Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua den ghalar deimhnithe

2,253 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,710 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di

Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua den ghalar deimhnithe

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus ocht gcás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd tolgtha aige básaithe agus deimhníodh ocht gcás nua ansin.

2,253 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,710 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

30,203 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,341 cás ó dheas den teorainn agus 4,862 cás ó thuaidh.

Duine amháin a bhásaigh de bharr an choróinvíris ó thuaidh den teorainn le lá anuas, de réir tuairisc na Roinne Sláinte ansin.

Daoine a bhásaigh in ospidéal is mó a thuairiscítear ó thuaidh.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris sa Dáil inniu go meastar go bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 ag 0.7.

Dúirt an tAire gur deacair an ráta atáirgthe a mheas de bharr a laghad cásanna den ghalar atá á n-aimsiú faoi láthair.

Dúirt sé go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh daoine ar an airdeall ionas nach dtolgfaimis agus nach scaipfimis an galar “agus muid i mbun gnáthchúraimí an lae”.

Is ionann ráta scaipthe 0.7 agus a rá dá bhfaigheadh deichniúr Covid-19, go dtabharfaidís an víreas do sheachtar eile eatarthu.

Dúirt Harris go mbeadh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí amárach chun na chéad chéimeanna eile a scrúdú agus “conas teacht ar bhealach leis an bplean díchuibhrithe a ghiorrú go dtí dhá chéim”.

Dúirt sé go raibh súil ag an Rialtas go ndéanfadh na hairí roinnt cinntí níos deireanaí sa tseachtain.

Tá dréacht-treoirlínte eisithe ag an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) ina dtugtar le fios go mb’fhéidir go mbeadh bialanna agus tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil don phobal ábalta an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a laghdú go dtí méadar amháin i gcúinsí ar leith.

Tuairiscítear go mbeidh ar thithe tábhairne agus bialanna, nuair a osclóidh siad níos déanaí an mhí seo, teorainn 90 nóiméad a chur ar an am a chaithfidh a gcuid custaiméirí san áit. Bheadh ar chustaiméirí an chuairt ar an ósta a chur in áirithe roimh ré.

Fág freagra ar 'Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua den ghalar deimhnithe'