-iarracht sa bPremiership go dtí seo rud a fhágann nach bhfuil Cúige Mumhan gan seans ach ní bheidh sé ró-éasca ach nach minic roimhe seo a spreag dúshlán den chineál seo saighdiúirí an Airm Dheirg?

Roimhe sin, amárach, cuirfidh na Connachtaigh fáilte go dtí an Bóthar Beag roimh Stade Français, ceann de mhóruaisle rugbaí na hEorpa. Sa deichiú háit ar thábla an Top 14 atá foireann na Fraince agus gan ach chúig bhua as dhá chluiche dhéag acu go dtí seo. Níl scéal Chúige Chonnacht tada níos fearr lena dtrí bhua as seacht gcluiche. Is buntáiste dá bhrí sin dóibh a bheith ag imirt sa mbaile ach caithfidh siad an fhíor-lagiarracht sa dara leath i gcoinne Laighean seachtain ó shin a chur as a gcuimhne.

Níl aon dabht ann ach gur féidir le fir Andy Friend é sin a dhéanamh ach caithfidh siad sin a dhéanamh thar ochtó nóiméad, rud nach ndearna siad seachtain ó shin.

Fág freagra ar 'Tús á chur faoi dheireadh le Corn na gCuradh agus na cúigí réidh le dul sa ghleo'