Le Pen le hachomharc a dhéanamh in aghaidh a pianbhreithe, ach caint tosaithe faoi Bardella

Tá sé ina imní ag cuid dá céilí comhraic gurb amhlaidh a chothóidh ciontú Le Pen tacaíocht do dhaoine atá ar an bhfíordheis ó thaobh fealsúnacht pholaitíochta

Le Pen le hachomharc a dhéanamh in aghaidh a pianbhreithe, ach caint tosaithe faoi Bardella

Tá lucht tacaíochta na fíordheise ag seasamh le Marine Le Pen a ciontaíodh i gcúbláil inné agus a bhfuil cosc curtha uirthi ag an gcúirt seasamh d’aon oifig phoiblí.

Ó tharla cosc cúig bliana ar Le Pen tabhairt faoi aon oifig phoiblí, d’fhéadfadh gurbh é sin deis Jordan Bardella, uachtarán an Rassemblement National [an slógadh náisiúnta], seasamh mar iarrthóir sa toghchán d’Uachtarán na Fraince in 2027.

Tá sé i gceist ag Le Pen achomharc a dhéanamh in aghaidh a pianbhreithe ach d’fhéadfadh moill cúpla bliain a bheith ar an gcás sin.

Tá sé ina imní ag cuid dá céilí comhraic gurb amhlaidh a chothóidh ciontú Le Pen tacaíocht do dhaoine atá ar an bhfíordheis ó thaobh fealsúnacht pholaitíochta. Fágann cinneadh seo na cúirte nach mbeidh cead ag Le Pen a bheith ina hiarrthóir don Uachtaránacht faoi cheann dhá bhliain, sin mura n-éiríonnn léi in achomharc.

Go maith tobann a cháin Jordan Bardella, an comharba is dóichí a bheadh ar Le Pen, agus daoine eile ar an bhfíordheis, cinneadh na cúirte

“Ní taobh le Marine Le Pen a ciontaíodh san éagóir, daonlathas na Fraince atá á mharú inniu freisin,” a dúirt Bardella.

Chun a thacaíocht do Le Pen a léiriú, d’fhógair Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orban, “Je suis Marine!”.

Ghoill an cinneadh ar na húdaráis sa Rúis chomh maith agus dúirt urlabhraí de chuid na Creimile, Dmitry Peskov, “tá níos mó agus níos mó príomhchathracha ag roghnú gnáthrialacha an daonlathais a scrios”.

Níor thaitin cinneadh na cúirte le Leas-Phríomhaire na hÍodáile, Matteo Salvini: “Fógra cogaidh ag an mBruiséil atá sa gcinneadh seo in aghaidh Marine Le Pen, tráth a gcuirfeadh mianta trodacha Von der Leyen agus Macron scanradh ort. Ní dhéanfar imeaglú orainn, ní stopfaimid, ar aghaidh linn faoi lán seoil, a chara!”

Is cosúil gur buille báis a bheadh i gcinneadh na cúirte Le Pen a chiontú i gcúbláil airgead na Parlaiminte Eorpaí d’uaillmhian Le Pen seasamh d’uachtaránacht na Fraince in 2027 mar gur chinn an chúirt nach mbeadh sí incháilithe le seasamh in aon toghchán d’oifig phoiblí as seo go ceann cúig bliana.

Ciontaíodh Le Pen agus a comhchosantóirí as maoiniú ó Pharlaimint na hEorpa a chúbláil le híoc as fostaithe de chuid an pháirtí, an Rassemblement National, fostaithe nach raibh plé ar bith acu nó má bhí gur go fíorannamh é, le cúrsaí na Bruiséile nó Strasbourg.

Measadh sa chúirt go ndearnadh cúbláil ar bhreis is ceithre mhilliún euro d’airgead na Parlaiminte. Le Pen féin go pearsanta, ina cúram mar Fheisire Eorpach, a bhí freagrach as €474,000 den airgead sin.

Cuireadh an pionós is mó ar Marine Le Pen toisc gur cuireadh ina leith go raibh sí páirteach sa scéim cúblála cé gur iarfheisire Parlaiminte agus iaruachtarán ar an bpáirtí í.

Níl Jordan Bardella, Uachtarán an Rassemblement National, ach 29 bliain d’aois agus an-ghealladh faoin réalta is deireanaí seo sa bpáirtí. Tá sé breá ábalta ar na meáin agus i ndíospóireachtaí poiblí ach amhras ann an mbeadh acmhainn aige ar fheachtas crua uachtaránachta cheal seantaithí.

I bpobalbhreith a foilsíodh ar an Domhnach gealladh idir 34-37% den vóta do Marine Le Pen, sin breis is 10 bpointe chun cinn ar an iomaitheoir ba ghaire di.

Bhí cuid díobh siúd atá ina coinne ag súil nach gcuirfí cosc uirthi seasamh d’oifig phoiblí, agus iad ag áitiú gur chóir gur sa mbosca ballóide ba chóir di a cás a throid seachas sa gcúirt.

Tá imní ar dhaoine nach n-aontaíonn lena polasaithe gurb amhlaidh a spreagfaidh cinneadh an lae inniu tuilleadh tacaíochta don eite ar an bhfíordheis. Mar a tharla i gcás Donald Trump sna Stáit Aontaithe, tá sé ina imní go dtiocfadh páirtí Le Pen i dtír ar scéal trua an leatroim faoi élite atá amuigh ansin a bhfuil an cat crochta acu di féin agus dá páirtí ionas nach ligfear di aon chumhacht a fháil sa tír.

Tháinig neamh-incháilitheacht Le Pen le seasamh d’aon oifig phoiblí i bhfeidhm láithreach bonn agus mura n-éiríonn léi in achomharc ar chinneadh na cúirte roimh an dáta deiridh d’iarrthóirí toghcháin 2027, ní fhéadfaidh sí seasamh.

Dúirt Bénédicte de Perthuis, Breitheamh ceannais na cúirte, nach raibh aon duine lasmuigh den dlí agus dhiúltaigh sé d’áitiú Le Pen gur feachtas géarleanúna polaitiúil a bhí sa gcás cúirte.

“Níl aon duine ar triail anseo de bharr rannpháirtíocht pholaitiúil,” a dúirt an Breitheamh de Perthuis.

Fág freagra ar 'Le Pen le hachomharc a dhéanamh in aghaidh a pianbhreithe, ach caint tosaithe faoi Bardella'