Tuairisc.ie ag ceiliúradh ceithre bliana a bhunaithe inniu

Ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Ó shin i leith, thug os cionn 900,000 duine os cionn 3.65 milliún cuairt ar an suíomh

Tuairisc.ie ag ceiliúradh ceithre bliana a bhunaithe inniu

Tá Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ceithre bliana ar an bhfód inniu.

Cothrom an lae seo, ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.

Conradh ceithre bliana a bhronn Foras na Gaeilge ar Tuairisc.ie chun nuachtán seachtainiúil ar líne a chur ar fáil do phobal na teanga in Éirinn agus thar lear, agus cé gur tháinig deireadh leis an gconradh sin an samhradh seo cuireadh síneadh ama leis go dtí deireadh na bliana fad is atá a bhfuil i ndán do na foilseacháin Ghaeilge ar líne á bhreithniú.

Ó tháinig ann do Tuairisc.ie, thug os cionn 900,000 duine os cionn 3.65 milliún cuairt ar an suíomh agus d’amharc na daoine sin ar 7.36 milliún alt.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí aréir gur fianaise figiúirí léitheoireachta na seirbhíse gur éirigh le meitheal an tsuímh an phríomhsprioc a bhí acu a bhaint amach, ba é sin “seirbhís nuálaíoch, spreagúil a sholáthar a dhéanfadh tuairisciú cothrom agus anailís mhacánta ar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, Gaeilge agus Gaeltachta.”

Dúirt Ó Gairbhí gur chabhraigh “a dhiongbháilte ” is a bhí lucht Tuairisc.ie faoina gcur chuige leis an rath a bhí ar an suíomh ó bunaíodh é. 

“Níor dheineamar aon leathscéal riamh faoi gur seirbhís do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá á soláthar againn, ná gurb iad siúd ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad is túisce a dheintear fónamh orthu. Ba ann dúinn ó thús agus is ann dúinn i gcónaí chun scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin,” a dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur “ábhar mórtais” d’fhoireann an tsuímh gur éirigh leo “pobal mór léitheoirí dílse” a mhealladh go dtí suíomh nua nach raibh “a mhacasamhail” ann roimhe sin.

“Agus sinn i dtaobh le beagán acmhainní tá ag éirí linn seirbhís laethúil ilchineálach ilmheáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, seirbhís ar féidir le daoine brath uirthi agus muinín a bheith acu aisti. Tá sin déanta againn a bhuíochas dár bhfoireann bheag dhíograiseach agus den mheitheal iontach scríbhneoirí agus comhfhreagraithe atá againn.”

Ba é Cathal Goan, iar-cheannasaí TG4 agus RTÉ, a sheol Tuairisc.ie Déardaoin an 9 Fómhair 2014. 

Agus í á sheoladh go hoifigiúil aige, dúirt Goan go raibh súil aige go gcoinneodh an tseirbhís nuachta súil ghéar ar pholasaí Gaeilge an Rialtais agus ar an meon “gur leor an beagán anois agus nach gá níos mó”.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie go raibh an tuiscint gur ceist náisiúnta go fóill í ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach in obair an tsuímh.

“Tá an teanga á brú go himeall an tsaoil phoiblí i gcónaí agus bheimis ag loic inár ndualgas dá nglacaimis leis sin. Ábhar mórtais ar leith dúinn an tuairisciú, an taighde, an anailís agus an obair iniúchtha go léir atá déanta againn faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le ceithre bliana anuas. Bheadh go leor de scéal na teanga le linn na tréimhse sin, agus faraor níor dhea-scéal go minic é ná baol air, imithe i ngan fhios don saol d’uireasa Tuairisc.ie.”

Dúirt Ó Gairbhí gur leag Tuairisc.ie béim ar leith chomh maith ó thús ar “chruinnscríobh agus ar cheartúsáid na Gaeilge” agus go raibh “tábhacht ar leith” ag baint leis an ngné sin den tseirbhís.

 “Tá tobar na Gaeilge féin ag dul i ndísc ach ag an am céanna tá níos mó Gaeilge ná riamh á scríobh agus géarghá dá réir le foinsí iontaofa ó thaobh na teanga de,” a dúirt sé. 

Dúirt Ó Gairbhí go raibh súil aige go dtabharfaí aitheantas don “dul chun cinn mór” a bhí déanta ag Tuairisc.ie maidir le “múnla nua a fhorbairt d’iriseoireacht na Gaeilge” nuair a bheadh cinneadh á dhéanamh faoi mhaoiniú na seirbhíse nuachta Gaeilge ar líne amach anseo.

“Pé acu sinn féin nó dream éigin eile a bheidh i mbun na seirbhíse nuachta ar líne amach anseo, tá múnla anois ann ar chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil dó ar mhaithe le tógaint air agus é a fhorbairt sna blianta amach romhainn,” a dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Tuairisc.ie ag ceiliúradh ceithre bliana a bhunaithe inniu'

  • Liz

    Comhghairdeas..seirbhís spreagúil….anailís mhacánta gan dabht.
    Go n-éirí libh le maoiniú na seirbhíse amach anseo

  • Páidí

    Comhghairdeas libh! Tá an-jab á dhéanamh agaibh. Coinnigí suas é agus tá súil agam go mbronnfar an chéad chonradh eile oraibh!

  • Seán Mac Gearailt

    Gura fada buan sibh….seirbhís den scoth agus togha na n-iriseoirí….gan an chlaontacht a bhaineann leis na meáin eile in bhur saothair.

  • Donla uí Bhraonáin

    Éacht oibre déanta agaibh! Bíonn díomá orm má chaithim lá nach mbíonn teacht agam air.

  • Antaine Ó Caollaidhe

    Trréaslaím a bhfuil curtha i gcríoch go nuige seo libh o thaobh pobal mór léitheoireachta Gaeilge a mhealladh chugaibh agus a bhfuil de shaibhreas Gaeilge atá le léamh sna scéalta a chuireann sibh i láthair an phobail Ghaelaigh chuile lá . Nár ba fada go ndéanfar an chéad chonradh eile a bhronnadh oraibh mar is seirbhís den scoth í Tuairisc.ie. Nár lagaí Dia sibh go deo.

  • Lorcán

    Go maire sibh. Achmainn riachtanach don phobal!
    Chomhghairdeas.

  • Pól Réamonn

    Lá breithe shona daoibh!

  • Críostóir

    Maith sibh, “4 More Years” mar a deireann an Yank.

  • Joe Ó Ceallaigh

    Maith sibh! Cuireann sibh seirbhís den scoth ar fáil dúinn.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Is breá liom go raibh leithéidí Tuairisc ann 7 mé ag foghlaim na Gaeilge trí a raibh ann de nuacht an lae – 7 ba mhaith dá mbeadh ceithre bliana eile roimh an sárfhoireann! :-)

  • Caitríona Ní Chadhain

    comhghairdeachas libh! Moladh ard tuillte agaibh go léir

  • Seáinín

    Dhá mbeadh táille shíntiúis le híoc, d’íocfainn as ar an bpointe boise, agus go fonnmhar. (Níl mé ach ag rá…)

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Aois Choilm de Bhális agaibh!