An tseachtain seo, bhí an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i dteannta an Aire Patrick O’Donovan agus an Aire Charlie McConalogue, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun céim 2 den champas ilspóirt ag Páirceanna Naomh Tomás ar Bhóthar Thigh Bródáin, Co. Bhaile Átha Cliath a thionscnamh go hoifigiúil. Tá an tionscadal seo, i gcomhpháirtíocht le Club Lúthchleasaíochta Dhún Droma/Baile Átha Cliath Theas agus clubanna cónaitheacha, ag teacht le Plean Corparáideach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus is é is aidhm dó stíl mhaireachtála ghníomhach a spreagadh agus sláinte agus folláine a chur chun cinn sa phobal.
Is éard a dúirt an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:
“Beidh an campas mar oidhreacht bhuan do na glúine amach anseo, ag spreagadh cultúr rannpháirtíochta gníomhaí agus forbartha iomlánaíche do réaltaí lúthchleasaíochta na todhchaí agus ábhair Oilimpeacha. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le Club Lúthchleasaíochta Dhún Droma/Baile Átha Cliath Theas as an méid fónaimh a rinne sé agus as a chomhoibriú thar na blianta. Trí Chlár Caipitil na bPáirceanna, táimid ag seachadadh tionscadail éagsúla a bhaineann le spórt a mbeidh tionchar dearfach acu ar phobail ar fud an chontae”.
Áirítear i bhforbraíocht chéim 2 dhá fhoirgneamh nua arb é atá iontu foirgneamh ilspóirt agus foirgneamh clóis raoin. Beidh áiseanna éagsúla san fhoirgneamh ilspóirt ar nós seomra aclaíochta, spás solúbtha stiúideo/halla, caifé, seomraí feistis, agus tuilleadh lena chois sin. Sa chlós raoin, beidh seomra tógála nirt agus aclaíochta, raon reatha 60m le háiseanna lúthchleasaíochta eile lena n-áirítear léim fhada, léim thriarach agus léim ard. Beidh na foirgnimh an-solúbtha chun áitíocht a uasmhéadú agus ilúsáid a éascú, agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe faoi Shamhradh 2026.
Dúirt Frank Curran, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:
“Le Plean Spóirt & Gníomhaíochta Fisiciúla Áitiúil na Comhairle, tá sé beartaithe Dún Laoghaire-Ráth an Dúin a chur chun cinn mar cheann scríbe den scoth don spórt agus do ghníomhaíocht fhisiciúil. Tá an fhorbraíocht seo mar chuid dár dtiomantas do thionscadail a bhaineann le spórt a sheachadadh lena gcuirfear feabhas ar chaighdeán na beatha sa bpobal s’againne. Táimid tiomanta do bheith ag obair le clubanna áitiúla agus eagraíochtaí chun rannpháirtíocht i spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an maoiniú suntasach a fuarthas tríd an gCiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála”.
Is éard a dúirt an tAire Patrick O’Donovan, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
“Is tionscadal claochlaitheach é seo don lúthchleasaíocht i réigiún Bhaile Átha Cliath agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bpobal ar fad agus le comhpháirtithe uile an tionscadail as an gcloch mhíle thábhachtach seo a bhaint amach. Níl aon amhras orm go mbeidh an tsaoráid seo mar acmhainn luachmhar lena gcuirfear sláinte agus aclaíocht chun cinn i measc daoine den uile aois agus cumas sna blianta atá amach romhainn.
Chuir lúthchleasaithe Éireannacha gliondar ar an lucht féachana ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa agus ag Cluichí Parailimpeacha an Gheimhridh le déanaí, rud a mheabhraigh dúinn go bhfuil an spórt mar chuid ríthábhachtach dár saol mar dhaoine aonair, mar phobal agus mar náisiún. Is é an uaillmhian atá againn níos mó agus níos mó lúthchleasaithe Éireannacha a fheiceáil san iomaíocht ag an leibhéal is airde sa spórt, agus beidh infheistíocht sa tsaoráid nua seo ina thacaíocht leis an sprioc sin sa todhchaí.”
Ag labhairt dó ag ócáid iompaithe an fhóid inniu, dúirt Charlie McConalogue, Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
“Tá áthas orm a bheith i láthair ag iompú an fhóid i gCampas Ilspóirt Naomh Tomás inniu. Is léiriú é seachadadh na saoráide iontaí nua seo ar obair chrua na gclubanna áitiúla agus Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá an Rialtas agus mé féin diongbháilte infheistíocht leanúnach a fheiceáil i saoráidí spóirt den sórt seo chun a chinntiú go mbainfimid amach na spriocanna uaillmhianacha atá againn do rannpháirtíocht spóirt. Táim ag súil le go leor tionscadal eile faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Mhórscála a fheiceáil ag dul chun cinn ar fud na tíre sna míonna atá amach romhainn. Tá Club Lúthchleasaíochta Dhún Droma/Baile Átha Cliath Theas aitheanta le fada an lá as a chumas spóirt, agus níl aon amhras orm ach go go dtiocfaidh a lán réaltaí lúthchleasaíochta an tsaoráid nua seo sa todhchaí agus go gcuirfidh lucht an chlub leis an liosta Oilimpeach atá aige cheana féin.”
Dúirt Gerry McGrath, Cathaoirleach Chlub Lúthchleasaíochta Dhún Droma/Baile Átha Cliath Theas:
“Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an gComhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, roimh an Aire O’Donovan agus roimh an Aire McConalogue chuig an gcampas agus táimid ag súil le bheith ag obair le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin chun an chéad chéim eile den fhorbraíocht phobail spreagúil seo a sheachadadh.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tógáil ar Bun do Champas Ilspóirt Úrscothach ag Páirceanna Naomh Tomás!'