TUAIRISC BHEO: Toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach agus fógairt a airí…

Bí linn anseo agus tuairisciú beo á dhéanamh againn ar thoghadh Leo Vardadkar, ceannaire Fhine Gael, ina Thaoiseach

TUAIRISC BHEO: Toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach agus fógairt a airí…

 


20.25: Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh cheapachán McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 “Failtíonn an Conradh roimh cheapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus cúram na Gaeltachta air. Níl vóta aige mar Phríomh-Aoire, agus tá Conradh na Gaeilge fós á éileamh sin, ach tá guth don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar ais ag an mbord Rialtais.

“Tá an Conradh ag súil go ndéanfaidh an Taoiseach Varadkar beart de réir a bhriathair le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas a láidriú, le cainteoirí líofa Gaeilge a earcú sa státseirbhís, le rogha na Gaelscolaíochta a chur ar fáil d’achan duine ar mian leo í, agus le breis acmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is léir go dtuigeann an Taoiseach nua cuid de na dúshláin is mó lena bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag streachailt, agus beidh le feiceáil an féidir leis aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin le bearta cinnte réamhghníomhacha agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil, faoi mar a gheall sé sular toghadh é ina Thaoiseach.

“Táimid ag súil chomh maith go leanfaidh an Príomh-Aoire Joe McHugh leis an obair mhaith tosaithe le déanaí ag Aire na Gaeltachta, Seán Kyne, ar cheannteidil Acht na dTeangacha Oifigiúla.”


20.23: Beidh Joe McHugh mar “ghlór don chéad teanga náisiúnta ag Bord an Rialtais”, a deir an Taoiseach. Dúirt an Taoiseach go raibh béim leagtha d’aon ghnó aige ina chuid cainte ar fhreagracht McHugh as an nGaeilge seachas a fhreagracht i dtaobh na Gaeltachta.


20.10: Mar Phríomh-Aoire, beidh Joe McHugh ag freastal ar chruinnithe an Rialtais agus cé go nglacfaidh sé páirt sa phlé ag na cruinnithe sin ní bheidh cead vótála aige.

20.07: Tús curtha athuair le himeachtaí sa Dáil ag an bPríomh-Aoire nua, Joe McHugh. Curtha in iúl don Dáil ag Leo Varadkar go bhfuair sé séala an Taoisigh ón Uachtarán. Baill na comh-aireachta ainmnithe i nGaeilge aige. Deimhnithe aige go mbeidh cúram na Gaeltachta ar Joe McHugh mar Phríomh-Aoire agus aire stáit. Heather Humphreys le bheith i gceannas ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Michael Ring le bheith i gceannas ar roinn nua – an Roinn Gnóthaí Pobal agus Tuaithe.

Pictiúr: RollingNews.ie

19.37: An t-iar-aire stáit don Ghaeltacht Joe McHugh le ceapadh mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus cúram na Gaeltachta air chomh maith, de réir tuairiscí. Ardú céime d’Aire Stáit an Disapóra, a chuaigh ar aistear foghlama teanga iomráiteach nuair a ceapadh i Roinn na Gaeltachta é in 2014. Richard Bruton le fanacht mar Aire Oideachais.


Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

19.20: Frances Fitzgerald le fanacht mar Thánaiste agus le ceapadh ina hAire Post agus Fiontar. Eoghan Murphy le bheith ina Aire Tithíochta agus Regina Doherty le ceapadh ina hAire Coimirce Soísialaí, de réir tuairiscí.


Pictiúr: RollingNews.ie

19.16: Tuairiscítear go bhfuil Paschal Donohoe le ceapadh ina Aire Airgeadais agus ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ní mó ná sásta atá an t-iar-aire sa Roinn Caiteachais Phoiblí.


Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

18.50: Tuairiscítear go mbeidh Simon Harris ag fanacht mar Aire Sláinte, agus go mbeidh Michael Creed ag fanacht sa Roinn Talmhaíochta. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha á lua go tréan i gcónaí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus folúntas sa roinn sin.


