TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Státrúnaí cultúir briste as a phost de bharr bolscaireachta ‘ar stíl na Naitsíoch’

B’éigean do Jair Bolsonaro a státrúnaí Cultúir a bhriseadh as a phost nuair a chroch Roberto Alvim físeán ar an idirlíon a mheabhraigh caint agus stíl aire bolscaireachta na Naitsíoch, Joseph Goebbels

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Státrúnaí cultúir briste as a phost de bharr bolscaireachta ‘ar stíl na Naitsíoch’

Cuireadh tús leis an mbliain nua i saol na polaitíochta sa Bhrasaíl le círéib nuair a b’éigean d’uachtarán fíorchoimeádach na tíre, Jair Bolsonaro – fear nach gcuireann fiacail ann go hiondúil – duine níos conspóidí ná é a bhriseadh as a phost.

Díreach roimh an deireadh seachtaine, chroch Roberto Alvim, a bhí ina státrúnaí sa Roinn Cultúir go dtí Dé hAoine, físeán ar an idirlíon inar thug sé uaidh aitheasc a mheabhraigh caint a thug aire bolscaireachta na Naitsithe, Joseph Goebbels, uaidh thiar sa bhliain 1933.

‘Beidh laochas ag baint le healaín na Brasaíle na ndeich mbliana atá romhainn agus ealaín náisiúnta a bheas inti, beidh ar a cumas dul i  bhfeidhm ar na mothúcháin go mór agus beidh sí údarásach leis, ós rud é go mbeidh dlúthcheangal aici le mianta práinneacha ár bpobail – nó ní bheidh tada inti,’ a dúirt Roberto Alvim i bhfíseán a crochadh ar an idirlíon an tseachtain seo caite chun comórtas ealaíne tábhachtach de chuid na Brasaíle a fhógairt.

‘Beidh laochas ag baint le healaín na Gearmáine na ndeich mbliana atá romhainn agus beidh sí crua agus rómánsúil, beidh sí oibiachtúil agus saor ó mhaoithneas, beidh sí náisiúnta agus rachaidh sí i bhfeidhm ar na mothúcháin go mór, beidh sí údarásach agus ceanglóidh sí [an pobal] – nó ní bheidh tada inti,’ a dúirt Goebbels thiar i 1933.

Dar le hiar-státrúnaí Cultúir na Brasaíle nach raibh sna cosúlachtaí idir a chaint féin agus caint aire bolscaireachta na Naitsithe ach ‘comhtharlúint’, ach tharla go raibh tagairtí físiúla san fhíseán, leis, a mheabhraigh ‘aeistéitic’ na Naitsithe. Thug Alvim a chaint uaidh agus é suite ag bord, cros, bratach na Brasaíle agus portráid an uachtaráin Jair Bolsonaro taobh thiar de.

Tugadh faoi deara láithreach na cosúlachtaí idir caint Alvim agus caint Goebbels agus nuair a léirigh mórchuid ealaíontóirí agus polaiteoirí – lucht tacaíochta Bolsonaro ina measc go deimhin – a ndéistin, ní raibh aon rogha ag uachtarán na Brasaíle ach an státrúnaí Cultúir, nár chaith ach trí mhí sa phost, a chur as oifig.

An athróidh sin tada do chás na n-ealaíon sa Bhrasaíl, réimse ina bhfuil ciorruithe móra déanta ag rialtas Bolsonaro le bliain anuas? (Cuid de na ciorruithe sin ba ea deireadh a chur leis an Roinn Cultúir – cuid de Roinn na Turasóireachta is ea an státrúnaí Cultúir.) Is í tuairim na coitiantachta go leanfar ar aghaidh leis na hiarrachtaí ealaín a spreagadh ina mbeidh luachanna coimeádacha Críostaí go mór chun tosaigh – ach go mbeidh pé duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar Roberto Alvim (tá an banaisteoir Regina Duarte á lua go láidir leis an bpost) níos cúramaí faoi chúrsaí bolscaireachta.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Státrúnaí cultúir briste as a phost de bharr bolscaireachta ‘ar stíl na Naitsíoch’'