Bhí Olltoghchán na Gearmáine le reáchtáil i bhfómhar na bliana seo, ach beidh pobal an Bundesrepublik ag caitheamh vótaí Dé Domhnaigh mar gur chlis ar an Ampel, (Comhrialtas na Soilse Tráchta), i mí na Samhna.
Drogall an FDP an Schuldenbremse (coscán na bhfiach) a scaoileadh chun infheistíocht riachtanach a dhéanamh i mbonneagair na tíre ba chúis leis sin, agus tá tráma na hoíche inar bheartaigh Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz, ceannaire an FDP, Christian Lindner, a bhriseadh as a phost mar Aire Airgeadais, ina scáth ar an bhfeachtas.
Ach anois, íoróin na n-íoróin, tá Lindner é féin ag caint ar an Schuldenbremse a scaoileadh mar go bhfuil, mar a deir sé féin, an comhthéacs athraithe. Agus tá sé.
Le cúpla lá anuas, tá an gheit atá bainte ag rialtas radacach nua na Stát Aontaithe as ceannairí na hEorpa tar éis tionchar suntasach a imirt ar an ndioscúrsa poiblí sa Ghearmáin. Ó bunaíodh an Bundesrepublik, measadh gurb iad an fás leanúnach eacnamaíochta, an caighdeán ard maireachtála a d’eascair as sin, agus barántas slándála na Meiriceánach crann taca an daonlathais sa Ghearmáin.
Ach níl aon fhás ar an ngeilleagair le trí bliana anuas.
Le seachtain anuas is é tuairim na coitiantachta (más fíor do na heagarfhocail pé scéal é), go bhfuil colscaradh faighte ag J.D. Vance agus Donald Trump.
Go tobann, tuigeann polaiteoirí na Gearmáine nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh na Meiriceánaigh an Eoraip slán. Sna díospóireachtaí teilifíse, tá cáineadh géar á dhéanamh faoin scéal go mbeadh Diktatfrieden – síocháin faoi ordú – mar thoradh ar na cainteanna idir na Meiriceánaigh agus na Rúisigh maidir le todhchaí na hÚcráine.
De bharr na geite, agus an tuairim go bhfuil deireadh curtha ag na Stáit Aontaithe leis an gcomhghuaillíocht thrasatlantach, tá comhdhearcadh ag fás sa Ghearmáin go bhfuilimid ag maireachtáil i sainré nua anois. Sna nuachtáin tá impleachtaí na n-athruithe sin á bplé.
“Tá gá le dúbailt nó le méadú faoi thrí ar bhuiséad cosanta na tíre” dar leis an Sueddeutsche Zeitung. Measann an Stern gur gá an Wehrpflicht, an dualgas bliain a chaitheamh san arm, a bhfuarthas réidh leis in 2011, a athbheochan. Aontaíonn an Frankfurter Allgemeine Zeitung le meon an Wehrpflicht. Chun dul i ngleic le ‘Siosma an Iarthair’, is gá, a deir an Frankfurter Allgemeine Zeitung comhtháthú “sciobtha” a dhéanamh ar chumas míleata na hEorpa, agus deir go bhfuil glaubwürdige nukleare Abschreckung (iombhagairt núicléach inchreidte), a bheadh bunaithe ar Force du Frappe na Fraince, riachtanach anois san Eoraip. Tá gá lena leithéid in éagmais Atomschirm (scáth fearthainne adamhach) na Stát Aontaithe, a deirtear.
Tá ceannairí na mórpháirtithe, Friedrich Merz ón CDU, a bhfuil sé ionann is cinnte gurb é a bheidh ar an chéad Seansailéir eile, agus Olaf Scholz ón SPD, atá mar Sheansailéir faoi láthair ach a meastar nach bhfuil seans ar bith aige a phost a choinneáil, níos tomhaiste sa mhéid atá á rá acu faoi chúrsaí cosanta, ach níl aon amhras ach go mbeidh na cúrsaí sin lárnach sa phlé nuair a chuirtear tús leis na cainteanna comhrialtais an tseachtain seo chugainn.
Agus beidh cainteanna comhrialtais ann.