Michael Ring: Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

18.40: Fógróidh an Taoiseach Leo Varadkar cé a bheidh sa chomh-aireacht aige ag 7.30pm agus moill ar chúrsaí i dTeach Laighean. Idir an dá linn, tá roinnt tuairiscí cheana féin ann faoi cé a bheidh ag teacht agus ag imeacht. Tuairiscítear go bhfuil an Teachta Dála Michael Ring le ceapadh ina Aire do Ghnóthaí Tuaithe agus go bhfuil an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan le háistriú go dtí an Roinn Dlí agus Cirt. Ní fios go fóill cad atá i ndán don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, nó an bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach nua dhá roinn a dhéanamh di, mar a tuairiscíodh níos luaithe. Is í an cheist mhór ná an mbeidh Michael Ring ina aire ar roinn nua – An Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Réigiúnacha – nó an mbeidh na cúraimí ar fad atá ar Heather Humphreys air.


16.08: An Taoiseach ag spreagadh daoine eile le Gaeilge a úsáid cheana féin!


15.20: Tá séala oifige an rialtais agus an Taoisigh faighte ag Leo Varadkar ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn. Fágfaidh an Taoiseach nua go luath Áras an Uachtaráin le filleadh ar Thithe an Rialtais. Rachaidh sé i dteagmháil ansin lena chomhghleacaithe maidir le na hathruithe atá beartaithe aige a dhéanamh ar an gcomh-aireacht. Fógrófar na hathruithe sin sa Dáil ag 6.30pm. Beidh tuairisc bheo arís anseo againn níos déanaí tráthnóna.


15:12: Gheall Leo Varadkar go mbainfeadh sé úsáid gach lá as an nGaeilge dá dtoghfaí ina Thaoiseach é agus rinne sé beart de réir a bhriathair ina chéad óráid sa Dáil inniu. Agus é ainmnithe ag Dáil Éireann mar Thaoiseach, ba i nGaeilge a chuir sé tús lena óráid. Dúirt sé gur “onóir” dó a bheith ainmnithe mar Thaoiseach. “Tá a fhios agam go mbeidh go leor dúshláin náisiúnta agus idirnáisiúnta romhainn sna laethanta atá le teacht. Tá muid réidh dóibh,” a dúirt sé. D’iompaigh sé ar an nGaeilge arís ina dhiaidh sin agus cás na Gaeilge féin faoi chaibidil aige. Dúirt sé gur mhaith leis níos mó “gnó” agus “díospóireachtaí” a dhéanamh as Gaeilge lena chomhghleacaithe sa Dáil  agus dúirt sé go raibh súil aige go spreagfadh a chuid iarrachtaí féin “níos mó daoine” le Gaeilge a labhairt. Ní raibh sé chomh líofa sa Ghaeilge agus ba mhaith leis go fóill, a dúirt sé, ach mhaígh sé go raibh iarracht mhór á déanamh aige an teanga a fhoghlaim. Dúirt ceannaire nua Fhine Gael le Tuairisc.ie cheana go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinne sé le linn an chúrsa Gaeilge a chríochnaigh sé le déanaí agus go bhfuil sé i gceist aige cúrsa eile a dhéanamh. “Bhain mé taitneamh as an gcúrsa agus chuir sé go mór le mo mhuinín. Tá rún agam coinneáil leis,” a dúirt ceannaire Fhine Gael. Chríochnaigh Varadkar le déanaí Leibhéal 4 den chúrsa a chuireann Gaelchultúr ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí.


14.44: Rachaidh ceannaire Fhine Gael go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air. Fillfidh an Taoiseach nua ar Theach Laighean ina dhiaidh sin agus déanfaidh sé teagmháil lena chomhghleacaithe faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh maidir le hatheagar na comh-aireachta.

Fógrófar na hathruithe sin sa Dáil ag timpeall 6.30 pm tráthnóna agus fillfidh an Taoiseach ansin ar Áras an Uachtaráin agus a chuid airí ina theannta an turas seo.


