TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Breablathas’ í an tír seo a deir ionchúisitheoirí poiblí

San eagrán is déanaí de shobaldráma na scannal calaoise sa Bhrasaíl, cuireadh i leith iar-uachtarán iomráiteach na tíre, Lula, gurbh é a bhí i gceannas ar an scannal is mó acu ar fad. Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Lula…

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Breablathas’ í an tír seo a deir ionchúisitheoirí poiblí

Seans go bhfuil léitheoirí Tuairisc.ie dubh dóite de scéalta faoi chalaois sa Bhrasaíl. Is cinnte go bhfuil comhfhreagraithe idirnáisiúnta atá lonnaithe sa tír tinn tuirseach díobh. Gan trácht, ar ndóigh, ar mhuintir bhocht na Brasaíle féin.

Ach tá cor nua sa scéal a chaithfear a insint.

Dé Céadaoin, cuireadh i leith an iar-uachtaráin iomráitigh Lula, a bhí i gceannas ar an mBrasaíl idir 2003 agus 2011, gurbh é ‘ceann feadhna’ na scéime caimiléireachta ollmhóire a bhí ar bun sa chomhlacht ola leathstáit Petrobras, scéim atá á fiosrú le blianta beaga anuas.

Tá sé á mhaíomh ag na hionchúisitheoirí poiblí sa Bhrasaíl gur íocadh luach nach mór milliún euro le Lula féin mar chuid den scéim, agus gur chaill an comhlacht ola Petrobras os cionn €11 billiún de bharr na caimiléireachta ar fad.

‘Breablathas’, nó flaitheas ina bhfuil calaois agus caimiléireacht i réim, a thug duine de na hionchúisitheoirí poiblí, Deltan Dallagnol, ar réimeas Lula.

Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Lula.

Dúirt a dhlíodóir, Cristiano Zanin Martins, go ndearna na hionchúisitheoirí poiblí dearmad fianaise a sholáthar, agus nach bhfuil sna líomhaintí ach ‘seó bóthair do na meáin’.

Dúirt an t-iaruachtarán Dilma Rousseff, a tháinig i gcomharbacht ar Lula i 2011 agus a táinsíodh coicís ó shin í féin, gur iarracht atá sna líomhaintí bac a chur ar Lula seasamh don uachtaránacht arís sa chéad toghchán uachtaránachta eile, a bheidh ar siúl sa bhliain 2018.

Bhí (agus tá) Lula ina dhia beag ag na scórtha milliún bochtán sa Bhrasaíl, agus go deimhin ag an eite chlé ar fud an domhain. Chuir polasaithe a pháirtí, Páirtí na nOibrithe (PT), lena mbaineann Dilma Rousseff freisin, deireadh leis an ocras sa Bhrasaíl agus ba iad ba chúis le méadú mór na meánaicme sa tír sa chéad deich mbliana den 21ú céad.

Ach le trí bliana anuas, tá géarchéim pholaitiúil agus eacnamaíoch sa tír. Tháinig deireadh drámatúil le réimeas Pháirtí na nOibrithe coicís ó shin nuair a táinsíodh Dilma Rousseff. Má chruthaítear na líomhaintí a rinneadh an tseachtain seo i gcoinne an iar-uachtaráin Lula, beidh oidhreacht dhuine de mhórpholaiteoirí na linne seo, duine de laochra na heite clé ar fud an domhain, scriosta.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Breablathas’ í an tír seo a deir ionchúisitheoirí poiblí'

  • Fearn

    “Seans go bhfuil léitheoirí Tuairisc.ie dubh dóite de scéalta faoi chalaois sa Bhrasaíl.”

    Níl, leoga. Is maith liom calaois na Brasaíle agus calaois na hÉireann a mheas de réir a chéile.

  • Cluain Sceach

    An-alt, níltear dubh dóite ná é.