Trump le cur ar a thriail as iarracht a dhéanamh torthaí toghcháin a chur ar ceal 

Seo an chéad chás coiriúil in aghaidh Trump a bhaineann lena thréimhse in oifig agus é curtha ina leith gur inis sé bréaga do mhuintir Mheiriceá arís agus arís eile fad is a bhí sé ina uachtarán 

Trump le cur ar a thriail as iarracht a dhéanamh torthaí toghcháin a chur ar ceal 

Tá sé curtha i leith Donald Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.  

Seo an chéad chás coiriúil in aghaidh Trump a bhaineann lena thréimhse in oifig agus é curtha ina leith gur inis sé bréaga do mhuintir Mheiriceá arís agus arís eile fad is a bhí sé ina uachtarán. 

Tá coireanna éagsúla á gcur i leith Trump mar thoradh ar fhiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington DC ar an 6 Eanáir 2020, cúiseanna a bhaineann lena iompar sa tréimhse idir an toghchán i Samhain 2020 agus an lá ar fhág sé an Tigh Bán ar an 20 Eanáir 2021.  

Baineann an chéad chúis leis an líomhain go ndein sé iarracht bac a chur ar bhailiú, ar chomhaireamh agus ar dheimhniú vótaí. 

Baineann dhá chúis eile le hiarracht a dhéanamh bac a chur ar chlárú vótaí na gcoláistí toghcháin i gComhdháil na Stát Aonraithe ar an 6 Eanáir, an lá go ndein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.  

Baineann an ceathrú cúis le hiarracht a dhéanamh cur as don cheart atá ag daoine vótáil agus an ceart atá acu go ndéanfaí a vótaí a chomhaireamh.  

Cuirtear i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.  

Sa cháipéis díotála, deirtear: 

“In ainneoin gur chaill sé bhí an cosantóir meáite ar fanacht i gcumhacht. Dá bharr sin, ar feadh breis agus dhá mhí i ndiaidh lá an toghcháin, an 3 Samhain 2020, scaip an cosantóir an bhréag gurb é féin dáiríre a bhuaigh an toghchán agus gur tharla calaois i leith an toghcháin, calaois a bhí chomh mór shin gurb í a shocraigh toradh na vótála. Ní raibh na nithe seo fíor agus bhí a fhios ag an gcosantóir nach raibh siad fíor. 

“Ach ina ainneoin sin lean an cosantóir air ag rá na rudaí céanna agus á scaipeadh go forleathan – dhein sé é sin chun cuma na fírinne a chur ar na nithe a bhí á maíomh aige agus fios aige nach raibh siad fíor, chun mímhuinín agus fearg a chothú i measc an phobail go náisiúnta, agus chun muinín an phobail i riar na dtoghchán a chreimeadh.” 

Tá Trump cúisithe i dtrí chás coiriúil go dtí seo ach deir saineolaithe dlí go ráineodh gurb é an ceann is déanaí seo an ceann is tromchúisí, go háirithe mar go mbaineann na cúiseanna lena thréimhse mar uachtarán.   

Baineann ceann de na cásanna eile le hairgead a íoc le haisteoir ionas nach sceithfeadh sí scéal faoi chaidreamh collaí. Baineann an tríú cás leis an bhfiosrúchán faoin mhíláimhseáil a dhein Trump ar cháipéisí rúnda in Mar-a-Lago. 

Tá fiosrú eile ar siúl faoi thorthaí an toghcháin in 2020 in Georgia.

In ainneoin na gcásanna coiriúla go léir, tá Trump mar rogha na coitiantachta le bheith ina iarrthóir ag na Poblachtánaigh i dtoghchán uachtaránachta 2024. 

Tá Trump in ainm is a bheith os comhair na cúirte in Washington DC amárach. Dúirt an fiosraitheoir speisialta Jack Smith go raibh sé ag súil nach mairfeadh an triail rófhada. 

Dhein Trump diancháineadh ar an gcás coiriúil is déanaí atá á thabhairt ina aghaidh.  

Mhaígh sé nach raibh ann ach lagiarracht “cham” eile ag “Clann choiriúil Biden” agus an Roinn Dlí agus Cirt cur isteach ar thoghchán na bliana seo chugainn.  

Fág freagra ar 'Trump le cur ar a thriail as iarracht a dhéanamh torthaí toghcháin a chur ar ceal '