Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 47 cás nua deimhnithe

2,193 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,659 duine ó dheas den teorainn agus 534 ó thuaidh di

Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 47 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 47 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,193 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,659 duine ó dheas den teorainn agus 534 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh ochtar eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe. Bhain sé cinn de na básanna sin le tréimhse níos luaithe, ag dul siar go dtí an 24 Aibreán. Ocht gcás nua a deimhníodh sa Tuaisceart.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

29,798 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,111 cás ó dheas den teorainn agus 4,740 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Luain seo caite, bhí 22,698 den 25,064 duine nó 90% díobh a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin.

Tháinig 82% duine chucu féin ag baile agus 8.5% a tháinig chucu féin san ospidéal.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, nach raibh aon fhianaise feicthe go fóill a thabharfadh le fios nach bhféadfaí tús a chur leis an dara céim de scaoileadh na srianta dianghlasála an tseachtain seo chugainn.

Tá ardú tagtha arís ar líon na ndaoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais a fuair bás. D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,051 den 1,659 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.4%. Bhain 919 de na cásanna sin, nó 55.4% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,064 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain, an 1 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,298duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 409 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim. 37 duine a bhí in ICU inniu
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,004 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,093 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,517 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,419 cás, nó 6%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Idir an dá linn, léiríonn na figiúirí is déanaí ón státchiste gur ardaigh an t-easnamh i mbuiséad an Rialtais go €6.1 billiún i mí na Bealtaine agus go raibh an caiteachas ar chúrsaí sláinte agus liúntais tacaíochta ioncaim fós ag ardú.

Ag an tráth céanna anuraidh €63 milliún d’ easnamh a bhí sa bhuiséad.

€26 billiún de chaiteachas a rinne an Rialtas i mí na Bealtaine, sin 19% nó €4.1 billiún níos mó ná a bhí ceaptha.

Chaith an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí €7.4 billiún níos mó ná mar a bhí sa bhuiséad, sin 67% sa bhreis.

“Beidh costas ar an stát sa bhfadtéarma de bharr na mbeart seo agus caithfear déileáil leis sin,” a dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe.

Fág freagra ar 'Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 47 cás nua deimhnithe'