Trump ag súil le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus é den tuairim gur ‘teorainn shuimiúil’ a teorainn

Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Éirinn, gur breá lena chroí an tír seo, agus gur “iontach uilig” an dream iad na hÉireannaigh.

Trump ag súil le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus é den tuairim gur ‘teorainn shuimiúil’ a teorainn

Tá ráite ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Éirinn, gur breá lena chroí an tír seo, agus gur “iontach uilig” an dream iad na hÉireannaigh.

“Tá mé ag súil le bheith ann,” a dúirt an tUachtarán Trump tráthnóna. Thug sé le fios gur mhaith leis cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn sula mbeidh an chéad toghchán uachtaránachta eile ann.

Luaigh sé chomh maith an réadmhaoin atá aige i gcontae an Chláir agus an fonn atá air cuairt a thabhairt ar a ghalfchúrsa agus a óstán sa Dún Beag.

“Is onóir dom go bhfuil Taoiseach na hÉireann linn, fear a bhfuil an-tóir air,” a dúirt Trump agus é in éineacht le Leo Varadkar san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán, mar a raibh cruinniú acu beirt tráthnóna.

Dúirt Trump go raibh sárchaidreamh eatarthu agus gur “i bhfeabhas” a bhí an caidreamh sin ag dul.

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith gur “teorainn shuimiúil” a bhí sa teorainn in Éirinn.

I ndiaidh an chruinnithe 40 nóiméad sa Teach Bán tráthnóna, dúirt an Taoiseach gur phléigh sé le Trump ceist na n-inimirceach gan doiciméid i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thug Varadkar le fios gur thacaigh Trump leis an éileamh ar shocrú do na himircigh gan doiciméid.

Dúirt an Taoiseach chomh maith gur pléadh ceist na teorann ag an gcruinniú agus thug sé le fios gur mheas sé go raibh Trump “go mór ar ár son” maidir le ceist na teorann agus an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Trump ag súil le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus é den tuairim gur ‘teorainn shuimiúil’ a teorainn'