Tá an taraif 20% a d’fhógair Uachtarán Trump na Stát Aontaithe aréir ar earraí ón Aontas Eorpach a dhíoltar leis na Stáit Aontaithe cáinte go géar ag ceannairí na tíre seo agus ag ceannairí thíortha eile san Eoraip.
Dúirt Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh, Maroš Šefčovič, “luath nó mall ní bhíonn rath ar tharaifí gan údar”.
“Tabharfaimid freagra tomhaiste agus muid aontaithe go stuama agus go cáiréiseach, agus fágfaimid neart ama le tabhairt faoi chainteanna.
“Ach ní hin le rá nach ndéanfaimid tada sa gcás nach féidir linn teacht ar shocrú cothrom. Labhróidh mise leis na feidhmeannaigh cuí sna Stáit Aontaithe amárach,” a dúirt Šefčovič.
Bhí údar beag faoisimh ag na húdaráis anseo aréir nuair nár cuireadh taraifí ar earraí cógaisíochta an babhta seo ach tá sé ina imní gurb é an tionscal sin an chéad earnáil eile a dtabharfaidh an tUachtarán buille dá chuid taraifí di.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur amaidí a bheadh ann ag an tír seo a cheapadh go ndéanfadh Trump eisceacht den chógaisíocht. Dúirt sé gur dóigh leis-sean nach fada go mbuailfear taraifí ar earraí cógaisíochta a dhíoltar le Meiriceá.
Díomá a léirigh an Taoiseach Micheál Martin faoi na taraifí nua a d’fhógair an tUachtarán Trump aréir agus dúirt sé nach raibh fáth ná ábhar leis na taraifí sin.
Dúirt Martin go gcaithfeadh an tAontas Eorpach déileáil leis na taraifí sin ar bhealach a bheadh stuama, meáite agus comhréireach ar mhaithe le hoibrithe a chosaint.
Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe go raibh idirbheartaíocht ag teastáil “chun muid a thabhairt slán ó bharr na haille ar a bhfuil muid ar forbhás faoi láthair”.
“Ní léir go n-éireoidh linn sin a dhéanamh mura léireoimid cén freagra a bheadh an tAontas Eorpach sásta a thabhairt ar na taraifí, ó thaobh cúrsaí trádála,” a dúirt Donohue.
Dúirt an tAire Airgeadais nach bhféadfadh rialtas ar bith aon bheart a thabhairt isteach a bhainfeadh an ghoimh as taraifí Trump mar go luífidís sin ar thrádáil ar fiú “na deicheanna de bhilliúin euro” í.
“Má dhéantar an cineál sin dochair den trádáil, ní fhéadfadh aon rialtas bearta a thabhairt isteach a chúiteodh an méid sin trádála.”
Rabhadh a bhí ag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, dúinn chomh maith nuair a dúirt sí gur buille uafásach a bheadh sna taraifí do gheilleagar an domhain agus a bheadh “tubaisteach do na milliúin ar fud na cruinne”.
Dúirt von der Leyen go raibh “an dlaoi mhullaigh á cur ar fhrithbhearta in aghaidh na dtaraifí a d’fhógair Donald Trump ar earraí cruach” sa Mhárta. Tá an tAE ag ullmhú frithbhearta eile a chuirfear i bhfeidhm sa gcás go dteipfeadh ar an idirbheartaíocht.
“Táimid [an Eoraip] ar fad le chéile sa gcás seo: má thugann tú faoi cheann amháin againn, tabharfaidh fúinn ar fad,” a dúirt von der Leyen, “Ár n-aontas ár neart.”
Dúirt Príomh-Aire na Spéinne, Pedro Sanchez, gur “ionsaí aontaobhach” ar an Eoraip a bhí sna taraifí leitheadacha 20% a d’fhógair na Stáit Aontaithe ar earraí an Aontais Eorpaigh.
Fág freagra ar '‘Luath nó mall ní bhíonn rath ar tharaifí gan údar’ – taraifí Trump cáinte ag ceannairí '