Ní raibh fonn orm an léirmheas seo a scríobh.
Tá a lán rudaí le moladh faoin scannán nua An Taibhse, a maítear gurb é ‘an chéad fhadscannán uafáis Gaeilge’ é. Is geall le carachtar ann féin an teach inar taifeadadh é, Teach Chúil Aitinn, láthair scannáin den scoth.
Tá an chineamatagrafaíocht ar áilleacht. Tá sé scanrúil. Tá íomhánna láidre mealltacha ann. Ach an Ghaeilge atá ann tá sí go hainnis ar fad ar fad, í dothuigthe agus briste botúnach in áiteanna go leor.
Dírítear ar bheirt sa scéal seo nach léir i dtosach cén gaol atá eatarthu. Máire (Livvy Hill), agus a hathair, Éamon (Tom Kerrisk). Is iad atá le haire a thabhairt do thigh mór tuaithe le linn an gheimhridh. Má chuireann sé sin Overlook Hotel The Shining i gcuimhne duit tá go leor gnéithe eile de scannán Kubrick romhat anseo. Duine ar an iargúil a théann as a mheabhair de réir a chéile. Tigh mór scanrúil lán taibhsí. An ceamara ag leanúint duine siar is aniar trí lúbra dorchlaí. An t-ól. Tua.
Bheadh sé an-éasca dom gan an léirmheas seo a scríobh, d’fhonn gan daoine a mhaslú. Ós rud é gur tuigeadh dom gur mar thogra mac léinn a thosaigh an scannán, shíl mé go mb’fhéidir nár chóir a bheith chomh dian sin air.
Ach tá an scannán le feiceáil i ngnáthphictiúrlanna na tíre anois, léirmheasanna moltacha go leor faighte aige agus an stiúrthóir ag rá gur mhaith leis tríológ bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, tá borradh faoin nGaeilge i saol na healaíne le tamall, agus an chuma ar an scéal go mbeidh go leor tograí úra chugainn ó dhaoine atá ar bheagán Gaeilge. Seachnaíodh ceist na teanga san aon léirmheas Gaeilge a léigh mé faoin scannán seo. Tá an Ghaeilge i An Taibhse tubaisteach. Tá sí chomh lochtach sin gur rídheacair sult a bhaint as nó go fiú an aisteoireacht ann a mheas.
Gaeilge Ultach a bhí sa script is cosúil, blas nach raibh ag cuid de na haisteoirí. Shamhlófá go bhfuil focail go leor á rá acu nár chuala siad ariamh cheana. Bheadh sé suimiúil breathnú ar an script le fáil amach an uaithi sin nó ó na haisteoirí a tháinig na botúin teanga. Is léir nach nós leo an teanga a labhairt.
Is cosúil go raibh aisteoir amháin nach raibh an teanga acu ar chor ar bith ach is fearr a chruthaíonn an duine sin ná an chuid eile. Tá an fhoghraíocht chomh dona sin gur gá brath ar na fotheidil go han-rialta. Fiú nuair nach gá, braitheann an chaint aisteach mínádúrtha stalctha. Tá an rithim, an ton, an tuin, an blas agus an bhéim mícheart.
Níl aon bhealach timpeall air, a chairde, má tá uait scannán Gaeilge a dhéanamh, caithfidh tú aisteoirí a bhfuil labhairt na teanga acu a fhostú, daoine atá compordach á labhairt, lucht na Gaeltachta más féidir é. Ba chóir don stiúrthóir an teanga a bheith acu freisin, ar ndóigh. Mar a luaigh duine liom ina dhiaidh, ní chuimhneodh duine ar scannán Fraincise a dhéanamh agus gan í a bheith ag na haisteoirí. Tá an Ghaeilge in An Taibhse chomh dona sin go milleann sé an scannán ar éinne a bhfuil sí acu. B’fhearr go mór fada dá ndéanfaí i mBéarla é an chéad lá.
Bítear ag gearán os íseal faoi chuid d’ábhar TG4 ar uairibh, nuair a fhostaítear corr-aisteoir nach bhfuil acu ach Gaeilge a chodail amuigh. Bhuel a chairde, geallaim daoibh, ní fhaca Gaeilge An Taibhse leaba faoi dhíon tí lena beo.
An rud is measa faoi ná gur deis amú é, tá an chuid is mó den scannán go maith. Níor caitheadh ach €3,000 air agus éiríonn go han-mhaith leis go físiúil. Tá seatanna fada iontacha ann, agus feictear solas drithleach na gréine sa choill agus timpeall ar an teach ar bhealach níos ealaíonta ná mar a fheictear i mórscannáin go leor de chuid Hollywood. Éacht ar bhuiséad beag.
Tá cúpla mionrud anseo is ansiúd a thabharfadh le fios nach bhfuilimid in aimsir an Ghorta, ach ní thagann siad idir tú is an scéal.
