Tuarascálacha eile á lorg ag Foras na Gaeilge le hiniúchadh a dhéanamh ar obair na n-eagraíochtaí

Tá amhras ann faoi chomh fada is atá an obair athbhreithnithe ar chóras na gceanneagraíochtaí Gaeilge ag dul ar aghaidh

Tuarascálacha eile á lorg ag Foras na Gaeilge le hiniúchadh a dhéanamh ar obair na n-eagraíochtaí

Tá an tríú tuarascáil le ceithre bliana anuas á lorg ag Foras na Gaeilge faoi chóras na gceanneagraíochtaí Gaeilge.

Agus tá sé i gceist a thuilleadh tuairiscí faoin ábhar a choimisiúnú an bhliain seo chugainn.

Uasmhéid de €50,000 atá luaite leis an gconradh.

Tá Foras na Gaeilge ag lorg tairiscintí ó dhaoine aonair, ó chomhlachtaí, ó eagraíochtaí agus ó institiúidí chun próiseas comhairliúcháin a reáchtáil le tuairimí an phobail a lorg agus tuairisc a sholáthar i dtaobh an chur chuige comhpháirtíochta, an córas a tugadh isteach do na ceanneagraíochtaí in 2014.

Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn – Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.

Tá a ndíomá agus a n-imní curtha in iúl cheana ag na ceanneagraíochtaí faoi chur chuige an Fhorais i leith an chórais agus amhras orthu i gcónaí faoi chomh fada is atá an obair athbhreithnithe ag dul ar aghaidh.

“Níl a fhios agam céard atá le rá i ndáiríre faoin bpróiseas tairisceana nua atá ar bun ag Foras na Gaeilge le luacháil a dhéanamh ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge,” a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Tá an próiseas ag dul ar aghaidh chomh fada sin anois go bhfuil sé deacair aon chríoch a fheiceáil leis. N’fheadar fiú céard a éireoidh as an bpróiseas. An ndéanfaidh sé leas na Gaeilge nó an mbeidh aon difríocht ann?”

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go rabhthas ag súil an chuid is déanaí den athbhreithniú a chríochnú an bhliain seo chugainn ach “gur chuid den phróiseas” an tuarascáil is déanaí.

Tá sé i gceist tuairiscí athbhreithnithe a choimisiúnú ar ghnéithe éagsúla den chur chuige idir seo agus deireadh 2023 “más féidir”.

Dheimhnigh an t-urlabhraí chomh maith gur theip ar “iarrachtaí leanúnacha” a bhí déanta roimhe seo ag an bhForas tairiscintí a mhealladh i dtaca leis an obair athbhreithnithe.

Suas le €200,000 a bhí luaite le conradh a bhí á thairiscint ag an bhForas anuraidh leis an obair a chur i gcrích ach níor léirigh aon dream spéis ann.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh iarrachtaí á ndéanamh “anois an obair a bhriseadh síos ar bhealach difriúil agus í a chur i gcrích céim ar chéim”.

Foilsíodh tuarascáil a choimisiúnaigh an Foras anuraidh inar dúradh go leagann na ceanneagraíochtaí Gaeilge an iomarca béime ar líon na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu seachas ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin.

Rinneadh tagairt chomh maith sa tuarascáil sin do theannas a bheith idir ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.

Bhí gá freisin a dúradh le plean straitéiseach ar leith a fhorbairt do chóras na gceanneagraíochtaí agus “an plean sin a chur i ngníomh faoi stiúir Fhoras na Gaeilge”.

Bhí gá a dúradh le treoir “ina leagann Foras na Gaeilge amach go soiléir a fhís, a chuid tosaíochtaí agus na príomhspriocanna agus na príomhthorthaí is rún dó a bhaint amach”.

Maíodh freisin go raibh “dúthracht” na gceanneagraíochtaí agus “a ndílseacht” don Ghaeilge “thar a bheith soiléir”.

Níor foilsíodh riamh an tuarascáil a rinneadh roimhe sin faoi chóras na gceanneagraíochtaí.

In 2019 bhagair na ceanneagraíochtaí Gaeilge éirí as an bpróiseas athbhreithnithe, mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip den tuarascáil a rinneadh mar chuid den phróiseas sin.

Mhaígh na heagraíochtaí go raibh Foras na Gaeilge ag déanamh “beag is fiú” den chomhpháirtíocht.

I bhfreagra ar cheist Dála mí na Nollag 2019, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go rabhthas ag súil go mbeadh an t-athbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht curtha i gcrích “sa bhliain úr”.

Ach nuair a foilsíodh anuraidh eolas faoin dara tuarascáil a rinneadh d’Fhoras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí, dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta trasteorann nach raibh sa tuarascáil sin ach an chéad cheann “i sraith de thuairiscí”.

Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais ROS aige, a d’ullmhaigh an tuarascáil An Cur Chuige Comhpháirtíochta – Luacháil d’Fhoras na Gaeilge.

Deirtear i réamhrá na tuarascála gur fhág an phaindéim nár éirigh leis na comhairleoirí a dheimhniú “lena súile” an cathair mar a tuairisc na torthaí a deir na ceanneagraíochtaí a bhíonn ar a gcuid oibre.

Fág freagra ar 'Tuarascálacha eile á lorg ag Foras na Gaeilge le hiniúchadh a dhéanamh ar obair na n-eagraíochtaí'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Obair athbhreithnithe
    — SUIM ar dtús agus GRÁ —

    Idir Mhaoiniú ón Cháináisnéis, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasaithe) agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an Mhéar agus an Ciste Stáit ag iarraidh níos faide agus níos folaimhe leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sa cliabhán.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘An t-Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae mar is ceart.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí maoinithe agus obair athbhreithnithe ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí agus Fásfaidh sí.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise
    Port Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *****************************************************************************************