An ghrian ag fanacht againn an tseachtain seo chugainn agus suas le 19 céim Celsius á thuar d’iarthar tíre

Seachas corrmhúr san oíche anocht agus moch maidin Dé hAoine, fágfaidh an t-ardbhrú seo tuilleadh den aimsir bhreá againn

An ghrian ag fanacht againn an tseachtain seo chugainn agus suas le 19 céim Celsius á thuar d’iarthar tíre

Deir Met Éireann go bhféadfar a bheith ag súil le tuilleadh den aimsir bhreá seo amach sa tseachtain seo chugainn.

Limistéar mór ardbhrú os cionn Chríoch Lochlann, ar a dtugtar an bloc Omega, is siocair leis an tréimhse dea-aimsire seo.

La breá gréine a bheidh againn inniu ach go mbeidh leoithne mhaith den ghaoth anoir chugainn. Beidh sé scamallach i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean leis an iarnóin agus beidh corrmhúr ann.

Scaipfidh na clabhtaí sin ó thuaidh leis an tráthnóna agus scaipfidh an mhúraíl léi ó thuaidh. Idir 12 agus 19 céim Celsius is teo a bheidh sé, agus mar a bhí le seachtain san iarthar agus san iarthuaisceart is teo a bheidh sé.

Seachas an salachar baistí is ceathanna tráthnóna agus maidin amárach, fanfaidh an aimsir bhreá seo linn amach sa tseachtain seo chugainn.

Seachas corrmhúr leis an maidin Dé hAoine, déanfaidh sé lá breá tirim cé go mbeidh smúit ar an ngrian san iarnóin agus leoithne mheasartha gaoithe chugainn anoir. Beidh an teocht is airde idir 14 agus 19 céim agus an lá an-séimh nó te tais. Dá fhaide siar a bheidh tú is teo a bheidh sé.

Ní bheidh sé baileach chomh te ag an deireadh seachtaine agus beidh sé fuar scaití le titim na hoíche faoi spéir ghlan. Aimsir thaitneamhach atá i ndán dúinn, an ghrian ag scaladh, an spéir geal agus é te tirim leis an lá agus gach ach leoithne bhog chugainn anoir.

Tá sé á thuar go mairfidh an aimsir sheasmhach thirim seo amach sa tseachtain seo chugainn, agus laethanta breátha boga againn, go háirithe sa gcuid den tír is faide siar.

D’fhéadfadh na hoícheanta a bheith beagáinín níos fuaire ach ardóidh an teocht arís ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.

Fág freagra ar 'An ghrian ag fanacht againn an tseachtain seo chugainn agus suas le 19 céim Celsius á thuar d’iarthar tíre'