14.42: Deireadh le hóráid Leo Varadkar.  Dúirt sé nach rialtas den eite chlé ná rialtas den eite dheis a bheidh ann ach rialtas a bheidh dílis do pholaitíocht ‘Eorpach’ an láir. Thagair sé chomh maith do ráiteas de chuid Seamus Heaney as From the Republic of Conscience: “At their inauguration, public leaders must swear to uphold unwritten law and weep to atone for their presumption to hold office”.


14.28: Cuireann Leo Varadkar tús lena óráid agus é ag labhairt as Gaeilge faoin gconspóid a bhain leis an téarma Taoiseach i mBunreacht 1937. ‘Tá go leor dúshán romhainn, ach táimid réidh,’ a deir sé. Cothrom an lae seo 10 mbliana ó shin a ghlac sé lena shuíochán Dála den chéad uair, a deir sé. Labharfaidh sé níos déanaí inniu le Príomh-Aire na Breataine agus cuirfidh sé a chomhbhrón in iúl di mar gheall ar an tine mhór i Londain. Deimhníonn sé go raibh sé in aon rang pilates le Gerry Adams. B’fhearr a chruthaigh Adams, a deir sé, toisc, seans níos mó taithí a bheith aige ar a bheith “in a tight squeeze”.


14.23: Tá Leo Varadkar tofa i nDáil Éireann le bheith ina Thaoiseach. Toradh na vótála: Ar son: 57 In aghaidh: 50 Staonadh: 44


14.06: Vótáil ar bun anois ar ainmniúchán Leo Varadkar mar Thaoiseach.


14.04. Seamus Healy, an cainteoir deireanach, den tuairim go dtabharfaidh rialtas Leo Varadkar “tús áite do lucht an rachmais”, mar a rinne rialtas Enda Kenny.


13.57: ‘He’s going to give me his wounded Corkman look,’ a deir Eamonn Ryan (CG) agus é ag easaontú le Micheál Martin. Tá díomá air nár labhair éinne go n-uige seo faoin athrú aeráide. Guíonn sé gach rath ar Leo Varadkar ach ní fhéadfadh sé tacú lena ainmniúchán toisc nach bhfuil faic in aon chor atá ‘glas’ faoi. “Despite all the skinny lattés, frappucinos, pilates and avocado mash, there is not a scintilla of green in you,” a deir sé.


13.51: Toisc an 44 Teachta Dála atá ag Fianna Fáil a bheith ag staonadh ón vóta faoi ainmniúchán Varadkar mar Thaoiseach, 57 vóta a theastóidh uaidh le go dtoghfar é. Bainfidh sé an móramh sin amach le tacaíocht an 50 Teachta Dála atá ag Fine Gael agus roinnt neamhspleách. Meastar gur 58 vóta a bheidh aige.


13.45: Michael Healy Rae ag staonadh ón vóta mar gur iarr Leo Varadkar air é sin a dhéanamh, a deir sé. Ní dhéanfadh sé aon mhaitheas vótáil i gcoinne an ainmniúcháin, a deir sé, agus é ag súil go dtabharfaidh an Taoiseach nua oifigí poist na tuaithe slán, i measc rudaí eile. “The world doesn’t stop at the Red Cow roundabout,’ a deir sé.


13.40: Deir Michael Lowry gur mhaslaigh Brendan Howlin muintir Thiobraid Árann níos túisce. Cuireann sé an milleán ar Alan Kelly. Deir Lowry go bhfuil an ceart céanna aige teagmháil a bheith aige leis an Rialtas is atá ag gach Teachta Dála eile. Tacaíonn Lowry le hainmniúchán Leo Varadkar agus ardmholadh aige dó.


13.36: ‘Meet the new boss, same as the old boss,’ a deir Mattie McGrath agus é ag tagairt don bhanna ceoil Who, nó The Who mar is fearr aithne orthu. ‘We have to reform the permanent government,’ a deir sé. Moladh aige do Leo Varadkar as a iarrachtaí an Ghaeilge a fhoghlaim.


