TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáinne fí de thriomach agus falscaithe á thuar

Agus limistéar chomh mór le contaetha na Gaillimhe agus an Chláir curtha le chéile á chur trí thine i bhforaois na hAmasóine bliain i ndiaidh bliana, tá rabhadh lom ag eolaithe aeráide don Bhrasaíl

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáinne fí de thriomach agus falscaithe á thuar

Fáinne fí de thriomach agus falscaithe a chuirfidh as do chumas na tíre bia a sholáthar don daonra agus a d’fhéadfadh deireadh a chur ar fad le foraois bháistí na hAmasóine: níl ansin ach ceann amháin de na rabhaidh don Bhrasaíl a bhí i mórthuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Níl ar mhuintir na Brasaíle ach an teilifís a chur ar siúl chun na comharthaí a fheiceáil lena súile féin. Mí Lúnasa atá ann, agus tá an tír trí thine. Níl séasúr an triomaigh ach ina thús ach cheana féin tuairiscítear go bhfuil breis agus 2,500 falscaí ann; tá ainmhithe fiáine i mbaol a mbáis agus tá an pobal i gcathracha áirithe i lár na tíre á bplúchadh ag an toit.

Ní haon rud nua iad falscaithe an tséasúir thirim; cuid d’éiceachóras fhoraois bháistí na hAmasóine agus shabhánaí lár na tíre iad. Ach ní haon rud nua ach oiread, is baolach, an duine ag teacht i dtír ar thimthriall nádúrtha an dúlra. Ó thús an chéid seo caite, tá feirmeoirí agus mianadóirí ag déanamh ionraidh ar fhoraoiseacha agus sabhánaí na Brasaíle agus séasúr na dtinte mar sheift acu. Agus oiread falscaithe nádúrtha ann, cé a thabharfadh aird ar chúpla ceann – nó cúpla céad ceann – breise?

Ó 2005 i leith, a bhuíochas leis an mbrú idirnáisiúnta a cuireadh ar uachtarán na linne sin, Lula, tháinig titim shuntasach ar líon na bhfalscaithe mídhleathacha sin. Ar feadh dornán blianta bhí cuma réasúnta maith ar chúrsaí. Ach is i méid atá líon na bhfalscaithe mídhleathacha ag dul arís ó toghadh Jair Bolsonaro ina uachtarán i nDeireadh Fómhair 2018.

Léiríonn na staitisticí oifigiúla is déanaí gur scriosadh os cionn 10,000 ciliméadar cearnach d’fhoraois na hAmasóine sa Bhrasaíl le bliain anuas – sin limistéir chontaetha na Gaillimhe agus an Chláir le chéile. Is í an tríú bliain as a chéile go raibh an scrios chomh mór sin; i bhfocail eile, tá an scrios chomh mór sin ó tháinig Jair Bolsonaro i gcumhacht. Ní dea-thuar don todhchaí ach oiread reachtaíocht atá á cur i bhfeidhm ag rialtas Bolsonaro faoi láthair a dhéanfaidh níos éasca é d’fheirmeoirí seilbh dhleathach a fháil ar thalamh ar cuireadh an fhoraois trí thine ann go mídhleathach.

D’fhonn beithígh a chur ag innilt nó pónairí soighe a fhás den chuid is mó atá scrios á dhéanamh ar fhoraois bháistí na hAmasóine. Íorónta go leor, d’fhéadfadh an craos céanna soláthar bia na tíre a chur i mbaol.

A bhuíochas le haeráid thrópaiceach na Brasaíle is féidir fómhar mhórchuid barr a bhaint faoi dhó sa bhliain faoi láthair. Ach ceapann na heolaithe go bhféadfadh deireadh a theacht leis an mbuntáiste táirgiúlachta sin má leathnaíonn an séasúr tirim agus má laghdaíonn an séasúr fliuch oiread na fríde breise.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáinne fí de thriomach agus falscaithe á thuar'