TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2020…

Foilsítear anseo tuairisc bheo Tuairisc.ie ar gach cor i scéal Buiséad 2020, ag áireamh na scéalta is déanaí faoi chás na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán

TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2020…

16.57 ‘€2.4 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar fad, €5 milliún don Chomhairle Ealaíon…’

Tá a gcuid ráite ag Conradh na Gaeilge faoi Bhuiséad 2020 agus ní mó ná sásta atá siad leis an soláthar atá ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. €5 milliún breise a bhí á éileamh ag an eagraíocht, ag áireamh €3 milliún d’Údarás na Gaeltachta. Deir siad gur léir nach raibh an Ghaeilge nó an Ghaeltacht “mar thosaíocht arís i gCáinaisnéis 2020 an Rialtais”. Dúirt siad go mbeadh deis eile ag an Rialtas “cothrom na Féinne” a thabhairt don teanga  sna meastacháin athbhreithnithe roimh an Nollaig

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nach raibh cothrom na féinne “le feiceáil i gcáinaisnéis 2020  don Ghaeilge agus don Ghaeltacht”. Dúirt Comer gur léiriú ar an méid sin an €2.4 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. B’ionann sin agus leath an méid a fuair  an Chomhairle Ealaíon amháin. €5 milliúin breise a bheidh ag an eagraíocht sin in 2020.

“Níl aon fhadhb againn le breis airgid do na healaíona, agus cuireann muid fáilte roimhe sin, ach ba chóir go mbeadh cothrom na féinne ann don teanga agus don Ghaeltacht chomh maith,” a dúirt Niall Comer.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá pátrún le feiceáil le blianta beaga anuas maidir leis an éagothroime atá ann i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomparáid le codanna eile den Roinn céanna. Bhí deis ag an Rialtas é seo a chur i gceart sa cháinaisnéis do 2020.

“Mar shampla bhí deis ann maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le poist a chruthú sa Ghaeltacht, go háirithe leis an mbaol ar fad a bhaineann leis an mBreatimeacht, ach níor glacadh leis an deis sin. Táimid ag éileamh ar Thaoiseach na tíre, Leo Varadkar, TD, gníomhú leis seo a chur i gceart sna meastacháin athbhreithnithe a fhoilseofar roimh an Nollaig.”


14.56 ‘Tubaisteach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta…’

Tá méadú beag 2% curtha ar fáil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do chomhoibriú thuaidh/theas (an Foras Teanga, Gníomhaireacht na hUltaise agus Uiscebhealaí Éireann). Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach raibh aon ardú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Deir sé gurb é an cur chuige atá aige le teacht timpeall ar an tsáinn sin ná maoiniú a chur ar fáil díreach óna Roinn do na ceanneagraíochtaí do thograí áirithe, mar a tharla i mbliana. Idir an dá linn deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go bhfuil Buiséad 2020 “tubaisteach” ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta agus gan ach “méadú beag suarach” ann.


14.24 Ciste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Ardú €2.17 milliún ar bhuiséad na Roinne Gaeltachta do 2020, ardú 4%, ó €55.52 milliún go dtí €57.69 milliún.

Údarás na Gaeltachta – €10 milliún do bhuiséad caipitil an Údaráis in 2020. Méadú ar an €9 milliún a fógraíodh anuraidh (€8.5 milliún lá an bhuiséid agus €500,000 sna meastacháin), ach ó tharla gur tugadh €700,000 eile don eagraíocht in 2019 le caitheamh ar thograí caipitil, ní bheidh ach €300,000 níos mó le caitheamh acu in 2020.

Ar ndóigh d’fhéadfadh go n-aimseofaí maoiniú breise sna meastacháin don Údarás mar a tharla le cúpla bliain anuas.

€1 milliún breise le caitheamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cúrsaí iompair chuig na hoileáin (€275,000) agus airgead reatha an Údaráis. San áireamh ansin chomh maith tá €500,000 don phleanáil teanga. Níor caitheadh breis is €600,000 den bhuiséad a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga anuraidh.

€200,000 breise a fógraíodh do na comharchumainn Ghaeltachta a bhfuil breis is 30 acu ann.

Ardú 3.1% ar bhuiséad reatha na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ardú 10% a bhí i gceist ar a mbuiséad caipitil.


14.17 Deireadh na hóráide

Urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath ag caint anois agus deireadh le hóráid an Aire Airgeadais a mhair uair agus naoi nóiméad. Tagairt bheag fhánach amháin don Ghaeltacht a bhí in óráid an Aire. Luaigh sé ardú ar an gcaiteachtas ar an nGaeltacht ach níor thug sé aon sonraí ina thaobh.


