Tuairimí an phobail á lorg maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí

Tá tuairimí á lorg ag Údarás na Gaeltachta chun ‘máistirphlean’ a réiteach do Choláiste Íosagáin, foirgneamh cáiliúil i mBaile Bhuirne atá díomhaoin le breis agus 30 bliain

Tuairimí an phobail á lorg maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí

Tá tuairimí an phobail á lorg ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí, foirgneamh atá díomhaoin le breis agus 30 bliain.

Anuraidh ceadaíodh maoiniú €2.7 milliún chun Coláiste Íosagáin, atá ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla sa Ghaeltacht, a fhorbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

Tá maoiniú €180,000 faighte ar Údarás na Gaeltachta faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe chun “máistirphlean” a ullmhú don láthair.

Deir an tÚdarás gur mian leo a chinntiú leis an máistirphlean go mbeidh “tionchar dearfach ó thaobh cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta ar an gceantar áitiúil agus ar an réigiún i gcoitinne”. 

Mar chuid den taighde atá ag bun ag Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile le roinnt míonna anuas, tá smaointe an phobail áitiúil á lorg acu faoi fhorbairt an tsuímh.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go raibh na tuairimí á lorg ar líne de bharr na géarchéime COVID-19 ach go bhféadfadh an pobal “ról tábhachtach” a bheith acu i dtodhchaí Choláiste Íosagáin.

Is mó forbairt agus togra atá luaite leis an bhfoirgneamh seo ó 1989 agus fógraíodh i dtús na mílaoise go raibh €1.5 milliún curtha ar fáil chun é a fhorbairt mar lárionad oideachais lán-Ghaeilge. Dúirt an t-aire oideachais ag an am, Michael Woods go mbeadh forbairt an ionaid oideachais “ar cheann de na forbairtí ba shuntasaí i stair an oideachais Ghaeilge” ach caitheadh an plean i dtraipisí.

Gealladh arís i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí lárionad oideachais den fhoirgneamh, ach dála na bpleananna eile go léir níor cuireadh an plean sin i gcrích ach oiread.

Baineadh leas as Coláiste Íosagáin don scannán Song for a Raggy Boy.

Dúirt an Teachta Dála as Corcaigh agus Aire Talmhaíochta, Michael Creed anuraidh go gcuirfeadh an fhorbairt nua “croí nua” i gColáiste Íosagáin.

“Is iomaí bréagmhaidneachan a bhí againn sa chás seo, ach tá áthas orm go bhfuil togra faoi dheireadh againn a chinnteoidh go mairfidh Coláiste Íosagáin,” arsa Michael Creed. 

Is féidir teacht ar an gceistneoir anseo. 

Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail á lorg maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí'