Tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin dlí teanga a bheith á shárú ag an nGarda Síochána

Chinn an Coimisinéir Teanga nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí imscrúdaithe a rinneadh deich mbliana ó shin faoi líon na nGardaí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu 

Tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin dlí teanga a bheith á shárú ag an nGarda Síochána

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga lena rá go bhfuil sárú á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga. 

Baineann an sárú leis an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur “údar díomá” é go bhfuil sárú an Gharda Síochána ar an dlí teanga ina ábhar tuarascála chuig Tithe an Oireachtais in 2021 agus “bonn faoi chóras riaracháin an Stáit le beagnach céad bliain”.

Shocraigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí san imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011. 

Is é an tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais an beart deireanach a d’fhéadfadh an Coimisinéir Teanga a dhéanamh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána a ndualgas a chomhlíonadh.  

Dúirt an Coimisinéir go raibh “an easpa gnímh soiléir” sna geallúintí is déanaí a fuair sé ón nGarda Síochána i leith an scéil. 

“Bhí easpa sprioc-ama nó doiléireacht nó tuiscintí coinníollacha le brath i gcás fhormhór na mbeart,” a deir sé ina thuarascáil. 

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón nGarda Síochána féin, níl Gaeilge ach ag 35 Garda as an 95 Garda atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta. 

Sa bhliain 2011 fuair an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin gearán faoina laghad Gardaí le Gaeilge líofa a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus chinn sé go raibh an dlí á shárú ag bainistíocht an Gharda Síochána.

Faoi fho-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht “a mhéad is atá sin indéanta”.

Socraíodh ag an am sin córas nua earcaíochta a bhunú lena chinntiú go mbeadh Gardaí le cumas maith teanga ar fáil do cheantair Ghaeltachta na tíre.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill gur “ríléir” nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána. 

“Tá líon na nGardaí ar dualgas sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu i bhfad ró-íseal agus tá sárú á dhéanamh ar Acht an Gharda Síochána dá bharr. 

“Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011. Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh.”

Fág freagra ar 'Tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin dlí teanga a bheith á shárú ag an nGarda Síochána'

  • Seáinín faoi Sceach

    Nár chuir siad cúpla físeán suas ar Facebook i nGaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge – nach b’shin dóthain chun lucht na Gaeilge a shásamh! Ag súil go mbeadh gardaí ag labhairt Gaeilge sa nGaeltacht…. Tá craiceáil oraibh!

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá ár gcroithe briste,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill ar Adhmhaidin ar maidin (RnaG, 26 Aibreáin 2021) ag iarraidh a chur ina luí ar an Garda Síochána go mbeadh Gaeilge ag Gardaí sa nGaeltacht. Nach fíor-bhrónach an scéal é go bhfuil ar an gCoimisinéir Teanga dul i muinín na déirce ón Stát s’againne?

  • S. Mac Muirí

    Is dóigh gur aontachtóirí iad 7 bíodh gur sa nGaeltacht atáid ag saothrú a gcodach nár chóir do na Gaeil a bheith ag brú Gaeilge orthu.
    B’fhéidir aríst gur lucht taca Shinn Féin iad 7 de chion a ndúil in Éire Aontaithe nár mhaith leo grainc na Gaeilge a chur ar bhallraíocht FF FG srl.
    Tugann tuairisc an Fheidhmeannaigh teangadh le fios gur aontachtóirí atá iontu, ach shílfeá ó shuímh béarla SF gur lucht SF iad.
    Ní fheadra mé. 😉