Tuairimí na saineolaithe ar chluiche ceannais iomána na hÉireann

Agus Gaillimh agus Cill Chainnigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach, tugann Diarmuid Lyng, Seosamh Mac Donncha agus Michael Kavanagh a dtuairimí ar an gcluiche do Tuairisc.ie

All Ireland Final 2/9/2007 Kilkenny Kilkenny players run out in front of the Liam McCarthy Cup Mandatory Credit ©INPHO/Andrew Paton
Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Labhair Diarmuid Lyng, iariománaí Loch Garman, Seosamh Mac Donncha, iariománaí le Gaillimh agus iaruachtarán CLG, agus Michael Kavanagh, iariománaí Chill Chainnigh le Tuairisc.ie faoi na ceisteanna móra i dtaobh chluiche an Domhnaigh.

Cé go bhfuil tosaithe óga na Gaillimhe feabhsaithe i mbliana, an féidir le Gaillimh buachan gan sárthaispeántas ó Joe Canning?

Diarmuid Lyng

Diarmuid Lyng: I ndáiríre, caithfidh sé an beart a dhéanamh ar an Domhnach; níl aon rogha eile aige. Bíonn daoine dian air nuair nach n-imríonn sé go maith agus is léir go gcuireann sé go leor brú air féin ach má tá sé i mbarr a mhaitheasa in aghaidh Chill Chainnigh, beidh deis iontach ag na Gaillimhigh. Mura n-éiríonn leis é sin a dhéanamh, caillfidh siad.

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan *** Local Caption ***
Seosamh Mac Donncha. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan *** Local Caption ***

Seosamh Mac Donncha: Is ábhar dóchais é do mhuintir na Gaillimhe go bhfuil muid sa chluiche ceannais gan an t-ardchaighdéan a bhaineann le himirt Joe feicthe againn fós. Tá ról aige i mbliana agus é mar chineál stiúrthóir ar na tosaithe, ar nós ealaíontóir sa chuid sin den pháirc, ach má fheicfimid tuilleadh uaidh san imirt ar an Domhnach, tabharfaidh sé spreagadh mór do na Gaillimhigh.

Michael Kavanagh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Michael Kavanagh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Michael Kavanagh: Tá sé feicthe againn sa dá chluiche deireanach go bhfuil na tosaithe eile feabhasaithe go mór agus iad ag tógáil cuid den bhrú ó Joe. Tá sé féin fós ag déanamh obair na gcapall agus é ag cruthú neart scóranna ach tá muid fós ag fanacht ar ardthaispeántas uaidh. Sílim go bhfeicfidh muid é sin Dé Domhnaigh agus is buntáiste mór a bheidh ann do Ghaillimh má éiríonn leis.

Céard a dhéanfaidh Gaillimh le srian a choinneáil ar TJ Reid agus Richie Hogan?

DL: Ar shlí, ní féidir iad a stopadh. Beidh tionchar éigin acu ar an gcluiche bealach amháin nó bealach eile. Ag díriú ar TJ, beidh Gaillimh ag iarraidh an spás timpeall air a chosaint a theorannú le nach mbeidh sé in ann deiseanna a chruthú dó féin. Dar ndóigh, tá sé éasca é sin a rá – chaith mise mo shaol ag iarraidh é sin a dhéanamh le TJ agus níor éirigh liom!

Maidir le Richie, bheifeá ag iarraidh imreoir a chur os a chomhair; imreoir lár na páirce, b’fhéidir, nach mbeidh ag iarraidh tada a chruthú dá fhoireann féin ach a bheidh ag díriú ar Richie a stopadh. Ba cheart beirt a choinneáil leis i gcónaí, duine ag seasamh os a chomhair agus duine eile taobh thiar de.

SMcD: Braitheann sé cén chaoi a gcuirfidh siad chun páirce ar an Domhnach agus dá mba mise a bheadh ann, chuirfinn Daithí Burke ar TJ.

Chonaic muid i gcoinne Thiobraid Árann cé chomh socair agus a choinnigh Daithí ‘Bonnar’ Maher agus bheadh an rud céanna ag teastáil arís Dé Domhnaigh. Caithfear súil ghéar a choinneáil ar Richie chomh maith. Má ainmnítear mar leaththosach láir é, tá sé de nós ag Richie titim siar thart ar lár na páirce ach ní féidir an spás sin a thabhairt dó.

