An Tánaiste ina ‘bod’ ag tuaiplis AI
Ná cuir méar i do shúil féin, a deir an seanfhocal, ach is í an ordóg ba chionsiocair leis an tubaiste a bhain don Tánaiste Simon Harris an tseachtain seo agus é ag brú postáil ar na meáin shóisialta gan aird cheart aige ar an ábhar a bhí á eisiúint aige.
Thug sé cuairt ar Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh an tseachtain seo caite agus ceanncheathrú nua Scoil na nDaltaí á hoscailt go hoifigiúil aige. I measc na ngrianghraf a tógadh ag an ócáid bhí ceann ina raibh an Tánaiste ag seasamh taobh thiar de léachtán agus baill d’Óglaigh na hÉireann ag seasamh taobh thiar dó.
Bhí go maith is ní raibh go holc nó go ndearna an Tánaiste leagan cartúin den ghrianghraf agus gur chuir sé suas ar na meáin shóisialta é ar an deireadh seachtaine. Tá an chuma ar na cartúin gur baineadh úsáid as scagaire ealaíne AI lena dhéanamh.
Ní raibh mórán dochair déanta, seans, ach amháin go raibh mana Scoil na nDaltaí scríofa ar an léachtán sa bpictiúr – ‘An Ród so Romham’. Líne í sin ón dán ‘Fornocht do Chonac Thú’ le Pádraig Mac Piarais, dán inar scríobh sé faoin íobairt a bhí roimhe sa troid ar son na hÉireann.
Faraor ní raibh dánta an Phiarsaigh ar eolas ag an scagaire AI agus d’athraigh sé an ‘R’ isteach ina ‘B’. Bhain sé an síneadh fada den ‘o’ freisin. Ní ‘ród’ a bhí roimhe níos mó, ach rud éigin eile ar fad.
Bhain an eachtra gáire as urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta agus Ealaíon Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, T.D. a d’eisigh ráiteas inar dhúirt sé gur chóir don Tánaiste na focail a bhí os a chomhair féin agus os comhair na saighdiúirí a bhí ag seasamh taobh thiar dó a sheiceáil sula ndearna sé iarracht a bheith “cúláilte” ar na meáin shóisialta.
Dúirt Ó Snodaigh go raibh gach duine i dteideal spraoi a bheith acu ar na meáin shóisialta ach gur díol trua é an Tánaiste a bheith “ag tabhairt ‘Bod’ air féin i gcartún”. Léiriú a bhí ann, dar le Ó Snodaigh, ar cé chomh gafa is a bhíonn Simon Harris ag lorg ‘likes’ seachas a bheith “ag iarraidh a phost a chomhlíonadh go héifeachtach.”
Ní raibh na pictiúir thuas i bhfad ag an deireadh seachtaine nuair a cuireadh an botún in iúl don Tánaiste. Sea, ná cuir méar i do shúil féin a deirtí, ach in aimsir seo na bhfón cliste is ar an ordóg a chaithfear súil a choinneáil.
Laethanta na Bó Riabhaí
Níor maraíodh aon bhó riabhach i mbliana agus an aimsir bhreá tagtha leis an gcéad trí lá de mhí Aibreáin. Tá sé geallta go maith an chuid eile den tseachtain seo freisin.
Laethanta na Bó Riabhaí a thugtar sa mbéaloideas ar an gcéad trí lá den Aibreán. Tá go leor tagairtí i mBailiúchán na Scol ar Duchas.ie do na scéalta a bhaineann leis na laethanta seo ag deireadh mhí an Mhárta agus tús an Aibreáin.
Deirtear gur ar an aonú lá déag de mhí an Aibreáin a bhíodh deireadh le mí an Mhárta, an sean-Mhárta a thugtaí air. De réir scéil amháin a bailíodh ón múinteoir Tomás Ó Floinn i mBaile Mhic Airt sa Rinn, thug an tseanbhó trí léim le háthas nuair a bhí an Márta thart mar gur shíl sí go raibh deireadh leis an drochaimsir is go raibh sí tagtha slán trí gheimhreadh eile.
Chuir sé olc ar an Márta nuair a chonaic sé an bhó ag imeacht léi go caithréimeach is d’iarr sé trí lá eile ar an Aibreán agus é ag iarraidh deireadh a chur leis an mbó, pébí céard a rinne an créatúr sin air. Bhí an tAibreán níos flaithiúla is thug dhá lá dhéag don Mhárta agus é de chead aige an drochaimsir a shíneadh amach níos faide. Trí lá den drochaimsir a thóg sé le deireadh a chur leis an tseanbhó bhocht. Tugtar laethanta na Bó Riabhaí ar an gcéad trí lá den Aibreán ó shin.
Ba dheas iad na ba a fheiceáil an tseachtain seo agus iad sínte siar go suaimhneach sna garrantaí agus iad ag sú na gréine. Tá sé saothraithe go maith acu i ndiaidh an gheimhridh chrua.
Uibheacha Cásca agus costas an chócó
Tá seilfeanna na n-ollmhargaí á líonadh le huibheacha Cásca gach áit a ngabhfaidh tú. Líontar polláirí le boladh milis na seacláide chomh luath is a shiúlann tú isteach sa siopa agus d’aghaidh agat ar choirnéal na nglasraí.
Níor mhór do dhuine púicín a chur orthu féin agus iad ag iarraidh siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh le nach líonfaidh siad an ciseán le hiontaisí na Cásca. Tá siad leagtha amach ar bhealaí chomh tarraingteach, is tá ceanna móra agus ceanna beaga ann agus iad ildaite, cinn déanta as seacláid bhán agus seacláid charamail agus tá mé mar a bheadh páiste sa mhonarcha seacláide.
Chaith muintir na hÉireann €24.6 milliún ar uibheacha Cásca anuraidh. Is mór an méid seacláide é sin. Táthar ag rá i mbliana go mbeidh ardú ar an bpraghas ar na huibheacha Cásca mar go bhfuil costas an chócó imithe suas go mór le bliain anuas. Is cosúil go raibh $2,300 ar thona cócó dhá bhliain ó shin agus gur costas $10,500 atá anois air.
Déarfá leat féin ar dtús nach raibh aon dochar ansin dá laghdódh sé líon na n-uibheacha Cásca atá á n-ithe againn faoi Cháisc. Ach is cosúil go bhfuil an t-ardú sa bpraghas ag cur isteach ar go leor de na gnólachtaí beaga Éireannacha agus cuid acu ag dúnadh mar nach bhfuil siad in ann na costais bhreise a sheasamh.
Tá comhlachtaí Éireannacha a dhéanann táirgí seacláide tagtha chun cinn go mór le blianta beaga anuas. Is cosúil gur tháinig borradh fúthu le linn na dianghlasála. Tá cáil bainte amach ag leithéidí Skellig Chocolates agus Grá Chocolates agus réimse mór táirgí acu atá ar fáil coitianta go maith i siopaí ar fud na tíre. Feicim go bhfuil siadsan ag cur táirgí Cásca ar fáil i mbliana, agus ní fhéadfadh duine iad a fhágáil ar an tseilf. Ar son na cúise, ar ndóigh.
Pat Butler
I ndeireadh na dála – fuair Simon i gceart é.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Bhuel, a leithéid sin de ábhar magaidh! :-)
Breathnóir1
Níl ann ach scéal beag amaideach, is dócha, ach ag an am céanna léiriú foirfe é seo ar easpa measa agus tuisceana an Tánaiste don Ghaeilge. Shílfeá go mbeadh Gaeilge ag duine éigin i measc a fhoireann cumarsáide, áfach…