Tuilleadh aicsin chugainn agus na hiomaitheoirí ag súil le dul chun cinn

Pé foireann a bhuafaidh ar Luimneach beidh orthu a bheith láidir, fisiciúil, tapaidh, cruinn agus thar a bheith aclaí

Tuilleadh aicsin chugainn agus na hiomaitheoirí ag súil le dul chun cinn

Aaorn Gillane (Luimneach) agus Daithí Burke. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Beidh féasta spórt Gaelach againn arís an deireadh seachtaine seo. Cuirfear tús leis an tsraith peile agus beidh babhta a dó den tsraith iomána againn.

Bhí an t-ádh ar na foirne a bhí ag imirt an Satharn seo caite agus an dea-aimsir acu. Cheapas, go raibh caighdeán na hiománaíochta maith go leor i gcoitinne ar an Satharn agus gan ach trí seachtaine traenála déanta acu. Bheinn sásta go leor dá mba mé John Kiely agus cé go raibh taispeántas Thiobraid Árann an-dearfach, is dócha go rabhadar ag brath an iomad ar fad ar chruinneas Jason Forde leis na pocanna saora As 14 cúilín tháinig 11 díobh ó phocanna saora.

Bhí an Ghaillimh ina máistrí ar fad i gcoinne na hIarmhí ach tháinig scór an chluiche ó Chiarán Doyle (11 na hIarmhí) nuair a bhuail sé an sliotar gan breith air thar an trasnán agus é dhaichead a cúig méadar amach gar go leor don taobhlíne. An rud is annamh i ré seo na seilbhe.

Sa chluiche eile ar an Satharn b’ionann an scéal a bhí ag foireann Átha Cliath agus na cluichí eile a bhí acu in aghaidh na gCat le tamall anuas. Thugadar dúshlán Chill Chainnigh ar feadh tamaill ach sáraíodh ar deireadh iad.

Ó thuaidh ar an Domhnach a bhí bua gan choinne an deireadh seachtaine nuair a fuair iománaithe Aontroma an ceann is fearr ar na Cláirínigh a raibh turas fada curtha díobh acu. Bhí mórán le moladh faoi bhua Aontroma agus chonaiceamar taispeántas uathu a bhí lán le spiorad. D’fhéadfainn an abairt chéanna a úsáid faoi Chorcaigh, chonaiceamar imirt an-spleodrach agus fir na nDéise ar cuairt.

Ag baile thaispeáin Loch Garman nach bhfuil deireadh déanta acu fós faoi Davy FitzGerald agus iad rómhaith do chontae Laoise.

Bhain conspóid an deireadh seachtaine, más conspóid a bhí inti, le riail nua an bhuntáiste seachas le riail an loca pionóis. Bhí mórán tuairimí faoi sna meáin éagsúla agus iad go léir diúltach. Bhí an cheist chéanna ag gach duine – ‘cá raibh an buntáiste?’. Coimeádfaimid súil ar an riail sin sna seachtainí amach romhainn, agus beimid ag faire conas mar a chuirfidh na réiteoirí an riail i bhfeidhm.

Beidh an chéad chluiche i mbabhta 2 de Roinn 1 thíos i bPáirc Tom Semple i nDurlas Éile agus Corcaigh ag teacht ar cuairt. Bhí an dá fhoireann maith go leor seachtain ó shin agus tabharfaidh an cluiche seo níos mó fianaise dúinn ar conas atá acu i gcomparáid le Luimneach.

Níos luaithe sa tráthnóna beidh Baile Átha Cliath ag teacht chun Laois a imirt, cluiche atá an-tábhachtach don dá fhoireann.

Ar an Domhnach a gheobhaimid tuiscint níos fearr ar chumas na Gaillimhe nuair a thabharfaidh siad a n-aghaidh ar an bhfoireann is fearr sa tír le cúpla bliain anuas, Luimneach.

Ar ndóigh caithfidh go raibh Gaillimh sásta lena dtaispeántas i gcoinne na hIarmhí ach freasúra ar leibhéal eile ar fad a bheidh rompu amárach. Tá an tuairim ann i measc sciar de phobal na hiomána gurb iad an Ghaillimh an t-aon fhoireann amháin a bheadh láidir agus fisiciúil go leor do Luimneach i mbliana.

Nár bhreá dá mbeadh sé chomh simplí leis sin? Ach tá cuid den fhírinne ann mar pé foireann a bhuafaidh ar Luimneach beidh orthu a bheith láidir, fisiciúil, tapaidh, cruinn agus thar a bheith aclaí. Mar bharr air sin caithfidh flosc chun oibre a bheith orthu agus caithfidh an chomhimirt agus dáileadh tapaidh na liathróide a bheith go diail acu.

Feicfimid conas a bheidh ag an Ghaillimh amárach.

Amárach freisin beifear ag súil feabhas ó chontae an Chláir agus iad in aghaidh Loch Garman an uair seo. Beidh dúshlán níos mó roimh Aontroim i bPáirc Uí Nualláin in aghaidh na gCat.

Beidh deis ag Port Láirge agus iad sa bhaile i gcoinne na hIarmhí a chruthú nach aon ‘blip’ná míorúilt a bhí inar tharla in aghaidh Laoise seachtain ó shin.

 

Fág freagra ar 'Tuilleadh aicsin chugainn agus na hiomaitheoirí ag súil le dul chun cinn'