Tuilleadh foighne ag teastáil ó fhoireann na Gaeltachta tar éis moill seachtaine

Cluiche crua atá roimh an nGaeltacht tráthnóna i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach na hÉireann, ach tá taithí acu ar chluichí crua a bhuachan

Tuilleadh foighne ag teastáil ó fhoireann na Gaeltachta tar éis moill seachtaine

Captaen na Gaeltachta, Marc Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Ghaeltacht (Ciarraí) v An Maigh (Tír Eoghain), Staid Semple, 2.00i.n. (Beo ar TG4)

Nuair a chaitheamar súil chun cinn ar an gcluiche seo an tseachtain seo caite, dúramar nár mhór don Ghaeltacht foighne a bheith acu chun fir an Mhaí a chloí.

Cur chuige stuama ar an bpáirc a bhí i gceist againn ach foighne de shaghas eile a bhí ag teastáil ó fhoireann na Gaeltachta agus cluiche leathcheannais na hÉireann curtha siar ar feadh seachtaine de bharr na drochaimsire.

Is i Staid Semple a imreofar an cluiche anois agus cé gur chuir an mhoill isteach ar ullmhúchán na Gaeltachta agus a gcéilí comhraic, seans maith go bhfeilfidh an talamh crua i nDurlas d’fhir Chorca Dhuibhne.

Chomh maith leis sin, páirc ollmhór í Staid Semple, a dhéanfaidh rudaí níos deacra don Mhaigh má tá rún acu a ndianchóras cosanta a chur i bhfeidhm. Bíonn sé de nós ag Colm Cavanagh titim siar ó lár na páirce agus é ag imirt mar chosantóir le cois agus is cinnte go mbeidh neart cúnaimh aige ó na fir ina thimpeall agus an Maigh ag iarraidh tosaithe na Gaeltachta a choinneáil ó dhoras.

Tá an-chaint déanta faoin gcoimhlint a bheidh ann idir Seán Cavanagh an Mhaí agus Marc Ó Sé na Gaeltachta le cúpla seachtain anuas ach, i ndáiríre, is beag seans gur ag brath ar an gcoimhlint chéanna a bheidh toradh an chluiche.

Cinnte, díol suime a bheidh ann má bhíonn an bheirt iarpheileadóirí contae ag marcáil a chéile ag tús an chluiche, ach is beag seans go bhfanfaidh Cavanagh ar imeall na cearnóige ar feadh na huaire agus beidh sé de dhualgais ar imreoirí éagsúla ón nGaeltacht súil a choinneáil air i rith an chluiche.

Agus na foirne seo ag teacht ó dhá cheann na tíre, ní bheidh mórán aithne acu ar a chéile, ach beidh an méid staidéir agus ab fhéidir déanta acu ar a chéile.

Is maith a thuigeann bainisteoirí na Gaeltachta a chumasaí agus atá na Cavanaghs ach seachas an bheirt sin, is beag aithne a bheadh ag aon duine taobh amuigh de Thír Eoghain ar fhir an Mhaí.

Mar sin féin, ní éiríonn le foireann ar bith craobh an chúige ná craobh an chontae a bhuachan, más ag brath ar bheirt nó triúr imreoirí a bhíonn siad.

Murab ionann is An Ghaeltacht, a bhuaigh Craobh na Mumhan go héasca, bhí cúpla cluiche crua le cur díobh ag An Maigh i gCúige Uladh. Bua aon phointe amháin a bhí acu sa chluiche ceathrú ceannais ar Charraig Mhachaire Rois agus ba é an scéal céanna é sa chluiche ceannais, nuair a chinntigh cúilíní cinniúnacha ó Sheán Cavanagh, Harry Loughran, atá ar phainéal Thír Eoghain, agus Eunan Deeney go mbeadh an lá leo i gcoinne Ros Treabhair an Dúin.

Ní hé go bhfuil réalta móra ar fhoireann na Gaeltachta ach an oiread, ach is údar dóchais do lucht leanúna na Gaeltachta gur tháinig imreoirí éagsúla chun cinn i gcluichí móra na bliana seo caite.

Ag Comórtas Peile na Gaeltachta, ba iad Seán M. Ó Conchúir agus Tomás Ó Sé a rinne scrios, i gcluiche ceannais Chiarraí, ba é Pádraig Óg Ó Sé i lár an aonaid chosanta agus PJ Mac Láimh a bhí go mór sa tries. Agus sin gan trácht ar an tionchar a bhí ag Brian Ó Beaglaoich, Éanna Ó Conchúir, Seán Ó Gairbhí agus a leithéidí.

Dá mbeadh ort imreoir amháin a roghnú a sheas amach le linn na bliana go léir go dtí seo, is é Dara Ó Sé a roghnófá. Tá meabhair iontach chun peile ag an leath-thosach seo agus beifear ag súil le taispeántas maith eile uaidh tráthnóna. Beidh gá leis go háirithe agus cur chuige cosantach de ghnáth ag An Maigh.

Ní bheidh an cluiche seo chomh héasca acu agus a bhí cluichí na Mumhan ach tá taithí ag fir na Gaeltachta ar chluichí crua a bhuachan chomh maith agus cabhróidh an luas atá iontu agus an chomhthuiscint a bhíonn eatarthu leo agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar An Maigh. Gach seans gur ag triall ar Pháirc an Chrócaigh agus cluiche ceannais na hÉireann a bheidh siad i ndiaidh chluiche an lae inniu.

Fág freagra ar 'Tuilleadh foighne ag teastáil ó fhoireann na Gaeltachta tar éis moill seachtaine'