Insealbhaíodh inné bean lách phrionsabálta ina huachtarán ar Éirinn.
Pé acu an dtaitníonn nó nach dtaitníonn dearcadh polaitiúil Catherine Connolly leat, ba dheacair gan a bheith meallta ag an tslí nár ghéill sí ar a prionsabail le linn a feachtais.
Chuaigh a macántacht agus a nádúrthacht i bhfeidhm ar an bpobal agus is iad na tréithe céanna a thabharfaidh misneach do lucht na Gaeilge go ndéanfaidh sí beart de réir a briathair i leith na teanga.
Ócáid stairiúil don Ghaeilge a bhí ina hinsealbhú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inné. Chuir an t-uachtarán nua an Ghaeilge i lár an aonaigh ar shlí nár tharla ag searmanas insealbhaithe aon uachtarán eile. Go deimhin is deacair cuimhneamh ar aon ócáid mhór náisiúnta eile inar chuir duine sinsearach sa saol poiblí an teanga i lár an aonaigh chomh neamhbhalbh neamhleithscéalach sin.
Ní hamháin go raibh níos mó Gaeilge ina hóráid insealbhaithe ná mar a bhí in óráidí na n-uachtarán a chuaigh roimpi, ach thagair sí do ghnéithe de cheist na teanga ar annamh a luaitear iad ag ócáidí poiblí nuair is leor de ghnáth an cúpla focal plámásach.
Labhair sí óna croí faoin tslí gur cuireadh an teanga faoi chois “d’aon ghnó de bharr smacht na dtíoránach, nó de bharr neamhairde, neamhchúraim nó easpa tuisceana”.
“Tír gan teanga, tír gan anam. Agus is fíor sin, mar nuair atá a teanga múchta, ní féidir leis an tír, nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spiorad a chur in iúl,” a dúirt sí.
Ach ba léir ag an am céanna go dtuigeann an t-uachtarán nua nach rudaí siombalacha iad cearta teanga.
“Éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uathu ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin,” a dúirt sí.
Tuigeann sí chomh maith tábhacht an tsiombalachais agus an stádais i gcur chun cinn teanga, agus ar an gcumhacht, más teoranta féin í, a bheidh aici féin gníomh fónta a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Ní “sa gcúinne á labhairt go híseal a bheas an Ghaeilge san Áras ach sa chéad áit mar theanga oibre” a dúirt sí.
Má éiríonn léi an dea-shampla céanna a thabhairt san Áras is a thug sí inné agus ina feachtas, d’fhéadfadh gur cor cinniúnach i scéal na Gaeilge a bheidh ina tréimhse mar uachtarán.
“Ligimis don Ghaeilge bláthú” agus “scaoilimis le chéile anois leis an bhfaitíos” a bunteachtaireacht ó thaobh na teanga ina hóráid insealbhaithe inné.
Bímis ag súil gur chuala an rialtas agus daoine sinsearacha eile sa chóras poiblí go soiléir an teachtaireacht neamhbhalbh sin, mar gairm chun gnímh a bhí ann.
Is soiléir go bhfuil an t-uachtarán nua meáite ar a cuid a dhéanamh chun an Ghaeilge a thabhairt isteach ón imeall.
Ní dhéanfaidh sí aisti féin é ach is údar mór misnigh agus dóchais a teacht in oifig.
Seán Mag Leannáin
Ráite go maith agat, a eagarthóir. Leag tú do mhéar air.