Trump, an Breatimeacht agus conas mar a chuir an t-idirlíon an tsúil ribe orainn go léir

Tugann an fadscannán faisnéise ‘The Great Hack’ léargas scanrúil ar ré seo na mórshonraí ina mairimid agus an tslí gur féidir leas a bhaint as ár lorg idirlín le dul i bhfeidhm orainn

Trump, an Breatimeacht agus conas mar a chuir an t-idirlíon an tsúil ribe orainn go léir
The Great Hack
Léiritheoirí: Karim Amer, Jehane Noujaim
Cliar: Steve Bannon, Jamie Bartlett, Carole Cadwalladr

“It began with the dream of a connected world. A space where everyone could share each other’s experiences and feel less alone. It wasn’t long before this world became our matchmaker, instant fact-checker, personal entertainer, guardian of our memories, even our therapist.”

Tá an tsúil ribe curtha ag an idirlíon orainn.

Ní hamháin go bhfuilimid gafa le suíomhanna cosúil le Facebook ach tá ár sonraí á gcnuasach go slítheánta. Uisce fé thalamh agus fén méarchlár. Tá na sonraí digiteacha, gach rud ó cheannacháin le cárta creidmheasa go cuardaigh idirlín agus ‘likes’ á mbailiú agus á n-úsáid.

Tugann an fadscannán faisnéise The Great Hack (Netflix) seo léargas scanrúil ar ré seo na mórhsonraí ina mairimid agus an tslí gur féidir leas a bhaint as ár lorg idirlín le dul i bhfeidhm orainn.

Nuair a bhí Cambridge Analytica (CA) i mbarr a réime mhaígh sé go raibh 5,000 pointe sonraí acu ar gach vótálaí i Meiriceá. Tá riar mhaith de na sonraí seo ar foluain agus ag fánaíocht sa gcibearspás ach deineadh cuid mhaith de a chnuasach i ngan fhios agus go slítheánta trí Facebook.

Tráchtar anseo ar an gcomhghuaillíocht idir CA agus feachtas Donald Trump sa toghchán uachtaránachta in 2016.

Project Alamo a baisteadh ar an meitheal a bhí ag obair ar rannóg dhigiteach an fheachtais. Nuair a bhí an fheachtasaíocht i mbarr a réime bhí $1 milliún á chaitheamh in aghaidh an lae ar fhógraí Facebook agus measadh gur seoladh amach tarrac ar shé mhilliún fógra san iomlán; níor sheol feachtas Hillary Clinton amach ach tarrac ar 70,000.  Bhí na fógraí seo dírithe ar dhaoine faoi leith i stáit faoi leith agus an fógra curtha in oiriúint dóibh. Deirtear linn i radharc amháin gur 70,000 duine i dtrí stát difriúil a shocraigh an toghchán.

Lena chois sin déantar cíoradh ar an nasc a bhí ag Cambridge Analytica le Leave.eu i rith fheachtas an Bhreatimeachta.

Is é an Meiriceánach David Carroll a thugann an ráiteas thuas uaidh ag tús an scannáin agus is eisean duine de phríomhphearsana an scannáin seo mar a dtugann sé cuntas ar a iarracht teacht ar na sonraí atá ag CA faoi fhéin. Cuirtear agallaimh chomh maith ar an sceithire Christopher Wylie, an t-iriseoir Carole Cadwalladar agus Julian Wheatland ó CA.

Is í Brittany Kaiser agus a scéal bunchloch an scannáin, áfach. Éan corr í seo a bhfuil sé deacair léamh uirthi agus a dhéanamh amach cad a spreag í. Chaith sí seal ag obair ar fheachtas Obama agus seal le Amnesty sular éirigh léi ról sinsearach tábhachtach a bhaint amach in CA. Agus an phraiseach ag dul ar fud na mias chinn sí a bheith ina sceithire agus rúin CA a nochtadh don saol mór. 

Leanaimid í ón Téalainn go Londain agus Meiriceá. Ar uairibh níl aon oidhre uirthi ach óinseach de dhéagóir ag sciotaíl faoi ábhar tromchúiseach amhail is gur eachtra ó Love Island é. Ar hap an tairne, áfach, léiríonn sí cruas agus éirim.

Tá cluain curtha ag an idirlíon orainn.

B’fhéidir go spreagfadh an saothar seo sinn le cúram a dhéanamh dár lorg idirlín. Tá Cambridge Analytica imithe ach níorbh iad tús agus deireadh an scéil. Is ina tosach atá ré na mórshonraí.

Fág freagra ar 'Trump, an Breatimeacht agus conas mar a chuir an t-idirlíon an tsúil ribe orainn go léir'