Tuairimí á lorg faoi riachtanais teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge 

Tá an Roinn Pobal ó thuaidh ag lorg tuairimí theaghlaigh atá ag tógáil clainne trí mheán na Gaeilge mar chuid den straitéis teanga nua atá le hullmhú

Tuairimí á lorg faoi riachtanais teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge 

Beidh sraith fócasghrúpaí á reáchtáil ag Glór na nGael do theaghlaigh i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo chugainn.

Tá na fócasghrúpaí á n-eagrú ar son An Roinn Pobal ó thuaidh, atá ag ullmhú straitéis don Ghaeilge faoi na coimitmintí a éiríonn as an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Ról an teaghlaigh i straitéis na Gaeilge a bheidh á phlé sna fócasghrúpaí, a reáchtálfar idir an 6-9 Meitheamh. Beidh grúpaí ar siúl i gCarn Tóchair i nDoire, i mBéal Feirste, ar an Ómaigh agus reáchtálfar ceann ar líne freisin chun freastal ar aon teaghlach nach féidir leo a bheith i láthair ag na cinn eile.

Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeadh teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach páirteach ionas go mbeifear ar an eolas faoi na riachtanais atá acu agus straitéis na Gaeilge á hullmhú. 

Deir an eagraíocht gur “spás fáilteach, gan bhreith” a bheas ann agus beidh éascaitheoir i láthair chun an plé a chothú. Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar ó thuismitheoirí le straitéis na Gaeilge a fhorbairt, a deir Glór na nGael. Is faoi rún a bheidh gach aon rud a deirtear ag na fácasghrúpaí. 

Tráthnóna Dé Céadaoin a bheidh an seisiún ar Zoom dóibh siúd nach féidir leo freastal go pearsanta ar na seisiúin. 

Luan, 6 Meitheamh            19.00: Ionad an Carn, Carn Tóchair, Doire 

Máirt, 7 Meitheamh            19.40: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste 

Céadaoin, 8 Meitheamh    19.40: Ar líne ar Zoom

Déardaoin, 9 Meitheamh   19.00: Dún Uladh, An Ómaigh

Fág freagra ar 'Tuairimí á lorg faoi riachtanais teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge '