‘America first, baby’ – na cosa tugtha leis ag an Taoiseach ón Oval Office gan fearg a chur ar an bhfathach

Bhí an plámás agus an ghéilliúlacht lárnach i straitéis an Taoisigh dá chruinniú le Donald Trump ach cá bhfios an gcosnóidh sé Éire ó pholasaithe an Uachtaráin

‘America first, baby’ – na cosa tugtha leis ag an Taoiseach ón Oval Office gan fearg a chur ar an bhfathach

Pictiúr: Tasos Katopodis / Rialtas na hÉireann

Shuíodar ar thoilg an Oval Office ar nós scata scoláirí a raibh an príomhoide tar éis glaoch isteach orthu. Bhí foireann taidhleoireachta na hÉireann neirbhíseach. Thuigeadar go bhféadadh cúpla focal amscaí an cruinniú a chur ar strae, agus go bhféadadh sé tionchar tubaisteach a imirt ar a dtír.

Bhrúigh an Taoiseach é féin siar sa chathaoir, ag cloí go daingean leis an gcur chuige teaicticiúil a bhí roghnaithe aige don Uachtarán – plámás maidir le straitéis chonspóideach rialtas Trump san Úcráin, agus béim a chur ar an leas a bhaineann Éire agus na Stáit Aontaithe as an gcaidreamh eacnamaíochta agus trádála atá ag an dá thír lena chéile. Chuir sé an straitéis i bhfeidhm go cosantach agus go cúramach, go géilliúil, b’fhéidir. Ach tá realpolitik i gceist anseo atá ríshoiléir agus tú sa Teach Bán.

Nuair a thagann tú go Washington D.C., tuigeann tú láithreach gur cathair í a tógadh chun dul i bhfeidhm ar chuairteoirí. Déantar gach rud chun cumhacht na Stát Aontaithe a chur in iúil do chuairteoirí oifigiúla, an chosaint a chuireann an Secret Service ar fáil dóibh, na Motorcades, na foirgnimh mhóra cháiliúla.

Faoin am a sroicheann tú an Oifig Ubhchruthach, ní bhíonn aon amhras fágtha faoin cén cineál áit a bhfuil tú, agus cén seasamh atá agat san áit sin. I gcás na hÉireann – tá tú beag, taitníonn tú linn, ach tá muide mór. Tá sibh cliste, féar plé daoibh maidir leis na seifteanna glice cánach sin, ach is muide a stiúrann dán na cruinne. Ní raibh an dream a chuaigh romhainn cliste go leor le stop a chur le bhur gcleasaíocht maidir leis na comhlachtaí cógaisíochta, ach tá Sirriam nua ar an mbaile anois.

Bhí mé thar a bheith fiosrach faoin gcaoi a dtiocfadh Donald Trump trasna mar dhuine agus é os do chomhair amach. Ní dhéanann an méid a bhíonn le rá aige an t-uafás céille go minic, go háirithe nuair a léann tú na focail a deir sé. Leanann sé ar aghaidh ag caint is ag caint (nó ag rámhaillí is ag rámhaillí) agus is minic mé ag breathnú air nó ag éisteacht léis agus ag fiafraí díom fhéin – conas?

Cén carasma aisteach atá aige, céard atá tarraingteach faoi, cén fáth a dtacaíonn an oiread sin daoine leis? An dtuigfinn níos fearr é tar éis a bheith sa seomra céanna leis ar feadh uair a chloig? Bhuel, tá an rud ar fad an-aisteach. Leathchéad nó mar sin againn san Oval, ceisteanna éagsúla á gcur air, é ag insint bréag arís agus arís eile, gan aon sruth loighce á leanúint aige ina chuid argóintí, agus é soiléir nach bhfuil mórán spéise aige i gcúrsaí áirithe agus nach bhfuil eolas ar bith aige faoi ábhair eile.

Agus níor chuir Micheál Martin i gcoinne a chuid pointí mórán. Níor cheistigh sé dearcadh Donald Trump gur bunaíodh an tAontas Eorpach chun damáiste a dhéanamh do na Stáit Aontaithe. Nuair a luadh Apple, luaigh an Taoiseach na hiarrachtaí a rinne Rialtas na hÉireann chun Apple a chosaint sa chás cánach. Nuair a luadh Gaza, chuir Martin béim ar “iarrachtaí Donald Trump ar son na síochána”.

Ba í príomhsprioc fhoireann Martin go rachadh sé isteach san Oval Office agus go bhfágfadh sé arís gan fearg an fhathaigh a mhúscailt agus is cinnte gur éirigh leis sa mhéid sin. Níor cruthaíodh aon chonspóid nua. Ach ní caidreamh idir páirtnéirí ar comhchéim an caidreamh seo, agus ní raibh aon chuma air ón gcruinniú sin go n-athróidh Trump nó a rialtas a gcuid polasaithe bunaithe ar argóintí ó rialtas na hÉireann. Níl siad ag iarraidh damáiste a dhéanamh dúinn d’aon ghnó. Ach má tharlaíonn sé go ndéantar damáiste comhthaobhach dúinn mar gheall ar thosaíochtaí eile, bhuel, ‘America first, baby’.

Fág freagra ar '‘America first, baby’ – na cosa tugtha leis ag an Taoiseach ón Oval Office gan fearg a chur ar an bhfathach'

  • Seán Mag Leannáin

    Léargas an-mhaith ar an gcruinniú sa seomra ubhchruthach.