Tá go leor cainte déanta le seachtain anuas faoina raibh le clos ag seoladh oifigiúil thuarascáil bhliantúil Chumann na nImreoirí (GPA) i rith na seachtaine seo.
Líonadh colúin i bpríomhleathanaigh spóirt na nuachtán go léir leis an méid a bhí le rá ag Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Dessie Farrell, faoi cheisteanna ar nós maoiniú agus teacht isteach an GPA, mar a thugann siad faoina bhfeachtais bailithe airgid, agus cesiteanna faoi cad air a gcaitheann siad a gcuid airgid? Agus gan amhras cad atá sa bhféachaint as seo go ceann tamaill don GPA.
Toisc go bhfuil ról chomh lárnach sin acu in imeachtaí agus i bhfís Chumann Lúithchleas Gael le tamall anois, is dócha go gcaithfí géilleadh go bhfuil an aird atá á fháil acu dlite dóibh.
Ach conas, leis an gcaint ar fad faoin GPA, go n-imigh sé geall le bheith i ngan fhios dúinn go bhfuil Cumann na mBanimreoirí (WGPA) bunaithe chomh maith agus gur gearr uainn an lá go mbeidh a nguth le clos?
Ainneoin a bhfuil bainte amach le seachtainí anuas ag foirne agus imreoirí éagsúla i spórt na mban, is beag cainte atá á dhéanamh faoi cheann de mhórimeachtaí na linne chomh fada is a bhaineann leis na cluichí Gaelacha.
B’fhéidir go bhfuil taithí ar ról an íochtaráin fachta acu siúd atá sáite i spórt na mban ach le bunú Chumann na mBan Imreoirí, táthar ag súil go mbeidh stádas agus ar a laghad cúinsí pearsanta agus cúinsí imeartha i bhfad níos fearr i ndán dos na mná atá ag plé le spórt sa tír seo.
In agallamh a thug sé i nuachtán an Irish Examiner i bhfíorthús na bliana seo, thagair bainisteoir fhoireann peile Chorcaí, Eamonn Ó Riain, dos na híobairtí a dheineann banpheileadóirí Chorcaí.
Is iad seo an fhoireann a bhfuil oiread bainte amach acu sa pheil Gaelach ná fuil áireamh air agus an fhoireann chéanna a hainmníodh ag deireadh na bliana seo caite don mbuaicghradam ‘Foireann Na Bliana’ ag oíche na ngradam spóirt ag RTÉ.
Ní dóigh liom go n-áiteodh aoinne nach raibh an gradam céanna thar a bheith tuillte acu.
D’aithneofá ón tslí a labhair Éamonn san agallamh faoin bhfoireann go dtuigeann an uile dhuine acu fíorbhrí agus bunéirim an spóirt ann féin.
Daoine iad seo a thugann faoina ndúshláin beag beann ar aitheantas agus ar ainm in airde a bhaint amach dóibh féin.
Is beag cnáimhseáil a dheineann siad faoi na bacanna breise a chuirtear rompu agus nuair a bhuann siad, bíonn an umhlaíocht chéanna iontu is a bhí nuair a thosnaíodar amach beagán le cois deich mbliana ó shoin.
Níl aon tuairim agam an mó ball de phainéal imreoirí Chorcaí atá ina mbaill de chumann nuabhunaithe na mbanimreoirí, an WGPA, ach más aon slat tomhais torthaí suirbhé a deineadh i measc na mban atá ag imirt camógaíochta agus peil na mban anuraidh, níl aon amhras ná go bhfuil cúis cnáimhseála agus lón leithscéil ann don té a mbeadh san uaidh.
Léirigh 33% den mbeagnach 600 imreoir a ghlac páirt sa tsuirbhé gur minic ná bíonn bunriachtanais ar nós cith te ar fáil dóibh tar éis traenála. Thug 62% le fios nach bhfaigheann siad aon chúiteamh ar chostaisí a bhaineann le gortuithe a chneasú agus ní raibh ach 7% díobh siúd a ceistíodh ag fáil costaisí taistil d’aon tsaghas.
Ghlac 82% des na himreoirí páirt i bhfeachtais bailithe airgid don mbia, don bhfeisteas agus dos na costais éagsúla a ghaibheann lena gcuid imeartha agus ceannaíonn 88% d’imreoirí camógaíochta a gcuid camán féin.
Ní haon iontas, mar sin go mbeadh 99.6% dos na mná a ceistíodh ar son cumann ionadaíoch a bhunú don imreoir idirchontae.
Deir an cumann nua go bhfuil trí bhunaidhm acu:
- Cúinsí pearsanta agus cúinsí imeartha níos fearr a chruthú don imreoir contae ar an bpáirc agus lasmuigh dhi.
- Aitheantas agus meas níos mó a bhaint amach don imreoir contae agus.. .
- Ionadaíocht a bhaint amach ar eagraíochtaí eile a dheineann cinntí faoi chluichí na mban.
Seolfar cumann an WGPA in amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath amárach.
Go n-éirí go geal leo.
Séamas Mac Coitir
Tá an t-alt atá scríofa ag Dara Ó Cinnéide sa chás seo ar fheabhas agus uileghabhálach, agus cumhdaíonn sé chuile ghné den ábhar atá i gceist aige. Níl mórán go bhféadfainnse a chur leis ach amháin gur cheart saoráidí agus conláistí níos fearr a chur ar fáil do na mná, go háirithe cithfholchaí, agus coinníollacha níos fearr i gcoitinne. Ba cheart go bhfaighidís liúntas cothaithe agus costais taistil a bheadh i gcomhréir leis an gcaiteachas a ndeachaigh siad faoi. Bíonn na húdaráis atá i gceannas Chumann Lúthchleas Gael fíorsprionlaithe maidir leis an gcaoi a chaitheann leis na banimreoirí, gan a chur san áireamh na híobairtí ollmhóra a dhéanann siad. Ba cheart feachaint chuige go mbeadh cumhdach árachais cuimsitheach ar fáil sa ghnáthshlí, mar go bhféadfadh sé tarlú go gcaithfeadh banimreoir tamall fada in ospidéal de bharr gortuithe a bhainfeadh di ar pháirc na himeartha. Bíonn cúrsaí tí agus urláir i gceist freisin, agus sa lá atá inniu ann bíonn a ndóthain le déanamh de bharr ciorruithe srl. ag gach imreoir riar ar an riachtanas. Sin é mo scéal go nuige seo..Séamas Mac Coitir.