MK: Beidh plean ar leith ag na Gaillimhigh, b’fhéidir Daithí Burke ag marcáil Richie agus John Hanbury ag faire ar TJ. Is cinnte gur ionad tábhachtach den pháirc a bheidh ann ach fiú má choinníonn Gaillimh Richie agus TJ ciúin, b’fhéidir go dtabharfaidh sé deis do na tosaithe eile, Ger Aylward, Colin Fennelly, Walter Walsh agus Eoin Larkin dochar a dhéanamh.

An mbeidh aon tionchar ag cluiche ceannais Chúige Laighean idir na foirne céanna ar chluiche an Domhnaigh?

DL: Ní dóigh liom é. I gcluichí idir Gaillimh agus Cill Chainnigh, is mó ceisteanna a bhíonn ann faoi
na Gaillimhigh. Tá a fhios agat i gcónaí go mbeidh Cill Chainnigh ag imirt thart ar 90-99% agus leibhéal eile acu má tá sé ag teastáil. Tá fir óga acu san fhoireann ach ní bheidh siad buartha ag teacht isteach go dtí an cluiche ceannais.

SMcD: Mar a tharla sé, bhí mise sásta go maith ag teacht amach as Páirc an Chrócaigh an lá sin fiú tar éis do Ghaillimh cailleadh. Tá sé thar a bheith deacair greim a fháil ar Chill Chainnigh faoi dhó in aon samhradh amháin, mar a chonaic muid i 2012. Is dóigh liomsa go mbeidh níos mó d’údar imní ar Brian Cody in aghaidh na Gaillimhe mar ní bhíonn a fhios aige cén cineál foireann a bheidh roimhe. Chonaic muid i 2012 agus 2005 gur tháinig Gaillimh aniar aduaidh orthu chun iad a bhualadh.

MK: Bheadh go leor foghlamtha ag na Gaillimhigh ón gcluiche sin. Cheap mé féin go raibh siad sách maith agus d’oibrigh cuid de na rudaí a thriail Cunningham ó thaobh ‘match-ups’. Anois, thit siad as a chéile sa chluiche sin ach tá siad feabhsaithe go mór ó shin ó thaobh na hoibre a chuireann na himreoirí isteach. Seo é an seachtú cluiche a bheidh acu sa chraobh i mbliana agus ní aon dabht ach go bhfuil an móiminteam le Gaillimh.

Ar deireadh, cé a bhuafaidh cluiche an Domhnaigh agus cén fáth?

DL: Tá sé 50-50 ar bhealach amháin. Braitheann sé ar na Gaillimhigh mar a deirim; caithfidh siad imirt ag 95-100%. Más féidir le Gaillimh Cill Chainnigh a stopadh ag scórail cúl go luath sa chluiche, má fhaigheann siad taispeántas mór ó Joe Canning agus na tosaithe eile – agus má bhíonn an meon ceart acu agus na rudaí simplí á ndéanamh acu, seans go mbeidh an lá le Gaillimh. Mura n-éiríonn leo é sin a dhéanamh, buafaidh Cill Chainnigh.

SMcD: Braitheann sé go huile agus go hiomlán ar Ghaillimh. Caithfidh siad an díocas a bhí acu i gcoinne Thiobraid Árann a thaispeáint arís. Beidh orthu an líne lánchúl a dhéanamh níos daingne; ní féidir leo na deiseanna a bhí siad a thabhairt do Séamus Callanan a thabhairt uathu arís. Chomh maith leis sin, más féidir leis na leaids óga atá san fhoireann imirt ar an gcaighdeán atá siad in ann a imirt ar an lá mór, tá seans iontach ag Gaillimh.

MK: Is cinnte gur cluiche crua a bheidh ann. Tá Gaillimh an-fisiciúil i mbliana agus ní dóigh liom go n-athróidh sé sin Dé Domhnaigh. Beidh orthu oibriú níos crua ná Cill Chainnigh, rud nach bhfuil éasca.

Beidh an dá líne lántosach tábhachtach. Má éiríonn le Cill Chainnigh Jason Flynn, Cathal Mannion agus Joe Canning a choinneáil socair, measaim go bhfuil tosaithe Chill Chainnigh níos dainséaraí agus go bhfuil níos mó roghanna acu sa chuid sin den pháirc sin. Tá an taithí ag Cill Chainnigh chomh maith – ní hé seo an chéad uair dóibh a bheith sa chluiche ceannais agus ceapaim go mbeidh an bua acu, cé nach mbeidh ach scór nó dhó ann. Ná bíodh aon iontas ort má bhíonn athimirt ann.

Fág freagra ar 'Tuairimí na saineolaithe ar chluiche ceannais iomána na hÉireann'