TUAIRISC ón mBruiséil: ‘Tá an t-uafás i réim anseo in ardchathair an Aontais Eorpaigh’

Ní féidir an fhulaingt agus an briseadh croí anseo sa Bhruiséil ar an Dú-Mháirt seo (mardi noir) a ríomh ná a áireamh le figiúirí...

cover-213

8.00 ar maidin, Zaventem, aerfort na Bruiséile – dhá phléascadh sa halla.

9.00 ar maidin, stáisiún metro Maalbeek, pléascadh ollmhór eile.

26 duine marbh faoin dtráth seo, breis is 100 duine gortaithe, go leor acu go dona.

Tá an t-uafás i réim in ardchathair An Aontais Eorpaigh. ‘Le lockdown’ i bhfeidm arís. Tá an t-aerfort ina stad. Na stáisiúin metro agus na stáisiúin traenach druidte. Seomraí scoile folamh anois. Saighdiúirí ar faire lasmuigh de na hospidéil – cuireadh an ruaig orthu siúd a tháinig ag deonú fola.

Bhí mé féin in aerfort Zaventem oíche aréir ag méanoíche, mé ag filleadh ar ais. Anseo dom inniu i mo theachsa in Merode, fad deich nóiméad ó stáisiún Maalbeek, cloisim bonnáin na n-otharcharr. Ach thairis sin níl torann le clos, tá na sráideanna nach mór tréigthe.

Ar scáiléan na teilifíse (RTL, stáisiún áitiúil agus CNN) feictear páirc an áir. Tá stáisiún Maelbeek gar den Berlaymont, lárionad an Choimisiúin Eorpaigh, agus siombail an Aontais Eorpaigh. Bhíodh clochar ar an suíomh seo fadó. Os a chomhair amach, tá an foirgneamh LEX (‘dlí’ na Laidine), áit a bhfuil suíomh Sheirbhís Dlí Chomhairle an Aontais Eorpaigh – chaith mé seal ag obair sa dá fhoirgneamh sin a bhfuil aindlí agus ainchreideamh na haoise anois timpeall orthu. Is í an láthair oibre ag aistritheoirí agus daoine eile nach iad a bhíonn ag saothrú gort na Gaeilge san Eoraip.  Guím gur tháinig siad slán.

Íomhánna chugainn den slua fuilteach ag tuirlingt den metro, iad ag teitheadh ón slad sa deatach, faoi dhorchadas – gártha an uafáis sa dubhphasáiste.

Finné súl ag an aerfort ag trácht ar dhaoine ar a dteitheadh a shiúil ar bheirt bhan óg a shíl siad a bheith marbh ach ar thug an finné faoi deara go raibh siad beo.

Tá na seirbhísí slándála ar thóir sceimhlitheoirí eile d’fhoghrúpa de chuid  ISIL/Da’esh. Gabhadh in Molenbeek, fobhaile de chuid na Bruiséile, Dé haoine seo caite, Salah Abdeslam, duine de lucht an tslada i bPáras. Tharlódh gur bhrostaigh a ghabháil na hionsaithe is déanaí.

Os mo chomhair ar an scáileán, tá iriseoir ag cur agallaimh ar dhuine den phobal. Aithním an duine seo. Fear beag stuama. Siopa táilliúra aige i ngar do mo theachsa. Feicim é go minic san fhuinneog cromtha go cúramach ar a chuid oibre.  Na deora anois leis.

“Rugadh mé sa Túinéis ach chaith mé mo shaol ar fad nach mór anseo sa Bhruiséil. Is Beilgeach mé i mo chroí istigh. Tá an scéal go hainnis.”

Anseo dom sa Bhruiséil ag 15.29 i.n. tuairiscítear go bhfuil 34 duine marbh, breis is 130 gonta. Cloisim fós bonnáin na n-otharcharr. Beidh líon na marbh níos airde i bhfad faoi dheireadh an lae. ‘Bilan d’une catastrophe’ a thugann frainciseoirí ar líon na marbh i dtubaistí. Is ionann bilan agus ‘clár comhardaithe’ i mbéarleagar na cuntasaíochta. Ní féidir, afách, an fhulaingt agus an briseadh croí anseo sa Bhruiséil ar an Dú-Mháirt seo (mardi noir) a ríomh ná a áireamh le figiúirí. Teipeann ar an mbriathar féin.

– Is file agus dlítheangeolaí é Máirtín Mac Aodha. Tá cónaí air sa Bhruiséil le breis is sé bliana

Fág freagra ar 'TUAIRISC ón mBruiséil: ‘Tá an t-uafás i réim anseo in ardchathair an Aontais Eorpaigh’'