‘Tubaisteach’ – saighdiúirí Iosrael ag leanacht leis an tóraíocht in ospidéal Al-Shifa 

Dúirt finné amháin leis an BBC go raibh saighdiúirí ‘ar fud na mball’ san ospidéal  agus iad ‘ag scaoileadh i ngach treo’ 

‘Tubaisteach’ – saighdiúirí Iosrael ag leanacht leis an tóraíocht in ospidéal Al-Shifa 

Tá saighdiúirí Iosrael ag leanacht leis an tóraíocht in ospidéal Al-Shifa i gcathair Gaza, an t-ionad leighis is mó i Stráice Gaza.  

Dúirt stiúrthóir an ospidéil, Muhammad Abu Salmiya, go raibh an méid a bhí ag tarlú ann “tubaisteach”.  

Ag labhairt dó le Aljazeera, dúirt Muhammad Abu Salmiya, go raibh 650 othar san ospidéal, 45 othar scagdhealaithe duán agus 36 leanbh réamhaibí. Dúirt sé go raibh na hothair “ag caoineadh” ag iarraidh uisce agus bia.   

500 oibrí sláinte agus 5,000 teifeach a bhí san ospidéal, a dúirt sé. 

Dúirt finné amháin leis an BBC go raibh saighdiúirí “ar fud na mball” san ospidéal  agus iad “ag scaoileadh i ngach treo”. 

Seo an dara lá cuardaigh ag arm Iosrael san ospidéal agus tá cosc curtha acu ar aon duine an áit a fhágáil. 

Séanann Hamas go bhfuair na saighdiúirí aon arm san áit ach tá sé á mhaíomh ag Iosrael gur aimsíodar arm san ospidéal inné.   

Ag deireadh na míosa seo caite a dúirt Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) go raibh a bpríomh-bhunáit ag Hamas sna tolláin thíos faoi ospidéal Al-Shifa. Thaispeáin an t-arm sin samhaltú 3D ag léiriú na dtolláin faoi thalamh agus na seomraí rialúcháin a mhaíonn siadsan a bheith faoin ospidéal.  

Dúirt urlabhraí de chuid an IDF go raibh nasc ón ospidéal go dtí na tolláin agus go raibh “fianaise phraiticiúil” acu go ndeachaigh trodairí Hamas i bhfolach san ospidéal tar éis na n-ionsaithe ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. 

Dúirt údaráis na Stát Aontaithe go dtagann a gcuid faisnéise féin le ráiteas Iosrael faoi ospidéal Al-Shifa a bheith á úsáid ag Hamas – líomhain atá séanta go mion minic ag Hamas.  

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach raibh ach deireadh amháin a d’fhéadfadh a bheith leis an gcaismirt idir Iosrael agus Hamas agus sin go mbeadh stát Palaistíneach ann a bheadh ina stát “dáiríre” agus é ag feidhmiú taobh le taobh le stát Iosrael.  

“Déarfaidh mé rud amháin leat, ní dóigh liom go gcríochnóidh sé seo go dtí go ndéanfar socrú an dá stát,” a dúirt Joe Biden. 

Tá Biden ag diúltú sos cogaidh a éileamh, agus é ag áitiú go n-ionsódh Hamas Iosrael arís agus arís eile mar “nach bhfuil sé réalaíoch a cheapadh go bhfuil siad [Hamas] ag gabháil ag stopadh agus nach ndéanfaidh siad tada eile”. 

D’fhógair Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) ar Telegram gur bhuamáil scairdeitleáin chogaidh Iosrael teach Ismael Haniyeh in Gaza, fear atá ina cheannaire ar oifig pholaitiúil Hamas.  

Meastar gurb é Ismael Haniyeh atá ina cheannaire ar fad ar an ngrúpa míleata ach ní dóigh go raibh sé ina theach in Gaza mar sa Chatar atá sé ina chónaí le roinnt blianta. 

Mhaígh an IDF go raibh a theach “á úsáid mar infreastruchtúr sceimhlitheoireachta agus gur mhinic a bhíodh sé ina ionad cruinnithe ag ceannairí sinsearacha Hamas”. 

Thosaigh an troid is déanaí nuair a thug trodairí Hamas agus grúpaí míleata eile ruathar ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus mharaigh thart ar 1,200 duine. D’fhuadaigh na grúpaí sin thart ar 240 duine eile, idir óg is aosta.  

Níor chuir an aireacht sláinte in Gaza figiúirí na marbh ar fáil le sé lá mar go bhfuil cliste ar na seirbhísí cumarsáide agus ospidéil sna críocha sin, a dúradh i ráiteas ó Oifig Chomhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe (OCHA). Ar an 10 Samhain dearbhaíodh go raibh 11,078 duine básaithe de bharr na troda agus gur leanaí 4,506 díobhsan agus mná 3,027 eile díobh. Fógraíodh an la céanna sin go raibh 27,490 Palaistíneach leonta.  

Bhí cruinniú ag comhairle slándála na Náisiún Aontaithe chun tacú le rún a iarrann “go gceadófaí sosanna daonnúla comhraic ar feadh dóthain laethanta le go mbeadh áiméar ag lucht fóirithinte cúnamh a thabhairt isteach” go dtí na críocha atá faoi léigear.   

Fág freagra ar '‘Tubaisteach’ – saighdiúirí Iosrael ag leanacht leis an tóraíocht in ospidéal Al-Shifa '