Tubaistí agus éachtaí shaol an fhaisin in 2015

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí na pearsana faisin a chuaigh i gcion uirthi le linn na bliana seo

Is nós é i dtrátha an ama seo i gcónaí breathnú siar ar an mbliain atá caite agus aitheantas a thabhairt do na laochra nó na hócáidí a mbeidh cuimhne againn orthu. Tá mo rogha féin don bhliain 2015 déanta agamsa as saol an fhaisin.

Mainicín na bliana – Jourdan Dunn

Tháinig méadú mór le linn na bliana ar an cháil atá ar mhainicíní ar nós Gigi Hadid agus Kendall Jenner ach níl amhras ar bith orm go bhfuil an gradam mar mhainicín na bliana tuillte go maith ag Jourdan Dunn. Tá sí i mbarr a maitheasa anois agus an phríomhdhuais mar mhainicín bronnta uirthi ag na British Fashion Awards den dara huair.

Ag siopadóireacht in Primark a bhí sí agus gan í ach 15 bliana d’aois nuair a thug gníomhaire ó Storm Model Management suntas di. Ní fada a thóg sé go raibh sí ina réalta ar rúidbhealaigh faisin agus í ag obair do dhearthóirí móra ar nós Marc Jacobs agus Ralph Lauren. Is liosta le háireamh iad na comhlachta ar oibrigh sí dóibh ó shin – Burberry, Balmain, Topshop agus Victoria’s Secret. Tá mac amháin aici, Riley, a bhfuil ainéime chorráncheallach ag cur as dó agus déanann sí obair mhór charthanachta don chúis sin.

Dearthóir faisin na bliana – Olivier Rousteing ó Balmain

Chuir an cóisir ollmhór mar cheiliúradh ar a lá breithe agus é 30 bliain d’aois bailchríoch ar bhliain iontach don dearthóir Olivier Rousteing. Bhí na pearsana móra le rá ar fad ag an gceiliúradh; na Kardashians, Kendall agus Kylie Jenner, Cara Delevingne, Rosie Huntington-Whiteley agus cuid de mhainicíní Victoria’s Secret.

D’éirigh go hiontach leis na seónna faisin a bhí aige don chomhlacht Balmain ar a bhfuil sé ina stiúrthóir cruthaitheach.

Is é an ceangal a bhunaigh sé le H&M is mó a sheas leis i mbliana. D’fhág an bailiúchán a dhear sé do H&M go mbeadh deis ag gnáthdhaoine éadaigh de bhunús Balmain a cheannach agus a chaitheamh.

B’iontach an dul chun cinn a rinne an fear seo, a thóg lánúin ón Fhrainc ar altramas é agus é ina dhílleachta óg, ina ghairm beatha. Bhí súil ag an lánúin sin gur leis an dlí a rachadh sé ach roghnaigh sé saol an fhaisin dó féin. Fear ildánach é a bhfuil ceithre theanga ar a thoil aige agus 1.7 milliún leantóir aige ar Instagram.

Fashionista na bliana

Seans gur cleasaíocht agam é beirt a roghnú don ghradam seo ach ba dheacair an cúpla Mary-Kate agus Ashley Olsen a shárú mar ‘fashionistas’ na bliana.

Tá an bheirt deirfiúracha a bhain cáil amach ar dtús mar aisteoirí sa tsraith Full House i measc na ndaoine is saibhre i dtionscal na siamsaíochta anois. Bhunaigh siad an comhlacht ‘Dualstar’, a léirigh a gcuid scannán agus clár teilifíse. Tá dhá chomhlacht faisin anois acu freisin – ‘The Row’ (ainmnithe as Savile Row i Londain) agus ‘Elizabeth an James’ (ainmnithe as deartháir agus deirfiúr leo).

Níl dabht ar bith gurb iad a bhíonn i dtús áite i gcónaí agus iad a leagan síos an treocht ó thaobh stíle de; bíonn súile na meán agus an phobail orthu ag ócáidí móra. Má bhíonn deirfiúracha Olsen ag caitheamh dath nó dearadh áirithe, ní fada go mbeidh daoine eile ag leanúint a sampla.

NEW YORK, NY - MAY 04: Mary Kate and Ashley Olsen attend the "China: Through The Looking Glass" Costume Institute Benefit Gala at the Metropolitan Museum of Art on May 4, 2015 in New York City. (Photo by Jamie McCarthy/FilmMagic)
NEW YORK, NY – MAY 04: Mary Kate and Ashley Olsen attend the “China: Through The Looking Glass” Costume Institute Benefit Gala at the Metropolitan Museum of Art on May 4, 2015 in New York City. (Photo by Jamie McCarthy/FilmMagic)

Tubaiste Faisin na bliana

Más fúinn aitheantas a thabhairt d’éachtaí stíle na bliana, caithfear na tubaistí a aithint freisin agus níl amhras ar bith faoin duine ar cheart an gradam a fháil do thubaiste na bliana 2015 –  Miley Cyrus.

Is beag éadach a chaitheann sí ar aon nós ach nuair a theann sí thar fóir, déanann sí praiseach cheart ar fad, mar a rinne sí agus í ag cur i láthair na duaiseanna d’fhíseáin cheoil, na gradaim VMA ag MTV.

Is leor an méid a scríobhadh ar an Daily Mail faoin amhránaí 22 bliain d’aois a léamh le go dtuigfí cén chúis a mbeadh an ‘duais’ seo tuillte aici.

Dúradar gur chaith sí “almost nothing at all, with silver braces covering her exposed breasts and a loincloth of stage jewellery somewhat preserving her modesty down below, though thankfully it appeared she was also wearing a flesh coloured undergarment too”.

I measc na roghanna eile feistis a bhí á gcaitheamh aici ar an oíche sin, bhí bosca (in áit gúna) a raibh dathanna an tuar cheatha air, agus culaith bándearg latex agus srón muice ar a cloigeann!

Cleachtas buile na bliana – smideadh ‘clown contouring’

Is minic a thagann cleachtais aisteacha chun cinn i gcúrsaí smididh ach bhí an nós a chuir an t-ealaíontóir smididh Bella DeLune ó YouTube tús leis ar cheann de na cinn is neamhghnáiche le fada. ‘Clown contouring’ a baisteadh ar an gcur chuige nua seo.

Ar an gcéad amharc, bheadh an chuma ar an scéal go raibh an smideadh curtha ar dhuine mar a bheadh aghaidh bréige ar fhear grinn i sorcas, ach déantar é a mheascadh agus bíonn toradh álainn air. Tá an cleachtas seo á scaipeadh go tréan, go háirithe ar Instragam agus daoine ag tógáil féiníní agus ‘Clown contouring’ ar bun acu.