TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Titim mhór mhillteach ar líon na ndúnmharuithe

Fiú agus fear atá go láidir i bhfabhar gunnaí ina uachtarán ar an mBrasaíl, tháinig laghdú 19 faoin gcéad ar líon na ndúnmharuithe sa tír anuraidh

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Titim mhór mhillteach ar líon na ndúnmharuithe

Bhí titim mhór mhillteach – 19 faoin gcéad – ar líon na ndúnmharuithe sa Bhrasaíl anuraidh. 41,635 dhúnmharú a tharla sa tír i 2019, le hais 51,558 sa bhliain 2018. Tá an líon fós ard: is ionann an líon daoine a dúnmharaíodh sa Bhrasaíl anuraidh agus daonra iomlán chontae an Longfoirt nó bhaile Dhún Dealgan. Mar sin féin, tuar dóchais is ea iad figiúirí 2019, a foilsíodh ag an deireadh seachtaine.

Dar le saineolaithe ó Ollscoil Fheidearálach São Paulo (USP) agus an Fhóraim Bhrasaíligh um Shlándáil Phoiblí (FBSP) a mhínigh an scéal don suíomh nuachta G1, tá ceithre phríomhchúis leis an laghdú a tháinig ar líon na ndúnmharuithe anuraidh.

Ar dtús, tá athrú tagtha, de réir cosúlachta, ar na caidrimh idir na buíonta drugaí éagsúla; tá deireadh le seanchoimhlintí áirithe agus tá comhghuaillíochtaí nua déanta.

Lena chois sin, tá monatóireacht níos fearr á déanamh ar cheannairí na mbuíonta éagsúla, a bhfuil a bhformhór i bpríosún. D’éiríodh leis na ceannairí sin dúnmharuithe díoltais a ordú fiú agus iad gafa, ach is cosúil go bhfuil súil níos géire á coinneáil orthu sa chóras príosúnachta.

Cúrsaí polaitíochta an tríú cúis a mheastar a bheith leis an laghdú. Léiríonn na staitisticí go mbíonn titim ar líon na ndúnmharuithe go hiondúil sa bhliain a leanann bliain toghcháin, agus gobharnóirí na stát éagsúla ar a mbionda ag iarraidh geallúintí maidir leis an tsábháilteacht phoiblí a chomhlíonadh. Sa Bhrasaíl, is iad gobharnóirí agus rialtais na stát éagsúil, seachas an rialtas feidearálach i gcathair Brasília, atá freagrach as cúrsaí póilíneachta agus slándála – rud a mhíníonn conas is féidir gur tháinig laghdú chomh mór sin ar líon na ndúnmharuithe sa chéad bhliain d’uachtaránacht Jair Bolsonaro, fear atá go láidir i bhfabhar an ghunna.

Go deimhin, léiríonn an ceathrú cúis a mheastar a bheith leis an titim mhór ar líon na ndúnmharuithe gur thosaigh an laghdú i gcuid de stáit éagsúla na tíre i bhfad sular toghadh Bolsonaro ina uachtarán. Tá polasaithe láidre i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhforéigean féin agus le cúiseanna an fhoréigin i stáit áirithe le roinnt mhaith blianta anuas – an stát is mó ó thaobh daonra de, São Paulo, san áireamh.

Ach cé gur tuar dóchais a bhí i bhfigiúirí 2019 ina n-iomláine, bhí droch-chomhartha le haithint i ráithe dheireanach na bliana. Tháinig ardú arís ar líon na ndúnmharuithe i naoi gcinn den 26 stát sa tír sa tréimhse sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Titim mhór mhillteach ar líon na ndúnmharuithe'