13.32: Fáil réidh le Coimisinéir an Gharda Síochána an chéad chéim maidir le hathrú a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta, a deir Mick Wallace. Guíonn sé gach rath ar Leo Varadkar. ‘And good luck to the last fella,” a deir sé ag tagairt do Enda Kenny.


13.25: Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách, ag labhairt as Gaeilge. Déanann sí comhghairdeachas leis agus lena mhuintir agus déanann sí comhghairdeachas leis as na hiarrachtaí atá déanta aige feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Tá sí ag súil le tuilleadh díospóireachtaí sa Ghaeilge sa Dáil. Baineann “pribhléid ar leith” agus “freagracht thromchúiseach” le bheith i do Thaoiseach, a deir sí. Tá súil aici agus é ag foghlaim na Gaeilge go bhfoghlaimeoidh Varadkar faoi spiorad na meithle.


13:17: Deir an Teachta Dála Mick Barry go dtacaíonn Leo Varadkar le pá íseal do mhúinteoirí agus altraí óga ach ní do Thaoisigh óga.


13.15: Dea-theist ar an tír é ceapachán fear aerach agus fear de shliocht imiricigh mar Thaoiseach, a deir Ruth Coppinger. Ní mór do Leo Varadkar, áfach, dul ag tochailt chun a ‘chuisle shóisialach’ a aimsiú. Déanann sí comparáid idir a dhearcadh agus polasaithe Margaret Thatcher agus maíonn Coppinger gurbh amhlaidh go láidreoidh an Taoiseach nua an eite chlé lena pholasaithe de chuid na heite deise.


Richard Boyd Barrett

13.o5: Comhbhrón déanta ag Richard Boyd Barrett leo siúd ar bhásaigh nó ar gortaíodh daoine muinteartha leo sa tine mhór i Londain. Mar a chéile é Leo Varadkar, Simon Coveney nó Enda Kenny a bheith ina Thaoiseach, a deir sé. Polasaithe Fhine Gael an fhadhb, dar leis.


12.59: Géarchéim le réiteach ag an Taoiseach nua i dtaca le cúrsaí sláinte, dlí agus cirt agus Breatimeachta, a deir Joan Burton. Í ag súil le dáta maidir leis an reifreann leis an octhú leasú ar an mBunreacht a aisghairm.


12.49: Dea-scéala do Shéan Kyne?


12.44: Guíonn ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Brendan Howlin, gach rath ar Leo Varadkar ach ní bheidh a pháirtí ag tacú lena ainmniúchán toisc nach bhféadfaidís tacú lena bhfuil i gclár an Rialtais, atá ‘lochtach go smior’. Athrú tagtha ar mheon Varadkar in imeacht na mblianta, a deir Howlin, agus é ag maíomh go raibh baint ag Páirtí an Lucht Oibre leis sin. Tugann Howlin suntas do thacaíocht Michael Lowry d’ainmniúchán Varadkar. Maíonn sé gur thug Lowry le fios go mbeidh teacht éasca aige ar lucht oifig an Taoisigh de bharr a chuid tacaíochta.


12.43: Beidh Leo Varadkar ar an Taoiseach ‘is faide amach ar an eite dheis riamh’, a deir Louise O Reilly (SF), agus cáineadh géar á dhéanamh aici ar na polasaithe ar thacaigh sé leo i ranna éagsúla.


12.39: Deir Adams nár cheart do Varadkar a bheith ag caint ar ‘Republic of Opportunity’ agus gur cheart dó “poblacht cheart” a thógáil. ‘Ná habair é, déan é,’ ar sé i nGaeilge. Deimhníonn sé nach bhfuil Sinn Féin ag tacú le hainmniúchán Vardkar ach guíonn sé gach rath air.


12.35: An chraobh tugtha leis ag Gerry Adams maidir le greann.  “He and I once attended the same pilates class, we couldn’t get the former Taoiseach to stretch as far as that.’


