TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Díocas agus cruinneas na Gaillimhe a chinntigh a mbua stairiúil

CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: D’aimsigh tosaithe na Gaillimhe scóranna den scoth, ach ba í an obair a rinneadh níos faide siar an pháirc bunchloch an bhua

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Díocas agus cruinneas na Gaillimhe a chinntigh a mbua stairiúil

Pádraig Mannion ag cur brú ar chúlbháire Phort Láirge Stephen O'Keeffe. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann, 2017

Gaillimh 0-26

Port Láirge 2-17

Briseadh croí a bhí i ndán do Ghaillimh le 29 bliain anuas, agus ba chuma dá bharr cén chaoi a gcuirfidís deireadh leis an ngorta, fad is go gcuirfí deireadh leis. Ní áireofar an cluiche ceannais seo i measc na gcluichí ceannais ab fhearr riamh, ach ní chuirfidh sé sin isteach nó amach ar mhuintir an iarthair.

Beidh an-díomá ar Phort Láirge faoin taispeántas a thug siad uathu, ach cé go raibh na Déisigh ag streachailt ó thús, ní gan dua a chuir Gaillimh de dhroim seoil iad.

D’aimsigh tosaithe na Gaillimhe scóranna den scoth, ach ba í an obair a rinneadh níos faide siar an pháirc bunchloch an bhua. Bhí an díograis agus an díocas a léirigh imreoirí Mhicheál Donoghue cinniúnach agus an lámh in uachtar ag a bhformhór ar a gcéilí comhraic ó thaobh nirt agus fuinnimh de. Nuair a bhí coimhlint caoga-caoga le buachan, ba mhinice ná a mhalairt gur Ghaillimheach a tháinig amach leis an sliotar.

I ndáiríre, ábhar iontais a bhí ann go raibh Port Láirge i bhfoisceacht aon phointe amháin de Ghaillimh ag leath ama, 0-14 in aghaidh 2-7. Bhí 15 nóiméad ann sular chuir siad aon iarracht ar scór amú agus bhí naoi bpointe acu faoin tráth sin. Nuair a d’aimsigh Conor Whelan pointe i ndiaidh 30 nóiméad, bhí scór amháin ar a laghad faighte ag tosaithe agus fir lár páirce uile na Gaillimhe, seachas Jonathan Glynn. Ina ainneoin sin, ní raibh Gaillimh ach pointe chun cinn.

Cé nach raibh siad ag imirt go maith, d’aimsigh Port Láirge dhá chúl sa chéad leath chun iad a choinneáil sa choimhlint.

©INPHO/Ryan Byrne

Chuir Gaillimh tús den scoth leis an gcluiche, agus tháinig fuinneamh a gcuid imeartha aniar aduaidh ar Phort Láirge. D’aimsigh Joe Canning, Johnny Coen, Joseph Cooney agus Cathal Mannion pointí sa chéad trí nóiméad, bhain cúl Kevin Moran sa chúigiú nóiméad cuid den loinnir den tús iontach sin.

Ansin, agus Gaillimh trí phointe chun cinn i ndiaidh 21 nóiméad, d’aimsigh Port Láirge cúl eile. Sheol Kieran Bennett pas isteach i dtreo imeall na cearnóige agus cé go raibh Shane Bennett agus Adrian Tuohey beirt sa tóir ar an liathróid , bhreathnaigh sé gur phreab sí tharstu agus díreach isteach san eangach.

Is beag a bhí idir na foirne as sin go dtí gur chuir Pauric Mahony Port Láirge chun cinn den chéad uair luath sa dara leath. Ar an drochuair do Derek McGrath agus a chuid imreoirí, lá ab ea é seo nach ngéillfí aon rud go bog leo.

Bhí cuid mhór cainte ann roimh an gcluiche faoi cé chomh láidir agus a bhí fir ionaid Phort Láirge ach, ar deireadh, beirt a tháinig isteach do Ghaillimh, Jason Flynn agus go háirithe Niall Burke, is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an imirt.

Sular tháinig siad isteach, ní raibh ag éirí rómhaith le Gaillimh ag bualadh na liathróide isteach ard agus bhí an cur chuige sin léite go maith ag Tadhg de Búrca. D’athraigh cúrsaí, áfach, le teacht Burke agus Flynn, a d’aimsigh dhá phointe an duine.

Bearna trí nó ceithre phointe a bhí ag Gaillimh den chuid is mó den cheathrú uaire deireanach agus cé nach raibh ach cúl eatarthu nuair a d’aimsigh Pauric Mahony poc saor eile i ndiaidh 68 nóiméad, thosaigh na Déisigh ag déanamh botún.

©INPHO/Ryan Byrne

Chuir Mahony, Kevin Moran agus Austin Gleeson iarrachtaí ar fóraoil agus iad ag iarraidh teacht ar ais sa chluiche. Agus é imeallach go maith ó thús an chluiche, bhí Gleeson anois ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an gcluiche ar chuma éigin. Léiriú ab ea an buille saor eile a chuir sé amú in am cúitimh ar an gcineál lá a bhí aige féin agus ag Port Láirge.

Ní raibh tionchar chomh mór sin ag réalta na Gaillimhe, Joe Canning, ar an imirt ach an oiread ach, mar atá feicthe arís agus arís eile i mbliana, tá na fir timpeall air sách maith chun an beart a dhéanamh. Rinne siad arís inniu é ar an lá is mó ar fad acu.

Gaillimh: C Callanan; A Tuohey, Daithí Burke, J Hanbury; P Mannion, G McInerney, A Harte; J Coen (0-1), David Burke (0-4); J Cooney (0-2), J Canning (0-9, 6 poc saor, 1 poc taobhlíne), C Mannion (0-2); C Whelan (0-1), J Glynn, C Cooney (0-3). Ionadaithe: N Burke (0-2) in áit J Glynn (42 nóim), J Flynn (0-2) in ait C Mannion (54 nóim), S Maloney for David Burke (69 nóim).

Port Láirge: S O’Keeffe; S Fives, B Coughlan, N Connors; T de Búrca, A Gleeson, Philip Mahony; J Barron (0-2), K Bennett (1-0); K Moran (1-1), Pauric Mahony (0-11, 6 poc saor), J Dillon; Shane Bennett, M Walsh (0-1), D Fives. Ionadaithe: M Shanahan in áit Shane Bennett (22 nóim), B O’Halloran (0-1) in áit J Dillon (48 nóim), T Ryan (0-1) in áit M Walsh (55 nóim), C Dunford in áit J Barron (65 mins).

Réiteoir: Fergal Horgan

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Díocas agus cruinneas na Gaillimhe a chinntigh a mbua stairiúil'

  • maitiu

    Robaladh Corcaigh sna mionuir. Cul brea a cuireadh ar fionrai. Mo naire e an maor taobhline.