Anois teacht an Earraigh
‘Mo chuimhne, mo dhearmad is mo charbad dóite, ní raibh mé in Éirinn le fada,’ a dúirt an ghrian léi féin an tseachtain seo agus d’fhill sí arís ar an oileáinín s’againne. Bíonn meas ar an mbeagán gan amhras agus dá laghad é, las radharc na gréine splanc an dóchais arís ionainn an tseachtain seo.
Den chéad uair ó mhí Dheireadh Fómhair, d’ísligh’ muid na taiscthéitheoirí agus tá an chuma air go bhfuil triomach ann freisin. Tá dhá lód éadaí crochta amach ar an líne againn an tseachtain seo agus iad tirim. An bhféadfadh go mbeidh laghdú ar an gcéad bhille leictreachais eile? Mura fearr, nára measa.
Nuair a deirim ‘an líne’ séard atá i gceist agam dháiríre ná an dá dhréimire atá ag dul trasna os cionn an chlóis ó thosaigh an obair ar an síneadh beag ar chúl an tí. Cuireann sé an dráma Stigmata le Pádraig Standún i gcuimhne dom, dráma a cuireadh ar stáitse sa Taibhdhearc i bhfad siar. Chuir siad extension ar thaobh amháin den teach, ansin chuireadar ceann ar an taobh eile agus ceann ar chúl an tí agus sa deireadh bhí an teach uilig ina extension.
Ar aon chaoi, níl aon líne againn faoi láthair go dtí go mbeidh an obair sin déanta. Más tada é, is fearr i bhfad iad na dréimirí ná an líne, níl aon chall le peig éadaigh agus ní thógann sé achar ar bith na héadaí a chaitheamh trasna ar rungaí na ndréimirí. An t-aon imní atá orm ná go gcaillfidh na comharsana béal dorais foighid linn agus Tír na nÓg ar chúl an tí againn. ‘Tír álainn trína chéile’ mar a scríobh an Ríordánach.
Cén bhrí ach tá cait an bhaile meallta ag na dréimirí, pébí cén fáth. Tá siad tosaithe ag teacht chuile lá ag dreapadh orthu is ag smúrthacht thart. Murar leor sin, tá gadhar an tí curtha as a ciall ag dánaíocht na gcat agus iad ag bradaíl isteach thar teorainn an sconsa.
Bhí sí sách ceanúil ar an tafann nuair nach mbíodh ag cur as di ach na héin ar chúl an tí ag spochadh aisti ach anois ó tháinig na cait, níl stopadh ar bith léi. Níl sé ina shuaimhneas anois sa teach ach amháin nuair a theastaíonn bolgam uisce uaithi agus í spalptha leis an tart ag a cuid sceamhaíola.
Seans go gcuirfidh sé iontas ort mar sin nuair a chloisfidh tú go bhfuil sé i gceist againn an dara gadhar a thabhairt isteach sa teach. Má bhí tú ag léamh Dialann Tuairisc an tseachtain seo caite, tá a fhios agat go raibh seacht gcinn de choileáin bheaga ag gadhar mo mhuintire. Bhí mé ag déanamh gaisce ag an am nach raibh aon chall dúinn aon cheann acu a thabhairt abhaile linn agus go mba mhaith an rud é sin. Gabhann uabhar roimh thubaiste, go deimhin. Tá orm mo chuid cainte a shlogadh anois agus muid tar éis géilleadh d’fheachtas na ngasúr le ceann de na gadhair bheaga a thógáil nuair a bheidh siad sách mór.
Is mór an t-achrann atá tarraingthe anois ag an díospóireacht faoin ainm a thabharfar ar an ngadhar. Tá liosta tosaithe agus na hainmneacha á gcur leis de réir a chéile. Ní fios fós an cinneadh daonlathach nó forógra a bheidh sa rogha ar deireadh.
