TUAIRISC Ó SAM: 5 rud le faire ar Super Tuesday…

Inniu ‘An Mháirt Mhór’, an lá is tábhachtaí go dtí seo i dtoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Céard atá ag tarlú?

Super tuesday pics

1. Céard é Super Tuesday?

Tá níos mó vótaí ar fáil inniu do na seachtar iarrthóirí Uachtaránachta atá fágtha sa rás ná a bhí ar aon lá vótála eile roimhe seo. Beidh vóta inniu ann i 13 stát agus i ndúiche Samó Mheiriceá. Beidh vóta chomh maith ag grúpa de bhaill na nDaonlatach a bhfuil cónaí orthu thar sáile. 1,460 toscaire atá le buachan (865 i gcás na nDaonlathach agus 595 i gcás na bPoblachtach).

Beidh vótáil ar bun d’iarrthóirí an dá pháirtí in Alabama, Arkansas, Georgia, Massachusetts, Minnesota, Oklahoma, Tennessee, Texas, Vermont agus Virginia. Beidh cácas in Alaska do na Poblachtaigh agus toghchán i Colorado do na Daonlathaigh.

Cé go raibh cácas nó toghchán tosaigh i gceithre stát le mí anuas (Iowa, New Hampshire, Nevada agus South Carolina), ní raibh ach 2% de na toscairí Daonlathacha le buachan iontu agus 5% de thoscairí na bPoblachtach. Faoin lá amárach beidh thart faoin gceathrú cuid de na toscairí iomlán leithdháilte ag an dá pháirtí.

Bernie-sanders-franklin-nh-20150802-DSC02607_(19619885364)

2. An seans deireanach do Bernie Sanders

Cé go bhfuil airgead agus fuinneamh fós aige, d’fhág bua saoráideach Hillary Clinton i South Carolina gurb é seo an seans deireanach ag an Seanadóir ó Vermont Bernie Sanders a chruthú go bhféadfadh sé an t-ainmniúchán Daonlathach a bhaint amach.

Tá foireann feachtasaíochta Clinton ag tuairisciú go bhfuil a feachtas dírithe anois ar Donald Trump, an t-iarrthóir atá chun tosaigh don ainmniúchán Poblachtach, agus iad dóchasach go gcuirfear de dhroim seoil an Seanadóir Sanders inniu.

Cé go raibh iomaíocht ghéar idir Sanders agus Clinton in Iowa agus New Hampshire, tá i bhfad níos mó de na holltoscairí ag tabhairt a gcuid tacaíochta do Clinton, rud a chiallaíonn go bhfuil 544 toscaire aici féin agus 85 toscaire ag Sanders. Tá 2,383 toscaire ag teastáil leis an ainmniúchán a bhaint amach. Mura éiríonn le Sanders dul i bhfeidhm ar cúpla Stát ar a laghad inniu, ní bheadh ar a chumas an sprioc i dtaobh na dtoscairí a bhaint amach.

De réir na bpobalbhreitheanna éireoidh le Clinton i ngach Stát seachas Stát Saunders féin, Vermont, agus Massachusetts.

Donald Trump

3. An seans deireanach le deireadh a chur le feachtas Trump

Tugann na pobalbhreitheanna le fios go mbeidh an bua ag Trump i naoi Stát inniu, rud a chuirfeadn an billiúnaí i bhfad chun tosaigh ar na hiarrthóirí eile.

Tá cúigear fós san iomaíocht d’ainmniúchán na bPoblachtach agus faoi láthair is é Trump atá chun toasigh le 82 toscaire aige. Tá an Seanadóir Ted Cruz sa dara háit le 17 toscaire agus an Seanadóir Marco Rubio sa tríú háit le 16 toscaire. Cé nach bhfuil ach cúpla toscaire an duine ag John Kasich agus Ben Carson, tá an bheirt acu ag rá go leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an 15 Márta ar a laghad.

Ón 15 Márta ar aghaidh, athróidh an cur chuige toghchánaíochta i roinnt Stát – ón uair sin amach an té a bhaineann an chéad áit amach, buafaidh sé na toscairí ar fad. An t-aon phlean atá fágtha chun Trump a chur de dhroim seoil ná go bhfanfaidh cúigear san iomaíocht go dtí sin ag súil go mbeidh iarrthóirí, ar nós Kasich, in ann a Stáit dhúchais a thabhairt leo.

Ted_cruz_2011

4. An mbeidh rath ar Ted Cruz i Texas?

Tá tábhacht mhór ag baint le rath an Seanadóra Ted Cruz ina Stát féin, Texas. Caithfidh sé an chéad áit a bhaint amach má tá sé ag iarraidh leanúint ar aghaidh agus a thaispeáint do cheannairí an Pháirtí Phoblachtaigh gurb é féin an t-iarrthóir is fearr chun dul in iomaíocht le Trump.

De réir na bpobalbhreitheanna tá sé chun tosaigh in Arkansas chomh maith faoi láthair. Más féidir le Cruz an dá Stát seo a bhuachan agus, ar a laghad, fanacht chun tosaigh ar Marco Rubio sna Stáit eile, tá gach seans ann go ndéanfaidh sé dul chun cinn maith go náisiúnta.

22681512546_cf236ed9b0_b

5. An oibreodh ionsaithe Marco Rubio ar Donald Trump?

Bhain conspóid eile de Donald Trump thar an deireadh seachtaine agus an chuma ar an scéal go raibh drogall air easaontú le David Duke, ball den Ku Klux Klan, a labhair amach ar son Trump agus a gcuid polasaithe le déanaí.

Tá Marco Rubio ag baint leasa as an gconspóid seo le fogha a thabhairt faoi Trump, agus an Seanadóir ó Florida ag cur in iúl don lucht vótála go gcaillfeadh Trump dá gcuirfí in iomaíocht le Hillary Clinton é.

Beidh le feiceáil an mbeidh aon tionchar ag an gconspóid seo ar fheachtas Trump ach beidh bua amháin ar a laghad ag teastáil ó Rubio más mian leis leanúint ar aghaidh go dtí an 15 Márta agus an toghchán tosaigh ina Stát féin, Florida.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó SAM: 5 rud le faire ar Super Tuesday…'