TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tús curtha sa Bhrasaíl le próiseas táinsimh i gcoinne an uachtaráin Dilma Rousseff

Tá tús curtha sa Bhrasaíl le próiseas táinsimh i gcoinne an uachtaráin Dilma Rousseff. Ach an mbeidh rath ar bith ar an iarracht? Tá an crúibín cam curtha i leith an fhir atá ag iarraidh Rousseff a tháinseamh

Dilma Rousseff, a bhfuil na líomhaintí atá curtha ina leith séanta aici. Pictiúr: Wilson Dias/Agência Brasil
Dilma Rousseff, a bhfuil na líomhaintí atá curtha ina leith séanta aici. Pictiúr: Wilson Dias/Agência Brasil

‘Casadh an chorcáin leis an gciteal,’ sin é an nath cainte is fearr a dhéanfadh cur síos ar an gcasadh is úire i sobaldhráma atá ag dul ar aghaidh sa Bhrasaíl ó thús na bliana seo: na hiarrachtaí fáil réidh le huachtarán na tíre, Dilma Rousseff. Sin, nó ‘an calaoiseoir ag aoradh ar an gcuntasóir cruthaitheach’.

Céard é an scéal?

An cúlra ar dtús. I ndiaidh blianta fada fáis inar éirigh le Páirtí na nOibrithe (PT) – sin é páirtí Dilma Rousseff agus an iar-uachtaráin Lula – na scórtha milliún duine a tharraingt aníos as an mbochtanas, blianta inar tháinig méadú mór millteach ar an meánaicme, thit an tóin as eacnamaíocht na Brasaíle thart ar bhliain ó shin. Tá an ráta dífhostaíochta ag ardú agus an costas maireachtála leis – fad is atá airgeadra na tíre, an real, ag sleamhnú síos le fána.

Níorbh é an bealach a ndeachaigh Rousseff, a bhfuil an chéad bhliain dá dara téarma curtha di aici, i ngleic leis an ngéarchéim an cur chuige ba stuama.

I dtús báire, shéan sí, le linn an fheachtais don toghchán uachtaránachta deireanach, i bhfómhar na bliana seo caite, go raibh aon ghéarchéim ann. ‘D’inis sí bréaga do na vótóirí,’ a dúirt lucht na heite deise, an freasúra.

Ansin, bhain Rousseff úsáid as ‘cuntasóireacht chruthaitheach’ chun cuma níos fearr a chur ar chuntais reatha na tíre: cuireadh moill ar mhór-íocaíochtaí áirithe de chuid rialtais d’aon ghnó, le go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh níos mó airgid sa státchiste ná mar a bhí i ndáiríre.

'Gread leat, a Dilma' atá scríofa ar bhratach na léirseoirí seo. Pictiúr: Wilson Dias/Agência Brasil
‘Gread leat, a Dilma’ atá scríofa ar bhratach na léirseoirí seo. Pictiúr: Alex Hijmans

I mí Márta na bliana seo, chuaigh 1.2 milliún Brasaíleach amach ar na sráideanna – sráideanna São Paulo agus cathracha eile i ndeisceart rachmasach na tíre go háirithe – chun a bhfearg a léiriú. Chuaigh mionlach i measc na léirseoirí seo chomh fada le hiarraidh ar na fórsaí armtha Dilma Rousseff a chur as oifig; ‘impeachment’ (níl aon fhocal ar ‘tháinseamh’ sa Phortaingéilis) a bhí á éileamh ag móramh an lucht agóide.

Fógraíodh Dé Céadaoin go ndéanfar toil na léirseoirí seo: tá tús curtha anois le próiseas a bhféadfadh táinseamh Dilma Rousseff a bheith mar thoradh air.

Casadh beag sa scéal…

Tarlaíonn sé go bhfuil calaois ar scála ollmhór curtha i leith an fhir a bhfuil an próiseas táinsimh i gcoinne Dilma Rousseff á thiomáint aige, Ceann Comhairle na Brasaíle, Eduardo Cunha. Polaiteoir coimeádach, soiscéalaíoch é seo a bhfuil sé curtha ina leith gur ghlac sé le breabanna ar fiú na milliúin euro iad agus gur bhain sé úsáid as cuntas bainc san Eilvéis chun airgead a sciúradh.

An calaoiseoir ag aoradh ar an gcuntasóir cruthaitheach – cén rath a d’fhéadfadh a bheith air sin?

Rath ar bith, a mheasann móramh na dtráchtairí polaitiúla sa Bhrasaíl. Faoi láthair, níl ach an chéad chéim tugtha: tá an próiseas táinsimh fógartha go hoifigiúil. Tá coimisiún speisialta uilepháirtí le tuilleadh anailíse a dhéanamh agus má cheapann an coimisiún sin go bhfuil dóthain fianaise ann chun dul ar aghaidh leis an bpróiseas, caithfidh móramh dhá thrian i dTeach na nIonadaithe glacadh lena moladh. D’uireasa fianaise níos tromchúisí, bheadh sé fíordheacair ar an bhfreasúra móramh mar sin a tharraingt le chéile agus, dá bharr sin, is í tuairim na coitiantachta go dtiocfaidh Dilma Rousseff – a bhfuil na cúiseanna atá curtha ina leith séanta go láidir aici – slán.

Ach idir an dá linn, is ar éigean go mbeidh rath ar bith i ndán don Bhrasaíl. D’fhéadfadh próiseas táinsimh dhá bhliain a thógáil, agus is deacair a shamhlú go ndéanfaidh éiginnteacht pholaitiúil mar seo leas na heacnamaíochta, atá ag cúlú lá i ndiaidh lae.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tús curtha sa Bhrasaíl le próiseas táinsimh i gcoinne an uachtaráin Dilma Rousseff'