14.10 Laghduithe cánach ginearálta ar bith…

“An ciorrú cánach a dhéantar inniu agus gan maoiniú ann chuige, is ionann é agus an t-ardú cánach a chaithfear a thabhairt isteach amárach,” a deir an tAire. Mar a bhí á thuar, ní bheidh aon laghduithe cánach ginearálta ann agus ní bheidh aon ardú ginearálta ar liúntais leasa shóisialaigh. Déanfar ardú ar an gcreidmheas cánach go dtí €1,500 ar ioncam tuillte a bhíonn ar fail do dhaoine atá féinfhostaithe.

Beidh an Bónas Nollag ann do dhaoine atá ag brath ar liúntais leasa shóisialaigh ar fáil arís i mbliana agus gheobhaidh siadsan liúntas dúbailte i mí na Nollag.

Tabharfar ardú €5 do dhaoine ata ina gcónaí ina n-aonar ó mhí Mhárta seo chugainn agus ardú €2 ar an liúntas leanaí faoi 12 ó €34 go €36 agus ardú €3 do leanaí atá os cionn 12.


14.05 Múinteoirí agus Gardaí…

Cuirfear maoiniú ar fáil chun 1,000 cúntóir riachtanais speisialta a earcú, 100 múinteoir agus 400 múinteoir do dhaltaí a bhfuil cúnamh ar leith uathu.

Cuirfear maoiniú ar fáil chun 700 garda breise a earcú.


14.00 Cúrsaí Sláinte…

Ardú 6.3% ar chaiteachas ar chúrsaí sláinte go dtí €17.4 billiún in 2020.

Athrófar an tairseach chun a bheith i dteideal cártaí leighis do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois.

Cuirfear €30 milliún ar fáil chun íoc as an gcostas a bhainfeadh le 56,000 cárta leighis breise.

1,000 fostaí nua le fostú le freastal ar an bpobal- teiripeoirí teanga agus urlabhra, teiripeoirí saothair, agus teiripeoirí míchumais. Cuirfear le líon na n-uaireanta cúram baile chomh maith. Tá maoiniú breise idir €45 milliún agus €50 milliún á chur ar fáil chun milliún uair breise cúnamh baile a chur ar fáil.

Ardófar an creidmheas cánach do chúramóirí €100. Beidh cead feasta ag cúramóirí oibriú nó a bheith ag staidéar 3.5 uair sa bhreis – ó 15 go 18.5 uair an chloig.

Cuirfear €25 milliún sa bhreis ar fáil don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála le déileáil leis na liostaí feithimh.

Tabharfar lacáiste idir 50 cent agus €1 ar chógais do dhaoine atá os cionn 70 agus laghdófar tairseach na scéime íocaíochta drugaí €10.

Tabharfar isteach cúram dochtúra teaghlaigh saor in aisce do leanaí faoi ocht mbliana d’aois agus cúram fiaclóra saor in aisce do leanaí faoi shé bliana ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

Cuirfear 50 cent d’ardú ar phraghas bosca scór toitíní.


13.54 Dleacht stampála..

Gheobhaidh an státchiste suas le €140 milliún ó dhleacht stampála idir 6% agus 7.5% ar mhaoin tráchtála.


Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

13.53 Scéim um Cheannach Tithe ag fanacht mar atá

Bhí sé i gceist go dtiocfadh deireadh leis an scéim seo a chuidíonn le daoine a gcéad teach a cheannach i mbliana ach tá dhá bhliain eile tugtha di agus níl aon athrú déanta ar an leagan amach atá uirthi. Cosnóidh an scéim seo €50 milliún sa bhreis.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios cheana go ndéanfaí an scéim a leasú ionas nach mbeadh fóirdheontas ar fáil san éagóir do lánúineacha “atá go maith in ann teach a cheannach dá uireasa”.


Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

13.51 Tithíocht…

€2.5 billiún do thithíocht shóisialta in 2020. €20 milliún breise do bheartais éigeandála do dhaoine gan dídean.

€384 milliún breise do chúrsaí iompair. €1 billiún á chur ar fáil don Roinn Gnó, Fiontraíochta agus Nualaíochta. €365 milliún breise do dhaoine a bheadh i mbaol na dífhostaíochta i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh agus €45 milliún le cabhrú le daoine atá ag lorg fostaíocht nua. Roinnt scéimeanna fógartha do lucht fiontraíochta. €51 milliún breise don Roinn Talmhaíochta agus €17 milliún don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. €40 milliún do thograí turasóireachta.