Is féidir go bhfuil an plota pas beag mall sa lár agus tá gnéithe áirithe den scéal nach bhfuil míniú sásúil orthu nó nach nasctar go rómhaith leis an scéal iomlán; an puipéad, an leabhar. Theastaigh uaimse go mbainfí preab asam níos minice ach seans nárbh é sin an sprioc. Cé gur luadh go bpléitear tráma idirghlúine an Ghorta ann níor aithin mé féin cén áit. Ina dhiaidh sin, tá téamaí dorcha go maith ann mar is dual don scannán uafáis.
Deireadh láidir scanrúil. An ceol go maith. An láthair éachtach. Ach ní féidir leis na buanna sin an scannán a tharrtháil ó chríoch dhearóil. Ná bíodh eagla ort, a deirtear go minic le linn An Taibhse. Ambaiste ach go raibh…
Táim ag súil le Fréwaka (Fréamhacha) le Clare Monnelly agus Bríd Ní Neachtain a bheidh sna pictiúrlanna ón 25 Aibreán.
Liamo
Faraor tá chuile rud such ráite agat. Bhí a lán buanna faoin scannán m.sh. scannánaíocht den scoth, teannas cruthaithe go han mhaith acu agus scéal suimiúil ach muna bhfuil Gaeilge ag na haisteoirí cén mhaitheas an tógra seo.
Triúr aisteoir atá sa scannán seo bean amháin agus beirt fhear. Is léir nach raibh Gaeilge ar bith ag an mbeirt fhear agus ní bhfuair siad cabhair foghraíochta ar bith ar nós coitséalaí cainte. Cheap mé go raibh an scripte scríofa i mBéarla agus gur aistríodh go Gaeilge é le Google translate rud éicint eile a. chuir le chuile comhrá a bheith dothuigthe. Deireadh thiar thall tugaim rátaí dó réalta don scannán seo.
jpmorley0@gmail.com
Tagaim leat agus tréasluím do léirmheas leat.
Bhí conach dearg orm, bhí mé oiriúnach le ceangal dáiríre agus mé ag fulaingt leis an scannán seo.
D’imigh mé liom amach roimh an deireadh, mo chuid fola ag coipeadh.
Ba cheart go mbeadh náire ar Tom Kerrisk, go háirithe, as conabhrú ainspianta a dhéanamh ar theanga nár labhair sé agus már chleacht sé riamh ina shaol.
Thug sé ráithe/trí mhí ag iarraidh cló ceart a thabhairt ar a chorp don scannán seo, deir sé linn.
Cén fhaid a thug sé ag iarraidh foghair na bhfocal nó comhréir a thabhairt leis?
Tuigeadh domsa gur scríodh an rud ar fad i mBéarla, buaileadh ‘Gaeilge’ ansin air agus ‘bhuail’ Kerrisk agus an ‘cigire’ a gcuid ‘Gaeilge’ féin ansin anuas air sin.
Is teanga í seo nár labhair aon duine riamh sa saol agus nach labhrófar go deo arís tá súil agam.
(Bhí Lilly/Máire réasúnta maith admhaím.)
NÍ fhéadfá an bladar ‘Gaeilge’ seo a thuiscint gan fotheidil!
Cén fáth nár roghnaíodh aisteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith nó ó dhúchas acu? Ó Chonamara mar shampla?
Tá siad ann go rábach agus go paiteanta, gan aon ainm a lua. Agus ar fud na hÉireann.
Cén fáth ar theastaigh uathu an scannán a dhéanamh i nGaeilge nach Gaeilge í ach briolla-brealla agus manglam gan bhrí?
Chun breis maoine a thuilleamh? Deontas? Patina ‘ealaíonta’ a chur air don margadh eachtrannach?
Cén éachtaint a thugann sé sin dúinn ar an meas atá acu ar ‘ealaín’?
Ar an lucht féachana?
Is scannán uafásach amach is amach é seo ó gach aon taobh…
ní scannán ‘uafáis’ é.
Galamaisíocht gan dealramh le drochscriopt, i dteanga nach dtuigfeadh éinne,
fiú na haisteoirí féin.
I radharc amháin feicimid ‘Daid’, tua á bheartú aige go mbaineann ordóig a choise de féin scun scan (conas a dhéanfá é sin?)
Gach scréach agus gach liú ó thalamh aige, fuil mhairt ar sileadh leis. É ag cur a pheiríocha de.
Tagann a iníon air ansin agus fiafraíonn go neafaiseach:
-An bhfuil tú ceart go leor????
Pléasc gháirí ón lucht féachana ar chlos an méid sin dúinn….
…léirmheastóirí an IT? Bronnadh 4 réalt ar an eanglais seo??
Mícheál Ó Flaithearta
Agus ní stopann an cacamas leis an scannán seo. Éist leis an bhfógraíocht thráchtála atá anois ar RnaG. Ar ndóigh ní Gaeilge atá iontu. Ach an rud is brónaí ar fad ná gur cosúil go bhfuil glactha ag pobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht, an cine sin faoi chois, leis an ráiméis seo nach feoil ná faocha í. Nó an é nach n-éisteann duine ar bith leo? B’ionann sin is a rá nach bhfuil éinne ag éisteacht le RnaG níos mó.