Tugaimis seanainmneacha Gaelacha ar ár gcuid gabhar féin

Bíonn an-tóir ag gabhair ar aiteann agus sin é an fáth ar shocraigh Comhairle Contae Fhine Gall iad a thabhairt isteach leis an aiteann a choinneáil lomtha

Tugaimis seanainmneacha Gaelacha ar ár gcuid gabhar féin

Tugaim faoi deara go bhfuil gabhair curtha ar chnoc i mBinn Éadair féachaint an gcuideoidís le loscadh sléibhe sa gceantar sin a chosc.

Tinte aitinn is mó a dhéanann damáiste ann. Bíonn ola san aiteann agus is éasca leis dó. Bhí tinte aitinn i mBinn Éadair ar feadh míosa an samhradh seo caite. Dódh 65 acra idir Meitheamh agus Iúil. Chosain sé €250,000 na tinte sin a smachtú.

Bíonn an-tóir ag gabhair ar aiteann agus sin é an fáth ar shocraigh Comhairle Contae Fhine Gall iad a thabhairt isteach leis an aiteann a choinneáil lomtha. Cúig ghabhar agus fiche atá acu faoi láthair. Tá siad ag súil go mbeidh a dhá oiread sin acu san earrach seo chugainn. Tionscadal trí bliana atá i gceist.

D’fhógair an Chomhairle Contae post mar aoire gabhar agus chuir 100 duine isteach air. Bean darbh ainm Melissa Jenken a fuair an post. Tá an-suim go deo ag Melissa san obair atá le déanamh aici. Gheall sí nach gcuirfeadh na gabhair bac ar bith ar thurasóirí a bheadh ar an gcnoc ach d’iarr sí orthu smacht a choinneáil ar a gcuid madraí agus gan aon ghreim bia a thabhairt do na gabhair.

As an Mala Raithní i gContae Mhaigh Eo a tháinig na gabhair. Tá eagraíocht dheonach ansin atá ag iarraidh an seanghabhar Gaelach a shábháil. Seo é an gabhar a bhí in Éirinn leis na cianta cairbreacha. Is é a bhí ag an dream a chuir claíocha ar Achadh Chéide agus ag na daoine a bhí ag obair i mBrú na Bóinne.

Ach bhí an chontúirt ann go rachadh an mianach sin in éag de bharr gur tugadh cineálacha eile isteach sa tír i ndeireadh an 19ú haois. As Sasana a tugadh iad trí Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste. Scaip siad ar fud na tíre agus thóg siad áit na seanghabhar de réir a chéile.

Sa mBoireann i gContae an Chláir sa mbliain 2006 a bunaíodh an eagraíocht leis na gabhair dhúchasacha a shlánú. Níor éirigh go maith leis an iarracht sin agus díríodh ar an Mala Raithní sa mbliain 2012.

Tugadh faoi deara cuid de na gabhair dhúchasacha ag imeacht fiáin ar na sléibhte ann. Bhí crosphórú tarlaithe ach bhí an oiread den DNA fágtha go bhféadfaí próiseas síolraithe a thosú.

Tá ionad léirithe gabhar ar an Mala Raithní freisin. Bíonn sé ar oscailt seacht lá na seachtaine ó Bhealtaine go Nollaig.

Is gearr ó bhí mé ag cur síos sa gcolún seo ar ghabhair a bheith curtha ar shleasa na gcnoc i gCalifornia le fásra a mbeireann an tine air ansin a choinneáil ite.

Tugadh ainmneacha galánta ar chuid de na gabhair i gCalifornia – Chewy, Spot, Pokey, srl.

Tá súil agam nach dtabharfaidh Comhairle Contae Fhine Gall aon aird ar na hainmneacha céanna agus go mbaistfidh iad seanainmneacha Gaelacha ar a gcuid gabhar féin.

Nár mhaith an beart dá dtabharfaidís Méabh, Macha, Fionnghuala, Gormfhlaith, srl ar na minseacha agus Mannanán, Caoilte, Goll, srl ar na pocaidí?

Seo roinnt fíricí eile faoin seanghabhar Gaelach:

  1. Bíonn fo-bhrat caismíre air faoina chuid fionnaidh fhada a choinníonn te é nuair a bhíonn an aimsir fhuar ann.
  2. D’fhéadfá aois gabhair acu a dhéanamh amach ó na fáinní a bhíonn ina chuid adharc.
  3. Thabharfadh minseach acu a bheadh coinnithe in aice an tí 200 galún bainne sa mbliain.
  4. Chuirtí go leor acu ar an margadh i Sasana agus in Albain fadó.
  5. Gabhar baineann a bhíonn i gceannas ar an tréad. Fanann na pocaidí ina mbaitsiléirí astu féin cuid mhaith den bhliain.

B’fhéidir gur cheart do ghluaiseacht na mban glacadh leis an seanghabhar Gaelach mar shiombail.

Fág freagra ar 'Tugaimis seanainmneacha Gaelacha ar ár gcuid gabhar féin'

  • Sean ÓM

    Leabhar nua do ghasúir:
    “Gobnait an Gabhar Gaelach”