TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Scríbhneoir bundúchasach ina bhall de mhóreagraíocht liteartha den chéad uair

Is é an scríbhneoir, an fealsamh agus an gníomhaí pobail Ailton Krenak an chéad bhundúchasach riamh a toghadh ina bhall d’Acadamh Brasaíleach na Litríochta

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Scríbhneoir bundúchasach ina bhall de mhóreagraíocht liteartha den chéad uair

Den chéad uair riamh, beidh scríbhneoir bundúchasach ina bhall d’Acadamh Brasaíleach na Litríochta (Academia Brasileira de Letras), an eagraíocht liteartha is tábhachtaí sa tír.

Tá an tAcadamh ar an bhfód le 126 bliain anuas ach ní raibh duine de chéad áitritheoirí na tíre ina bhall de riamh.

Ach an tseachtain seo caite, fógraíodh go mbeidh an scríbhneoir, an fealsamh agus an gníomhaí pobail Ailton Krenak (70) ina bhall saoil den eagraíocht, a bhfuil sé mar aidhm aici litríocht na Portaingéilise agus cultúr na Brasaíle a chur chun cinn.

Ach deir Krenak, ar ball é den phobal bundúchasach Krenak, gurb é ceann de na cuspóirí is mó a bheidh aige san Acadamh ná a léiriú do mhuintir na Brasaíle agus don domhan mór nach í an Phortaingéilis an t-aon teanga amháin a labhraítear sa Bhrasaíl.

‘Ní hí an Phortaingéilis an t-aon teanga amháin sa Bhrasaíl. B’fhéidir gurb í an teanga oifigiúil í, ach tá 180 teanga bhundúchasach éagsúil á labhairt sa tír seo, agus tá cuid mhaith de na teangacha sin á n-athchruthú féin, á gcur féin in oiriúint do shaol an lae inniu,’ a dúirt Ailton Krenak leis an suíomh nuachta G1.

Ceann de na smaointe atá ag Krenak ná ardán a fhorbairt ar a mbeadh pobail bhundúchasacha na tíre in ann a scéalta féin a insint ina dteangacha éagsúla féin.

Ar bhruacha an Rio Doce, an abhainn is truaillithe i Meiriceá Theas agus, gach seans, ar chlár na cruinne, a rugadh Ailton Krenak. Tá pobal na Krenak ar cheann de na treibheanna bundúchasacha is lú dá bhfuil fágtha sa Bhrasaíl, agus ar cheann de na cinn is mó a d’fhulaing ó ionradh na tionsclaíochta: i gceantar mianadóireachta i stát Minas Gerais, i lár na tíre, atá tailte na treibhe. I dtús an 20ú céad bhí 5,000 Krenak ann; inniu, níl fágtha sa phobal ach 130 duine.

Creideann na Krenak gurb í an Rio Doce seanathair na treibhe, agus ceann de na téamaí lárnacha i scríbhneoireacht Ailton Krenak ná an smaoineamh gurb é an scaradh saorga a chuir an aigne iartharach i bhfeidhm idir homo sapiens agus an chuid eile den domhan bunchúis ghéarchéim na haeráide agus gach fadhb thimpeallachta eile.

Ní dhéanfadh an duine creach ar shliabh dá dtuigfeadh sé gur neach beo atá sa sliabh, ná ní chaithfeadh sé dramhaíl mhianadóireachta in abhainn dá dtuigfeadh sé gur gaol dúinn í: sin í, go hachomair, an teachtaireacht atá ag Ailton Krenak dúinn ina leabhar Ideias para adiar o fim do mundo (‘Moltaí chun deireadh an domhain a chur ar athlá’), atá ar fáil i mBéarla faoin teideal Ideas to Postpone the End of the World (2019). Tá dhá leabhar eile dá chuid ar fáil i mBéarla freisin: Life is not Useful (2020) agus Future Ancestor (2022).

Spéisiúil go leor, cé go bhfuil cáil mhór ar Krenak sa Bhrasaíl agus thar lear mar scríbhneoir (aistríodh a shaothar go 13 teanga), is mar scéalaí is mó a bhreathnaíonn sé air féin, oidhre beo ar thraidisiún béil a phobail. Tá súil aige go n-éireoidh leis cur leis an tuiscint ‘ar an rud seo ar a dtugtar litríocht’ agus a léiriú nach bhfuil sí teoranta don fhocal scríofa amháin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Scríbhneoir bundúchasach ina bhall de mhóreagraíocht liteartha den chéad uair'