Fógraíodh an lá cheana go bhfuil Daingean Uí Chúis ar an ochtú calafort atá páirteach anois i scéim atá ag Bord Iascaigh Mhara le cuid den bhruscar atá sa bhfarraige mhór a bhailiú agus a thabhairt i dtír lena athchúrsáil.
Téann an bruscar seo i bhfostú in eangacha na n-iascairí agus ar ndóigh cuireann sin isteach ar an iascach agus ar ioncam na n-iascairí.
Eangacha is ea cuid den bhruscar seo. Cuireann iascairí as an tír seo an milleán ar bháid ón iasacht a ghearrann eangacha a bhíonn bailithe in aimhréidh agus a scaoileann le sruth iad. Carnann tuilleadh earraí plaisteacha isteach sna streachláin seo agus ní maith an éadáil iad ag iascaire ar bith ina líon. Ní hamháin go gcoinníonn siad iasc amach ach is am agus airgead amú an bráca ag réiteach na n-eangach amuigh ar an bhfarraige nó ar an gcéibh.
Dá dhonacht é sin is measa fós an scéal é ag an iasc.
Níl orainn ach breathnú ar ghaineamh na trá le creimeadh céadach na farraige a thuiscint – gaineamh mín déanta d’ailltreacha is strapaí cloiche. Is amhlaidh an cás leis an bplaisteach a chaitear go réchúiseach sa bhfarraige mhór. Bristear síos go mion é, slogann éisc é agus mura dtachtann sé ar an toirt iad cuireann sé as don díleá agus don tsláinte.
Tá éisc agus éin feicthe ag na heolaithe agus fáinní channaí na ndeochanna thart ar a muineál, iad i bhfostú iontu ó bhí siad óg. Mar a théann siad i méid, tachtfar iad nó caillfear iad cheal a ndóthain lena gcothú in ann dul síos ina mbolg.
Níos scanrúla fós, tá máithreacha na farraige ag cothú a gclann óg ar na gráinníní plaistigh ag ceapadh gur planctón iad ach mo léan, bás leis an ocras agus easpa cothaithe an toradh.
An smaoineodh aon duine againn go mb’fhéidir gur muide is cionsiocair le bás na míolta mara sin a bhásaíonn le cladach? An t-iasc sin atá ar do phláta meas tú an bhféadfadh sé gur buidéal plaisteach Domestos mionghearrtha an béile deiridh a bhí aige?
Níl aon chall domsa dul go dtí an tAigéan Ciúin chun an t-oileán cáiliúil plaisteach siúd a fheiceáil mar ag siúl le cladach dom anseo i gConamara níl ríomh ar an mbailiúchán plaisteach a bhíonn romham – eangacha, rópaí, boscaí éisc, miotóga rubair, bróga, píosaí de charranna, buidéil uisce, crúscaí iógairt, cannaí óil, buidéil ábhar glantacháin agus málaí bruscair.
Chomh maith leis an ualach sin a thagann faoi thír leis an taoille, tá an carnán a chaitheann ár muintir féin le cladach le contráth na hoíche. Bláthanna saorga cois reilige, dealbha beannaithe atá díchoimisiúnaithe, paicéid na dtoitíní, boscaí bia sciobtha, buidéil bhriste an óil faoi choim agus bruscar an tí nach ligfeadh an leisce, an cruas nó an easpa tuisceana dúinn a chur amach roimh an leoraí bruscair.
Níos aistí fós bíonn cuid den bhruscar tí pacáilte go néata i málaí plaisteacha beatha beithíoch. Ach an dtabharfadh an dumpálaí faoi choim cannaí agus plaisteach dá chuid beithíoch?
Inniu, lá an Bhuiséid, d’fhéadfadh an Rialtas seo an fhadhb sin a mhaolú. Cáin 100% nó 200% a chur ar earraí plaisteacha. Tá mé in ann ocht mbuidéal plaisteach uisce a cheannach san ollmhargadh faoi €3 – sin praghas bréige. Ní chuirtear táirgeadh an phlaistigh ná costas scrios na timpeallachta san áireamh. An buidéilín uisce sa siopa áitiúil ar €1.50, cuir a oiread eile cánach air agus tabharfaidh muid buidéal gloine linn ón mbaile an-scafánta.
Cloisim thusa a deir nach bhfuil an t-uisce i do sconna le n-ól. Níl ar ndóigh, ach meas tú cé a chac sa tobar?
An mbeidh an t-iasc sa bhfarraige le n-ithe má choinnímid orainn?
Tuilleadh cánach, a Aire Airgeadais le do thoil!
Sean
Dream salach brocach sprionnlaithe sinn.
traolach
Ta se an-deacair ealu on bplaisteach sa la ata inniu ann….daoine plaisteacha go hairid.
serendipity@gmail.com
Agus nil aon phlaisteach ag an udar sa mbaile, na nil aon charr aici. Udar ionghlan
meanaicmeach ceartchreidmheach eile ag preitseail. Nach bhfuil a fhios aici go bhfuilimid fu**ed.