Go dtuga an diabhal coirce dhuit!
Milleadh ort! Go dtachtar thú!
Fán fada ort! Nár imí uainn ach thú..
Cé a chreidfeadh go mbeadh téarnamh is maitheas le fáil as a bheith ag eascainí?
Tá sé fíor de réir dealraimh….
Má bhaintear barrthuisle asat agus go smiotann tú d’ordóg mhór is geall le míorúilt é. An faoiseamh a fhaigheann an duine as racht eascainí a chur dó, ainneoin an ‘col geise’ atá ann.
Dúradh linn riamh, ó bhíomar beag óg, go raibh sé mímhúinte, gáirsiúil, tarcaisneach fiú amháin caint gharbh a theacht as do bhéal.
Dearbhaíonn lucht taighde agus speisialtóirí síceolaíochta in ollscoil mhór sa Bhreatain go bhfuil cneasú péine ann nuair a chuireann an duine racht eascainí as.
Áiríonn siad an gníomh san mar leigheas atá saor ó dhrugaí, saor ó chalraí, agus ‘féinchúnamh’ saor in aisce.
Ní hé Lá na nAmadán atá againn ach oiread, cé nach fada uainn é sin.
Siar sa mbliain 2009 foilsíodh taighde ar an gceangal idir a bheith ag eascainí agus hypoalgesia…leigheas don bpian a bhaineann le gortú.
Tástáladh daoine a chuir a lámha in uisce reoite, chomh fada is a d’fhéadfaidís é a sheasamh.
Tugadh an rogha dóibh tosnú ag cur na seacht míle mallacht astu nó gan sin a dhéanamh.
Thug lucht na droch-chainte an svae leo.
Ní hamháin san, ach i dtaighde a deineadh in 2020, creidtear ní hamháin go laghdaíonn eascainí pian, treisíonn siad suáilceas idir daoine, cuireann feabhas ar chuimhne an duine, agus tugann faoiseamh i gcás an bhriseadh croí a bhaineann le bheith fágtha ar leataobh i gcaidreamh sóisialta..
Is ionann pian fhisiciúil agus pian mhothúchán, a deir na húdair
Anuas ar an méid sin, treisíonn a bheith ag eascainí neart an choirp, creid é nó ná creid.
Ardaíonn ráta ‘buille an chroí’ agus imíonn sruth aidréanailín tríd an gcorp, beart a sheolann an fhuil i dtreo na matán, chun gnímh.
Measann na húdair nuair a bhíonn an duine ag eascainí go dtéann siad isteach i zón éigin ina n-aigne ina mbíonn siad saor ó ‘theorainneacha’ agus dá réir sealbhaíonn siad ‘cumhacht’ nua ar fad.
Tá a thuilleadh taighde ar an ábhar ar siúl in ollscoil in Alabama ag iarraidh a fháil amach an bhféadfaí ‘bheith ag eascainí’ a úsáid i gcomhthéacs cliniciúil…
Mo sheacht mallacht orthu ach níl deireadh cloiste ná ráite fós!
Carraig
Tuilleadh den tubaiste (den íocshláinte?) chugat ar
http://www.dúchas.ie i mbailiúchán na scol, faoi ‘eascainí’.
Liosta breá ó Ard na Caithne arna bhailiú ag an múinteoir Dd Ó Loingsigh.