Turas teanga i dTír na mBascach

Tá Stephen Joyce ag obair i mBilbao faoi láthair áit a bhfuil sé ag tabhairt faoi theanga an phobail a fhoghlaim.

IMG_1425
Stephen Joyce agus é i mbun foghlama in Bilbao

Is cathair ilchultúrtha, ilteangach, iltíreach agus chomhaimseartha í Bilbao Thír na mBascach, ina bhfuil an Spáinnis mar phríomhtheanga chumarsáide d’fhormhór na ndaoine.

Mar sin féin, is deacair Euskera, an teanga is ársa agus is aistí in Iarthar na hEorpa, a sheachaint. Cé gur níos forleithne agus níos láidre atá an Bhascais i bpobail thuaithe, iargúlta an réigiúin seo go traidisiúnta, is teanga fhóinteach, fheiceálach agus inchloiste í in Bilbao.

Is fíor é seo ar shráideanna cúnga an tseanbhaile go mór mór, áit a leagtar béim láidir agus ghlórach ar chúrsaí cultúrtha agus polaitiúla.

Is in Bilbao atáim i mo chónaí faoi láthair agus mé ag obair mar chúntóir teanga i meánscoil chathrach ina bhfuil mic léinn de chuid na sraithe sinsearaí ag ullmhú don Bachillerato (Ardteist na Spáinne).

Scoil dhátheangach atá inti agus is féidir le mic léinn a n-ábhair a dhéanamh trí mheán na Bascaise nó trí mheán na Spáinnise.

Ina theannta sin, cuirtear rogha ilteangach ar fáil ina bhfuil ranganna i mBascais, Spáinnis agus i mBéarla chomh maith. In ainneoin an mheascáin seo de theangacha teagaisc, is í an Bhascais príomhtheanga oibre na scoile.

Sa seomra foirne, is i mBascais a bhíonn múinteoirí na scoile ag labhairt lena chéile den chuid is mó. Crochtar fógraí, póstaeir agus scéalta nuachta sna seomraí ranga agus sna hallaí agus is i mBascais amháin atá an formhór mór acu. Is léir domsa, de réir mo thaithí féin sa scoil le cúpla mí anuas, go bhfuil timpeallacht bhríomhar agus ghníomhach do labhairt na Bascaise cruthaithe ag foireann na scoile.

Bhí dúil mhór i gcónaí agam i gcultúr agus i stair Thír na mBascach agus chaith mé tréimhse ag staidéar anseo i 2010 agus mé ar bhliain saoire – glaoitear Erasmus air chomh maith! – ón ollscoil.

Tá sé socraithe agam, mar sin, tréaniarracht a dhéanamh an Bhascais a fhoghlaim i mbliana. Is í an aidhm atá agam ná bheith in ann comhrá nádúrtha a dhéanamh sa teanga le Euskaldunak faoi dheireadh na bliana maraon le mo chuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt.

Is féinteagasc a bheas ar siúl agam i dtús báire, agus tá foclóir póca agus leabhar gramadaí ceannaithe agam chun tús a chur leis an bpróiseas foghlama. Tá iarracht á dhéanamh agam na briathra bunúsacha a fhoghlaim ar dtús, chomh maith le frásaí laethúla agus focail choitianta a fheicim chuile lá chun mo chuid scileanna cumarsáide a chruthú de réir a chéile.

An chéad rud a thugtar faoi deara faoin mBascais de ghnáth ná an chuma aduain atá ar fhocail agus abairtí na teanga. Is iomaí x, z, k, tz agus tx a fheictear agus is cinnte nach mbeadh duine in ann buille faoi thuairim a thabhairt ar mhíniú fhormhór na bhfocal bunaithe ar an eolas atá acu ar an Spáinnis ná ar theangacha Eorpacha eile.

Kaixo, Mesedez agus Eskerrik asko na focail atá acu ar ‘Dia dhuit’, ‘Le do thoil’ agus ‘Go raibh maith agat’ faoi seach. Samplaí eile d’focail choitianta, a léiríonn éagsúlacht na teanga ná Larunbat (Dé Sathairn), Abendu (Mí na Nollag), Ikasle (Mac léinn) agus Kirol (Spórt). Ní hionann í agus an Spáinnis in aon chor.

Ó thaobh cúrsaí gramadaí de, tá tréithe áirithe ag an mBascais a sheas amach dom agus mé ag treabhadh liom tríd an gcéad cúpla caibidil den leabhar gramadaí. Ceann amháin acu ná struchtúr na habairte. Go hiondúil is san fhoirm Ainmní – Cuspóir – Briathar a bhíonn abairtí, cé go dtagann athrú orthu de réir ábhar agus fhócas na habairte.

