Tuin chainte ‘Nazi’ curtha ag Paul Williams air féin agus ‘fundamentalism’ na Gaeilge á phlé aige ar Newstalk

Gearán déanta faoin iriseoir aitheanta a mhaígh ar a chlár Newstalk Breakfast go mbeadh láncheart ag réiteoir éileamh ar imreoirí Gaeltachta Béarla a labhairt

Tuin chainte ‘Nazi’ curtha ag Paul Williams air féin agus ‘fundamentalism’ na Gaeilge á phlé aige ar Newstalk

Chuir an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta Paul Williams air an tuin chainte a shamhlaítear le scannáin Bhéarla faoi na Naitsithe agus é ag labhairt faoin “fundamentalism”, dar leis, a bhaineann le ceist na Gaeilge.

Le linn eagrán an lae inniu de Newstalk Breakfast, phléigh Williams an scéal faoi na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ag cluiche sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Williams go mbeadh láncheart ag réiteoir a leithéid a éileamh ar imreoirí Gaeltachta toisc go “labhraíonn gach duine in Éirinn an Béarla” murab ionann agus an Ghaeilge.

Dúirt Williams go raibh an ghráin aige féin ar an nGaeilge agus é ar scoil mar gur leis an lámh láidir a mhúintí an teanga. Nuair a dúirt a chomhláithreoir, Colette Fitzpatrick, leis go gcuirfeadh a chuid cainte olc ar chainteoirí Gaeilge, rinne Williams é féin a chosaint agus dúirt, “I have a friend who is a Gaeilgeoir”. Ba nuair a cháin éisteoir an méid a bhí le rá aige faoin nGaeilge, a thiontaigh Williams ar thuin chainte bhréagGhearmánach a chur air féin.

“He [an réiteoir] said ‘look guys, will you go and speak English’, because as we know everybody on this island speaks English, not everybody speaks Irish. I’m sorry if I came across arrogant about that and an insufferable ignoramus – I’ve been called an awful lot worse. But this is fundamentalism ‘You will learn the Irish and you will do it right, ja?’”.

Agus a racht curtha de ag Williams, dúirt a chomhláithreoir leis go gcaithfí cur chuige ‘old-school’ a ghlacadh agus é a chur sa ‘chúinne dána’.

Tá gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Newstalk faoin méid a bhí le rá ag Williams faoin teanga agus faoin eachtra a líomhnaítear a tharla ar pháirc Ros an Mhíl ag an deireadh seachtaine. Beidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ag tabhairt freagra ar Williams ar Newstalk Breakfast maidin amárach.

“Go bunúsach, nuair a chuir Williams an glór sin air féin d’fhéadfaí an bhrí a bhaint as gur Naitsithe a bheadh i ndaoine a bheadh ag iarraidh Gaeilge a labhairt le chéile go sóisialta, ag cluiche peile sa chás seo. Ní dóigh liom go dtuigeann sé go ngortaíonn a leithéid de chaint daoine,” a dúirt de Spáinn.

Phléigh láithreoir eile de chuid Newstalk, George Hook, an scéal níos deireanaí sa lá. Níor ghlac Hook leis go mba cheart iarraidh ar fhoireann Ghaeltachta an Béarla a labhairt, agus dúirt sé gur cúis mhagaidh iad daoine a mhaíonn gur loit an Ghaeilge an t-oideachas a fuair siad.

Fág freagra ar 'Tuin chainte ‘Nazi’ curtha ag Paul Williams air féin agus ‘fundamentalism’ na Gaeilge á phlé aige ar Newstalk'

  • Seán Mag Leannáin

    Tá a fhios ag an saol gur gamal ceart é Williams ach mar sin féin ní féidir glacadh le maslaí den sórt seo. Ní haon ionadh é ach oiread go gcuirtear fáilte roimhe ar stáisiún Denis O’Brien.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aisteach go mbíonn an dearcadh ag na daoine seo go bhfuil an locht ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht! Tig duine amháin isteach sa Ghaeltacht, gan tuigbheál acu ar an Ghaeilg, agus iarrtar ar achan duine Béarla a labhairt!!!

    Cad chuige nach luaitear an GAA agus an dualgas a bhí ar an eagraíocht sin réiteoir le Gaeilg a chuir ar fáil do chluiche Gaeltachta?

    Tá mé tinn, dubh thuirseach ag éisteacht leis na ráitis ciníoch seo ó ‘Éireannaigh’ nach bhfuil meas ar bith acu ar ár dteangaidh dúchais agus ní ghlacaim leis go gcaithfidh cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht bheith ‘múinte’ agus Béarla a labhairt le oifigigh ón GAA ,nó le dream ar bith eile, cionnas nach bhfuil Gaeilg acu.

  • diarmuid de faoite

    Céard a bhí leaids na Gaeltachta a déanamh ach ag caint go nádúrtha. Baineann Williams cead cainte uathu agus athraíonn sé an díospóireacht isteach ina ábhar féin trua aige féin. Duine bocht eile a tachtadh leis an nGaeilge agus é ag fás aníos. Níl meas mada ag Williams ar thada ach air féin. Rug sé é féin ar ndóigh.

  • Niall

    Faigheann daoine chomh maith le PW roinnt maith deiseanna an tuairim seo a chur chun cinn gan aon argóint ar bith. Dá mbeadh sé ar an taobh eile den argóint, bheadh sé faoin brú millteanach san agallamh seo.