12.30: Cén saghas ceannaire a bheidh i Leo Varadkar? a fhiafraíonn ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams. Imní air go mbeidh an rialtas níos faide amach ar an eite dheis agus Varadkar ar an stiúir.


12.29: Ní bheidh aon babhta idirbheartaíochta ann faoin socrú muiníne agus soláthair le Fianna Fáil, a deir Martin. Tá geallta ag Leo Varadkar go gcuirfidh sé an socrú i gcrích, a deir Micheál Martin. Cáineadh déanta aige ar an gcinneadh Máire Whelan a cheapadh go dtí an Chúirt Achomhairc agus gan an post a fhógairt.


12.21: Bhain Micheál Martin gáirí as lucht na Dála inné agus rinne amhlaidh inniu. Deir sé gur tús maith do Leo Varadkar gur éirigh leis duine eile seachas Noel Rock a fháil le cuidiú lena ainmniúchán. Deir sé chomh maith go bhfuil go leor ceisteanna ann nach eol dúinn cén seasamh atá ag Leo Varadkar fúthu. ‘There will come a point when the soft coverage ends and accountability starts,’ a deir sé.


12.17: Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ag labhairt anois. I nGaeilge a thosaigh sé. “Nóiméad cinniúnach, tábhachtach i saol an daonlathais” é toghadh Taoisigh nua, a deir sé. Deis atá ann “seasamh siar” agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don tír.


12.12: Ní mór do Leo Varadkar misneach a léiriú agus dúshláin mhóra le sárú, a deir Marcella Corcoran-Kennedy. Níl aon amhras uirthi ach go n-éireoidh le Leo Varadkar, ‘fear macánta. cumasach’. ‘An fear ceart ag an am ceart,’ a deir sí.


12.08: Deimhnithe ag Enda Kenny don Dáil gur éirigh sé as inné agus buanna éagsúla – ionracas, fuinneamh agus ábaltacht – á lua aige leis an té a thiocfaidh i gcomharbacht air. Deir sé gur bhain Leo Varadkar go leor amach sna haireachtaí a bhí aige.


12.03: Beidh an scéal is déanaí againn anseo faoi aireacht na Gaeltachta. De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mí an Mhárta, deir 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air/uirthi. Tá caint fós faoi Heathar Humphreys mar Thánaiste agus go ndéanfaí dhá leath den Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Sa chás sin bheadh roinn nua ag plé le gnóthaí réigiúnacha agus tuaithe amháin (Michael Ring atá á lua mar aire inti). An bhfuil ardú céime i ndán d’Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nó a réamhtheachtaí sa phost sin, an tAire Stáit don Diaspóra, Joe McHugh?


11.55: Mairfidh an seisiún Dála a thosóidh gan mhoill go dtí 2pm ar a dhéanaí, tráth a rachaidh an Taoiseach nuathofa go dtí Áras an Uachtaráin. Beidh Leo Varadkar ar an 14ú Taoiseach ar an tír (Uachtarán Chomhairle an tSaorstáit an teideal a bhí ar W.T.Cosgrave). Is é Enda Kenny a mholfaidh Leo Varadkar mar Thaoiseach agus an Teachta Dála Josepha Madigan a chuideoidh leis an rún. Tá Madigan á lua le haireacht stáit. Beidh Leo Varadkar, atá 38 bliain d’aois, ar an Taoiseach is óige riamh agus ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach ar an tír ach a dtoghfar inniu é.


11.48: Fáilte romhaibh. Timpeall meán lae a ainmneofar Leo Varadkar mar Thaoiseach. I ndiaidh vóta na Dála rachaidh ceannaire Fhine Gael go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air. Fillfidh an Taoiseach nua ar Theach Laighean ina dhiaidh sin agus déanfaidh sé teagmháil lena chomhghleacaithe faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh maidir le hatheagar na comh-aireachta.

Fógrófar na hathruithe sin sa Dáil ag timpeall 6pm tráthnóna agus fillfidh an Taoiseach ansin ar Áras an Uachtaráin agus a chuid airí ina theannta an turas seo.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach agus fógairt a airí…'