Sampla simplí den struchtúr seo ná Stephen etxera doa (Téann Stephen chuig an teach), a aistrítear focal ar fhocal mar ‘Stephen teach chuig an téann’!

Déantar an uimhir iolra a chur in iúl le –k a chur ag deireadh an ainmfhocail, mar shampla ikaslea ( an mac léinn) agus ikasleak ( na mic léinn). Cuirtear na tuisil in iúl chomh maith trí iarmhíreanna a chur ag deireadh an ainmfhocail. I gcás an fhocail etxe (teach), mar shampla, úsáidtear etxera (chuig an teach), etxean (sa teach), etxetik (ón teach) agus etxeaz (mar gheall ar an teach) chun foirmeacha éagsúla an ainmfhocail a léiriú.

Ina theannta sin (pointe gramadaí amháin eile sula dtéann an t-alt seo chun leadráin), is í Euskera an t-aon teanga eirgíoch san Eoraip.

B’éigean dom roinnt léitheoireachta a dhéanamh chun an coincheap teangeolaíochta seo a thuiscint! Is éard atá i gceist leis ná go bhfuil an tuiseal céanna ag ainmní an bhriathair neamhaistrigh agus cuspóir an bhriathair aistrigh. Tá tuiseal eile ag ainmní an bhriathair aistrigh.

Is fearr an méid seo a thuiscint le sampla. Is é gizon an focal Bascaise ar ‘fear’, mar shampla, ach úsáidtear dhá thuiseal faoi leith, gizona agus gizonak, d’abairtí neamhaistreacha agus aistreacha faoi seach: Gizona etorri da (Tháinig an fear) agus Gizonak mutila ikusi du (Chonaic an fear an buachaill). Sách casta!

Ní fheictear an tréith seo i dteanga Ind-Eorpach ar bith eile, ach úsáidtear go forleathan í i dteangacha Cugasacha agus Meiriceánacha, agus i measc na nAstrálach bundúchasach chomh maith. Is cinnte go bhfuil dúshlán curtha agam romham féin agus nach mbeidh mórán fónaimh ag baint leis an eolas atá agam cheana féin ar an Spáinnis, an Ghaeilge ná an Béarla.

Agus mé do mo cur féin in iúl do mhic léinn agus do mhúinteoirí na scoile cúpla mí ó shin, chuir siad an-suim i gcás na Gaeilge agus na comparáidí is féidir a dhéanamh idir teanga dhúchais s’againne agus an Bhascais.

Nuair a dúirt mé leo cúpla seachtain ó shin go raibh mé ag tabhairt faoin mBascais a fhoghlaim, is mór an tacaíocht agus an chomhairle a thug siad dom. Tugadh nótaí gramadaí, frásaí canúnacha agus leabhair do pháistí dom chun aistriúchán a dhéanamh orthu. Dúirt múinteoir amháin go dtabharfaidh sé ranganna comhrá dom, fiú. Is cosúil go bhfuil elkartasun nó dlúthpháirtíocht láidir idir na Bascaigh agus na Gaeil!

Beidh mé i mo chainteoir líofa Bascaise go fóill.

 

Fág freagra ar 'Turas teanga i dTír na mBascach'

  • Seán Aloysius Ó Cearbhaill

    Go h’íontach an tuairisc sin a chara. Go n’éirí geal leat thall i dTír na mBascach. Is breá liomsa Bilbao agus daoine na cathrach sin mar tá achmhainn an ghrinn acu mar is eol duit, “fantasmas siempre poteando y fanfarroneando sobre su fortaleza y la grandeza de su cultura”. Chomh maith le shin, is cuimhin liom taithí íontach a bhí agam blianta ó shin nuair a chonaic mé an fhoireann Athletic de Bilbao ag imirt i bpáirc miotasach “San Mamés”.

  • Sinéad Níos Mhearnóg

    Ar dóigh, ba chóir duit blag a dhéanamh faoi na rudaí a fhoghlaimíonn tú. Chaith mé bliain Erasmus I mBilbao fosta, Agus chuir mé an-suim sa teanga, tá mé á fhoghlaim ach tá sé deacair é a dhéanamh gan ach leabhar Agus foclóir agam! Agus deacair an t-am a fháil ach tiocfaidh sé :) Ádh mór leis!

  • Marc Mac Lochlainn

    Má the Tree. Tá an t-alt seo an mhaith. Is mór is fiú dhuit Blag a scríobh.