13.32 Cáin charbóin…

Tá dhá ghné ag baint le Buiséad 2020, a deir Paschal Donohoe: céimeanna breise chun dul i ngleic leis an mbaol go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann agus beartais chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí agus cabhrú leis na daoine is leochailí sa tsochaí. €70 billiún ar fad a bheidh ar fáil le caitheamh ag an Rialtas in 2020.

Ardófar an cháin charbóin €6 ón mheán oíche anocht ach caithfear an t-airgead sin a chaitheamh ar bheartais a chuideoidh le cúrsaí aeráide. B’ionann sin agus 2 cent ar lítear peitril nó díosail agus ardú €15 ar thanc ola théite an tí a líonadh ón mBealtaine. Beartas é seo atá conspóideach agus Sinn Féin, Pobal Roimh Bhrabús agus roinnt teachtaí Dála neamhspleácha go láidir ina choinne, cé go ndúirt an tAire go raibh geall le “tacaíocht traspháirtí iomlán” aige.

Bunófar leis an teacht isteach ó gcáin charbóin ciste cuidithe €30 milliún do chúig chontae lár tíre mar a bhfuil go leor daoine fostaithe ag Bord na Móna. Caithfear €20 milliún ar athchóiriú tithe sna ceantair sin agus €5 milliún ar athshlánú portach. An cháin 1% a tugadh isteach ar dhíosal anuraidh athrófar anois é go dtí cáin ar ocsaíd de nítrigin.


13.16. Tús curtha ag an Aire Airgeadais lena óráid…

Breatimeacht, Breatimeacht, Breatimeacht…Tá tús curtha sa Dáil ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe lena óráid bhuiséid sa Dáil. Deir sé gur ullmhaíodh an buiséad faoi scáth an Bhreatimeachta agus faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh go háirithe. Dá bharr sin, is buiséad nár facthas a leithéid riamh cheana atá ann, a deir sé. Dúshlán é an Breatimeacht go bhfuil sé d’acmhainn againn dul i ngleic leis, a deir sé. Cuirfear €1.2 billiún i gciste teagmhais le déileáil leis na hiarmhairtí a bheidh ag an mBreatimeacht. Sa chás gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann déanfar €650 milliún eile a fháil ar iasacht. D’ainneoin an Bhreatimeachta, cruthófar 90,000 post nua in 2020 agus tiocfaidh méadú ar an teacht isteach ó cháin, a mhaíonn an tAire.


An Teacht Dála, Aonghus Ó Snodaigh. Pictiúr: Sam Boal /Rollingnews.ie

12.59. ‘Athrú radacach atá ag teastáil ach ní dhéanfar é…’

Ní mór an dóchas atá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ach oiread go ndéanfaidh an Rialtas beart fónta inniu ar son na teanga.

“Tá méadú suntasach ag teastáil, agus níl aon fhianaise againn go ndéanfaidh an rialtas seo na hathruithe radacacha atá ag teastáil chun difear mór a dhéanamh,” a deir Ó Snodaigh.

Luann sé “dhá mholadh a bhfuil práinn i gceist leo” – poist a chruthú sa nGaeltacht agus cur le maoiniú na pleanála teanga.

“Tá Údarás na Gaeltachta ag streachailt go mór chun poist a chruthú agus táthar anois sa chás nach mbeidh siad in ann leanúint le tograí a chruthóidh poist sa Ghaeltacht. Tá sé mar sprioc acu míle go leith post a chruthú sa Ghaeltacht as seo go ceann ceithre bliana agus tá méadú suntasach ar an maoiniú de dhíth leis sin a dhéanamh.

“Tá Údarás na Gaeltachta thíos go mór ó aimsir na gciorruithe agus níor tháinig airgead ar ais chucu ar aon bhealach i gcomparáid le húdaráis fiontraíochta eile agus tá cúraimí breise anois orthu.”


Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas

12.54. ‘Dímheas ag Fine Gael ar mhuintir na Gaeltachta’

Deir Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas linn go gcuirfeadh a pháirtí béim mhór ar TG4 dá mba acusan a bheadh an sparán.

“Tá €20 milliún de chaiteachas sa bhreis á lorg ag Comhaontas Glas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ba chóir seacht milliún de sin a chur ar fáil do TG4 chun breis agus 100 uair an chloig de chláracha teilifíse a dhéanamh i nGaeilge do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí.

