Tuilleadh umhlaíochta don eolaíocht a theastaíonn uaireanta

Bhí brú ón dá thaobh ar na hairí in Stormont a rinne iarracht an dá thrá a fhreastal maidir le caitheamh mascanna

Tuilleadh umhlaíochta don eolaíocht a theastaíonn uaireanta

Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Is iontach go deo chomh cointinneach is atá roinnt daoine faoi mhasc aghaidhe a chaitheamh. I rith na seachtaine seo thart nuair ba léir go gcaithfeadh Feidhmeannas Stormont cinneadh a dhéanamh faoi mhasc a chaitheamh i siopaí bhí dianfheachtasaíocht ar siúl.

Bhí dreamanna áirithe dubh dóite in aghaidh é a bheith éigeantach agus ceardchumann na n-oibrithe miondíola chomh maith le daoine goilliúnacha eile ag impí ar dhaoine masc a chaitheamh. Ba é comhairle na saineolaithe leighis freisin go gcaithfí masc i siopa. Tá sé éigeantach sa bPoblacht agus sa Bhreatain Mhór.

Bhí brú ón dá thaobh ar na hairí in Stormont a rinne iarracht an dá thrá a fhreastal. Chinn siad ag cruinniú na Comhaireachta Déardaoin a dhul i mbun mealladh agus bagairt. Beidh sé éigeantach masc a chaitheamh laistigh de shiopaí de gach cineál ón Satharn seo chugainn, an 1 Lúnasa, ach ní bheidh se éigeantach i ndáiríre go ceann trí seachtaine. Idir an dá linn beifear ag tathant ar dhaoine iad a chaitheamh, ag iarraidh iad a mhealladh ach mura nglacfar go forleathan leis an gcomhairle beidh sé infheidhmithe mar reacht ón 20 Lúnasa.

Ba é feisire Parlaiminte an DUP, Sammy Wilson, ba ghlóraí den dream a mhaígh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Go deimhin ba é a bharúil go ndéanfaí dochar ollmhór don eacnamaíocht dá mbeadh sé éigeantach masc a chaitheamh. Mhaígh sé nach ngabhfadh daoine amach ag siopadóireacht dá mbeadh orthu béal agus srón a chlúdach. Ní fios cén bunús staidrimh ná eolaíochta a bhí lena mhaíomh. Ní bhíonn drogall ar Sammy snámh in aghaidh shruth na heolaíochta, is minic a dúirt sé gur chor féiltiúil é an t-athrú aeráide seachas toradh ar iompar an chine dhaonna.

Táthar ag cloí leis na rialacha faoi mhaisc a chaitheamh ar bhusanna agus traenacha is cosúil. Tá méadú ag teacht de réir a chéile ar an líon daoine atá ar an gcóras iompair poiblí cé go mbeadh cuid againn sách faiteach fós. Cheistigh roinnt roimh ré cé a chuirfeadh na rialacha i bhfeidhm ar bhusanna ach ní léir gur tharla aon trioblóid mhór faoin dlí a chomhlíonadh.

Bhí Glyn Roberts ó chumann na miondíoltóirí i dTuaisceart Éireann orthu sin a bhí ag achainí ar an bhFeidhmeannas maisc éigeantacha a sheachaint. Fearacht Sammy Wilson dúirt sé go gcoinneodh sé daoine amach as siopaí. Ba é a mhalairt ar fad a chualathas nuair a rinne mé suirbhé beag ar an nguthán i measc mo chairde. D’aireoidís i bhfad níos sábháilte i spás dúnta ar nós siopa dá mbeadh masc ar chuile dhuine. De réir pobalbhreith a rinneadh le déanaí bhí 80% de dhaoine i bhfabhar masc a chaitheamh i siopaí. Is fíor áfach gur admhaigh cuid den 80% sin nach raibh maisc á gcaitheamh acu féin.

Dúirt Roberts freisin go mbeadh sé do-ghlactha an dualgas a chur ar oibrí i siopa custaiméir gan masc a ruaigeadh. Mhaígh sé nach ndéanfadh an PSNI póilíneacht ar an riail agus go mbeadh sé dofheidhmithe. Nuair a fógraíodh cinneadh an Fheidhmeannais bhí sé sásta gur éist airí leis; ba chosúil go raibh sé ag súil go ndéanfadh daoine an beart go deonach. Gan dabht tá na hairí ag súil leis an rud céanna. Má éiríonn leo a chur ina luí ar an bpobal gurb é a leas é masc a chaitheamh seachnófar an fhadhb faoi phóilíneacht nó smachtbhannaí faoi fheidhmiú na rialach.

Tá an chomhairle leighis soiléir, céim thábhachtach ar nós ‘nigh do lámha’ is ‘caith masc’. Is fíor go bhfuil sé míchompordach ach nach suarach an ní é sin i gcomparáid le Covid-19 a cheansú.

I measc srianta a scaoileadh ar an Aoine tá cead anois a dhul ag linn snámha, cúirt bhabhlála agus ionad pobail.

Tá socruithe sábháilteachta éigeantach i láithreacha mar sin agus oibleagáid reachtúil ar na húinéirí a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm iad.

Tá práinn leis go dtuigfeadh úsáideoirí an riachtanas atá leo agus an chomhairle sláinte is cúis leo. An focal faire, déanaimis rud ar an eolaíocht.

Fág freagra ar 'Tuilleadh umhlaíochta don eolaíocht a theastaíonn uaireanta'