Cé go bhfuil cinneadh fós le déanamh ag 27% den daonra maidir le conas a chaithfidh siad a gcuid vótaí Dé Domhnaigh, tá sciar tacaíochta na bpáirtithe cuibheasach seasmhach sna pobalbhreitheanna. Tá idir 28%-30% ag CDU Merz agus beidh siad ar an bpáirtí is mó sa Bundestag nua, ach níl sé soiléir an páirtí amháin nó péire a bheidh de dhíth orthu chun comhrialtas nua a bhunú.
Meastar gur mó seans a bheadh ag comhrialtas le dhá pháirtí, go háirithe tar éis teip Ampel an SPD, FDP agus na Glasaigh, feidhmiú mar rialtas stuama sa tréimhse ‘is dúshlánaí ó bhí 1961 ann’. Ach tá an SPD lag, ag thart ar 15% faoi láthair, agus na Glasaigh níos laige fós, ag idir 13-14%. Beidh cruthú comhrialtais leis an CDU agus an SPD amháin, nó leis an CDU agus na Glasaigh amháin, ag brath ar theip mionpháirtithe ar nós an FDP agus Comhghuaillíocht Sahra Wagenknecht (dream a d’fhág an Páirtí Clé mar go bhfuil siad ag iarraidh a bheidh níos déine ar chúrsaí imirce) tairseach an 5% atá riachtanach chun suíochán sa Bundestag a bhaint amach. Tá seans go dteipfidh orthu, agus iad araon ag 4.5% faoi láthair, ach is dócha go n-éireoidh le ceann amháin acu. Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Clé, atá ag idir 7%-8% faoi láthair, a bheith istigh freisin. Dhá mhéid páirtithe a bheidh sa Bundestag nua, sea is lú líon na suíocháin a gheobhaidh an CDU ar 30% den vóta. Is mó seans mar sin, gur comhrialtas ‘Chénia’ – CDU, SPD, agus Glasaigh, nó fiú comhrialtas ‘Deutschland’ – CDU, SPD, agus FDP, a bheidh ann.
Agus céard faoi an AfD, an Alternative für Deutschland? Tá siad seasta ag thart ar 20%, agus iad ag síorghearán is ag síorghríosú faoi cheannaireacht Alice Weidel, a bhfuil cónaí uirthi san Eilvéis ach a deir gur fearr léi an Ghearmáin. Deir sí gur chóir tuirbíní gaoithe na tíre a réabadh agus dúirt sí le déanaí gur bhain Hitler leis an eite chlé. Seo bean a scríobh in 2013 gur Schweine iad ceannairí na Gearmáine – ‘puipéid bhuaiteoirí an Dara Cogadh Domhanda’.
Ní bheidh Weidel sa chéad rialtas eile, tá Friedrich Merz ana-shoiléir faoi sin. Ach tá chuile sheans go mbeidh níos mó ná 20% ag an AfD (bíonn doicheall ar chuid dá lucht tacaíochta an tacaíocht sin a léiriú i bpobalbhreitheanna). Beidh siad níos glóraí, níos achrannaí, níos radacaí sa Bundestag nua. Agus tá comhghuaillithe nua acu i Rialtas na Stát Aontaithe a thabharfaidh ugach agus misneach dóibh, díreach ag tráth a mbeidh an comhrialtas nua ag iarraidh déileáil leis na fadhbanna práinneacha eacnamaíochta a bheidh mar thoradh ar tharaifí Trump, méadú mór ar chaiteachas cosanta an stáit agus an coinscríobh á chur i bhfeidhm. Déarfaidh an AfD, mar phríomhpháirtí an fhreasúra, go bhfuil an CDU ag tréigean a gcuid luachanna, ag briseadh a gcuid geallúintí agus, go deimhin, go bhfuil feall á dhéanamh acu ar phobal na Gearmáine. An mbeidh comhrialtas nua na Gearmáine in ann do na dúshláin sin?
Ní léir ón bhfeachtas seo go mbeidh.
Conor
Gach cosúlacht ar an scéal ná go mbeidh an CDU agus na Glasaigh sa chéad rialtas eile. Tugadh tús áite do Habeck sna meáin. Sin an rud is mó a sheas amach dom i rith an fheachtais.