“Tá sé á mholadh ag Comhaontas Glas ina mbuiséad ailtéarnach go gcaithfí an chuid eile den airgead ar thograí pobail, lena n-áirítear scéim phíolótach do chúram leanaí agus maoiniú do mhic léinn agus do mhúinteoirí le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

“Níl muid dóchasach go ndéanfaidh Fine Gael na bearta atá ag teastáil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a neartú. Tá dímheas iomlán léirithe ag Fine Gael ar mhuintir na tuaithe ach tá sé níos measa fós i gcás na Gaeltachta. Níl muinín againn go gcuirfidh an tAire Stáit Gaeltachta atá ann faoi láthair mórán de throid suas.”


12.44. Ná slogtar aon ‘smartie’ gan chogaint…

Mar is gnách, beimid ag coimeád súil ghéar anseo inniu ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Más fíor don Aire Stáit Kevin ‘Boxer’ Moran ní bheidh aon ‘seacláidí’ sa bhuiséad ach beidh ‘smartie nó dhó’ ann.

Is amhlaidh go mbeadh lucht na teanga buíoch as spadhar siúcra de chineál ar bith.

Tá ardú beag tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas ach ní mór é nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an ardú atá tagtha ar an gcaiteachas i réimsí eile, laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin fiú.

Is fiú cuimhneamh chomh maith ar an bpictiúr mór sula slogtar aon ‘smartie’ gan chogaint inniu.

Cuimhnigh go raibh an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

Le linn na mblianta is measa den ghéarchéim eacnamaíochta, idir 2009-2013, tháinig laghdú 16.6% in aghaidh na bliana ar ollchaiteachas caipitil an stáit ach laghdú 33% a bhí i gceist i gcás na Gaeltachta agus na n-oileán.

De réir taighde a rinneadh don ghrúpa Teacht Aniar, An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027, ní bhainfear amach an leibhéal caiteachais a bhí á dhéanamh ar chúrsaí Gaeltachta in 2008 faoin mbliain 2028 fiú.

An t-údar dóchais is mó atá ann i mbliana ná go mbeidh ardú i gceist do bhuiséad Údarás na Gaeltachta go háirithe i bhfianaise an Bhreatimeachta.

Seo an scéal is déanaí ó Tuairisc.ie maidir lena bhfuiltear ag súil leis inniu ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

BUISÉAD 2020: Beag dóchas don Ghaeilge seachas ardú d’Údarás na Gaeltachta


Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

12.35. An Scéim um Cheannach Tithe le fanacht mar atá

Sceitear oiread eolais faoin mbuiséad gach bliain gur beag rúndiamhair a bhaineann anois leis an lá mór. Ach tá cúpla cor nua sa scéal cheana féin ó foilsíodh an tuairisc thíos ar maidin.

Is cosúil anois go gcosnóidh an caiteachas ar fad ar Bhuiséad 2020 €3.1 billiún, €300,000 níos mó ná an 2.8 billiún a rabhthas ag súil leis. Meastar chomh maith go bhfaighidh an státchiste suas le €140 milliún ó dhleacht stampála idir 6% agus 7.5% ar mhaoin tráchtála.

Maidir leis an Scéim um Cheannach Tithe, bhí sé i gceist go dtiocfadh deireadh léi. Bhí mórán den tuairim go raibh an scéim a chuidíonn le daoine a gcéad teach a cheannach rófhlaithiúil agus bhí sé i gceist go ndéanfaí í a leasú chun nach mbeadh daoine atá go maith as ina teideal.

Dealraíonn sé anois go bhfuil dhá bhliain eile tugtha di agus nach ndéanfar aon athrú ar an leagan amach atá uirthi. Cosnóidh an scéim seo €50 milliún sa bhreis.

Buiséad cnuaisciúnach faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh


12.25. Ná bac an cháinaisnéis, seo chugainn an Buiséad…

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 202o ag 1pm i nDáil Éireann. Beidh na scéalta is déanaí anseo againn agus beifear ag coimeád súil ghéar chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.

Idir an dá linn, meabhraímis daoibh polasaí tábhachtach de chuid Tuairisc.ie – buiséad an téarma a bhíonn á úsáid againne agus ní cáinaisnéis.

Ní hin le rá nach gcloisfear ‘cáinaisnéis’ áiteanna eile inniu ach géillimid do mhíniú aistear.ie ar an scéal:

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile.’

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2020…'