Tuairisc ó Bhéal – Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge?

Ar ‘Tuairisc ó Bhéal’ na seachtaine seo, déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall

Tuairisc ó Bhéal – Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge?

Fág freagra ar 'Tuairisc ó Bhéal – Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge?'

  • Sorcha de B

    Plé suimiúil. Tá ceist agam faoin easpa léirmheastóirí a luann Seán Tadhg Ó Gairbhí: an bhfuil aon ní á dhéanamh aige siúd chun léirmheastóirí a chothú? Cuid de ról an eagarthóra is ea scríbhneoirí a spreagadh i mbun pinn. Feicim corrailt ar Comhar agus ar Tuairisc ó scríbhneoirí óga a bhfuil gealladh fúthu ach nach bhfeictear faic uathu tar éis dóibh alt nó dhó a scríobh ar an ábhar sainspéise atá acu féin. An iarrann eagarthóirí Comhar tuilleadh ábhar ó na scríbhneoirí sin nó an gcuirtear leabhair chucu le léirmheas a dhéanamh orthu, cuir i gcás?
    Dar liom féin go bhfuil na scríbhneorí óga ann ach gur gá iad a chothú. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, is iad na seandineasáir chéanna a bhíonn ag scríobh ar na hábhair chéanna agus níl bheith istigh ag daoine nua. Is iad eagarthóirí Comhar agus Tuairisc a shocraíonn cé na scríbhneoirí a gheobhaidh ‘cead isteach’ agus is féidir leo cúrsaí a athrú dá bharr.

  • Pól Ó Braoin

    Cén t-iontas é ar chor ar bith nach mbreathnaítear ar an nGaeilge mar mheán litríochta i dtír seo an bhéarla. An rud is mó a chaithfidh muid tuiscint ná gur cuma sa sioc le lucht an bhéarla céard a cheapfar abhus i saol beag na Gaeilge atá na mílte slí amach síos bóthar a gcuidne aineolais. Is maith liom gur féidir liom taitneamh a bhaint as saothar leithéide Joe Steve Ó Neachtain, go dtuga Dia suaimhneas dó agus dóibh siúd atá in éindigh leis ach a d’fhág an pléisiúr iontach scríofa seo ina ndiaidh dúinne le spórt a bhaint as a fhad agus a mhairfidh muid. Bíodh an diabhal le lucht an bhéarla agus lena gcuid liostaí gradam. Tá togha na Gaeilge scríofa againn féin ach é a phiocadh agus é a léamh, is againne lucht na léitheoireachta Gaeilge atá scoth an “Irish literature” in aice láimhe againn ar fáil. Níl gá ar bith a bheith buartha faoi liosta ná faoi ghradam ná faoi rud ar bith a chumfas lucht an bhéarla agus a fhios againn féin, lucht léite agus labhartha na Gaeilge, cá bhfuil an scríbhneoireacht Éireannach is fearr atá ar fáil.