Trump an tríú huachtarán a bhfuil táinseamh déanta air, ach cé a íocfaidh as?

Ba iad na Daonlathaigh a bhí sa diallait go dtí anois i bpróiseas táinsimh Donald Trump ach ní hamhlaidh a bheidh sa mbliain nua

Trump an tríú huachtarán a bhfuil táinseamh déanta air, ach cé a íocfaidh as?

Nuair a chum bunaitheoirí na Stát Aontaithe an próiseas le huachtarán a tháinseamh ní raibh sé i gceist acu go mbeadh baint ag polaitíocht leis an scéal. Theastaigh uathu go dtabharfadh an próiseas cosaint don daonlathas a bhí nuabhunaithe sa tír agus dá bunreacht nua. Theastaigh uathu freisin a chinntiú nach bhféadfadh uachtarán na tíre mí-úsáid a bhaint as a oifig ar mhaithe lena leas pearsanta.

Ach bíodh sé fíor nó bréagach tá go leor sna Stáit Aontaithe faoi láthair a déarfadh gurb í an pholaitíocht bun agus barr an phróisis táinsimh seo.

Ceann den dá chúis táinsimh atá curtha in aghaidh Donald Trump ná gur bhain sé aimhleas as a chumhacht agus as a ghradam mar Uachtarán le dul i gcion ar rialtas eachtrannach. Rialtas a bhí ag brath ar chabhair agus ar thacaíocht na Stát Aontaithe. Ní hamháin sin ach líomhnaítear gur chuir Donald Trump brú ar rialtas na hÚcráine ar mhaithe le dochar a dhéanamh do chéile comhraic polaitiúil, Joe Biden.

Ní sé ceart, dar le polaiteoirí go leor i dTeach na nIonadaithe, go dtabharfaí cuireadh do lucht tíre eile – go háirithe tír atá i dtuilleamaí tacaíochta as Washington – a ladar a chur sa bpróiseas daonlathach ag baile.

De réir fhiosrúchán Mueller bhí ról ag an Rúis i dtoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2016 agus deir go leor polaiteoirí, spéicéir an Tí Nancy Pelosi ina measc, gur ar mhaithe le toghchán 2020 a chosaint óna leithéid de chur isteach atá Trump á tháinseamh.

Ó vótáil móramh i dTeach na nIonadaithe ar son na gcúiseanna táinsimh aréir, is é Donald Trump anois an tríú huachtarán a bhfuil táinseamh déanta air. D’éirigh Richard Nixon as sular cuireadh an próiseas i gcrích agus tuairim láidir ann go gciontófaí é os comhair an tSeanaid. Níor ciontaíodh Bill Clinton ach d’fhág a tháinseamh smál ar a thréimhse uachtaránachta.

Is cosúil gur chreid Andrew Jackson gurbh fhearr go ndéanfaí táinseamh air ná é a fheallmharú. B’in an rogha, de réir cosúlachta, sna blianta tar éis an chogaidh chathartha sa naoú haois déag. Níor ghlac an Seanad le táinseamh Jackson.

Díol suntais é faoi tháinseamh Donald Trump go mbaineann sé le caidreamh le tír eachtrach agus, mar a fheictear do lucht a cháinte é,  le hiarracht daonlathas na Stát Aontaithe a chur as a riocht.

Maíonn Trump nach ndearna sé aon rud as bealach agus gurb amhlaidh go bhfuil géarleanúint á déanamh air. Chuir sé racht feirge uaidh i litir bhinbeach sé leathanach a scríobh sé go dtí Nancy Pelosi an oíche roimh a tháinseamh sa Teach.

Tá móramh ag na Daonlathaigh i dTeach na nIonadaithe agus bhí smacht acu ar an bpróiseas go dtí seo. Ní mar a chéile a bheidh cúrsaí ach a gcuirfear cás Trump faoi bhráid an tSeanaid sa mbliain nua.

Teastaíonn 67 vóta sa Seanad le Trump a chiontú. Níl an méid sin vótaí ag na Daonlathaigh agus de réir dílseacht dhocht páirtí atáthar ag vótáil go dtí seo sa phróiseas. Sea, tá chaon dream ag fanacht dílis dá dtreabh féin agus an deighilt pholaitiúil chomh soiléir is a bhí riamh. Theastódh vóta 20 Seanadóir poblachtánach chun Trump a dhíbirt as an Teach Bán. Tá an deighilt pholaitiúil chomh daingean faoi láthair gur beag dóchas atá ag aon duine go meallfaidh aon fhianaise 20 seanadóir le droim láimhe a thabhairt lena bpáirtí féin.

An cheist mar sin, an ngabhfaidh táinseamh Trump agus an próiseas ar fad i bhfeidhm ar an bpobal i mbliain toghchánaíochta 2020. Is cosúil go rachaidh. De réir na bpobalbhreitheanna 51% den phobal a thacaíonn le táinseamh an Uachtaráin, ach ní fios cé mhéid acu sin a chreideann sa cás áirithe seo in aghaidh Trump. Agus ní fios cé mhéid acu a mbeidh olc orthu leis na Daonlathaigh as tabhairt faoi tháinseamh Trump tráth a bhfuil ag éirí go maith leis an tír.

An bhféadfadh gur mó dochar ná leas a dhéanfaidh na Daonlathaigh dóibh féin sa deireadh?

Fág freagra ar 'Trump an tríú huachtarán a bhfuil táinseamh déanta air, ach cé a íocfaidh as?'