Cloigíní gorma
Is dóigh go raibh siad ag fás leo de réir a chéile, ach an tseachtain seo dháiríre a bhí an début ag cloigíní gorma na bliana seo. B’fhéidir ó tharla gur tháinig an ghrian amach go bhfuil sé níos éasca iad a fheiceáil agus loinnir ar an saol ar fad ag an aimsir bhreá. Cé go bhfuil na cloigíní le feiceáil i ngach áit, ní hiad cloigíní gorma dúchasacha na hÉireann a fheictear den chuid is mó. Mar atá le roinnt dár bláthanna agus plandaí dúchasacha, tá na cloigíní gorma nó na coinnle corra i mbaol ó phlandaí atá ag teacht isteach ó thíortha eile. Sa chás seo is iad coinnle corra na Spáinne atá ag cur cloigíní gorma na hÉireann faoi bhrú.
Tá an dhá bhláth an-chosúil lena chéile, ach tá difríochtaí eatarthu freisin. I gcás na gcloigíní gorma dúchasacha ní fhásann na bláthanna ach ar thaobh amháin den ghas agus tá duilleoga beaga fíneálta orthu. Fásann na bláthanna mórthimpeall ar an ngas sa leagan Spáinneach agus tá na duilleoga níos mó agus níos láidre. Difríocht mhór eile ná nach bhfuil aon bholadh ó bhláthanna na Spáinne is tá boladh álainn milis ó choinnle corra dúchasacha na hÉireann.
Tagann formhór na mbláthanna nua isteach trí shiopaí garraíodóireachta agus is í an fhadhb ná go bhfuil crosphailniú ag tarlú idir an leagan Spáinneach agus bláth na hÉireann agus bláth hibride cruthaithe as. Is é an t-údar imní atá ann anois ná go mbeidh buntáistí ag an mbláth hibride is go dtiocfaidh sé in áit na gcloigíní gorma dúchasacha ar deireadh. An moladh atá i bPlean Pailnithe na hÉireann ná má fheiceann tú cloigíní gorma áille ag fás sa gcoill, fág ann iad agus ná tabhair aon bhleibín abhaile leat.
Lá Fhéile Pádraig
Tá mé a cheapadh go bhfuil buachaillín an tí ag réiteach do choirm cheoil Lá Fhéile Pádraig i gclós na scoile. Nó mura bhfuil, níl a fhios agam cén t-údar eile a bheadh aige a bheith ag casadh Follow Me Up To Carlow ar an bhfeadóg stáin chuile oíche nuair bsa cheart dó a bheith ag dul a chodladh. Níl aon chaint ar an bhfeadóg ar feadh an tráthnóna go dtí go mbíonn sé in am a ghabháil isteach sa leaba. An chéad rud eile, amach leis an bhfeadóg agus é flat out ag comóradh Chath Ghleann Molúra i 1580 sula dtéann sé a chodladh.
Tháinig an aimsir bhreá díreach in am do Lá Fhéile Pádraig agus muintir na hÉireann ag réiteach do pharáidí ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Shiúil mé an pharáid anuraidh leis an gclub peile, tuismitheoir tionlacain a bhí ionam leis na buachaillí faoi 10. Ba é an chéad uair agam a bheith i bparáid, mura gcuirim san áireamh an lá ar thiomáin muid isteach i bparáid trí thimpiste agus gur sáinníodh muid. Tharla go raibh muid ag tiomáint trí Shruthair i gCo. Mhaigh Eo ar an mbealach go bainis Lá Fhéile Pádraig agus an pharáid ag dul ar aghaidh. Níl ach bóthar amháin trí Shruthair.
Rud amháin a d’fhoghlaim mé ná gur mó i bhfad an chraic a bhíonn agat istigh sa bparáid ná ar thaobh an bhóthair ag breathnú uirthi. Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh muid i mbliana. B’fhéidir go ngabhfainn ag tóraíocht leithscéil le siúl arís inti. Cé nach dteastaíonn aon leithscéal dháiríre, ó mo thaithí anuraidh feictear dom nach gcuirfidh éinne stop leat.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Teacht an earraigh (agus an tafann), ‘Follow Me Up To Carlow’ ag fógairt teacht na féile'