Triúr de ghaiscígh Ghaoth Dobhair ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana

Tá triúr de pheileadóirí Ghaoth Dobhair ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana ag CLG agus duine acu san iomaíocht do ghradam Imreoir Club na Bliana

Triúr de ghaiscígh Ghaoth Dobhair ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana

Tá triúr de pheileadóirí Ghaoth Dobhair a bhí ar an bhfoireann a d’imir i gcluiche leathcheannais na hÉireann níos luaithe i mbliana ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana.

Is iad Odhrán McFadden-Ferry, Odhrán Mac Niallais agus Kevin Cassidy an triúr ó Ghaoth Dobhair atá ainmnithe ar an bhfoireann atá urraithe ag AIB GAA.

Bhlí séasúr den scoth ag an gcumann Gaeltachta in 2018. Bhuaigh siad Craobh Shinsir Dhún na nGall den chéad uair ó 2006 mí Dheireadh Fómhair agus chuaigh siad ar aghaidh chun Craobh Uladh a bhuachan den chéad uair riamh ag tús mhí na Nollag, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an mBoth as Muineachán sa chluiche ceannais.

Bhain siad áit amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach bhuaigh Cora Finne orthu i gCora Droma Rúisc mí Feabhra.

Tabharfaidh na gradaim seo údar ceiliúrtha eile do chumann Mhachaire Gathlán agus an t-aitheantas seo tugtha do thriúr dá gcuid imreoirí.

Bhí McFadden-Ferry ar dhuine d’fhoireann faoi aois iontach Ghaoth Dobhair a bhuaigh Craobh Faoi-21 na hÉireann in 2017. Thug an cosantóir taispeántais lán díocais uaidh i gcaitheamh na bliana anuraidh agus tá sé tugtha isteach ar phainéal an chontae anois ag Declan Bonner.

Gaiscíoch amach is amach ab ea Mac Niallais do Ghaoth Dobhair in 2018. Bhí an t-imreoir lár páirce ar fheabhas i gcluichí ceannais an chontae agus an chúige, ainmníodh é mar laoch na himeartha sa dá chluiche sin. Bronnadh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh don imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall air anuraidh chomh maith.

Is é Cassidy an tríú himreoir ó Ghaoth Dobhair a bhain áit amach ar shárfhoireann club na bliana agus é ainmnithe mar lántosach. Bhí an seanfhondúir ar fheabhas ar fad dá chumann anuraidh nuair a bhain sé leas as an taithí mhór atá aige arís agus arís eile.

Tá aitheantas ar leith á thabhairt do Cassidy agus é san iomaíocht chomh maith do ghradam Imreoir Club na Bliana. Beirt Chora Finne, Kieran Molloy agus Gary Sice atá san iomaíocht le Cassidy don ghradam sin.

Ar ndóigh, is iad Cora Finne is mó a bhfuil imreoirí acu ar fhoireann na bliana seo tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhaint den dara bhliain as a chéile an mhí seo caite. Seachtar Gaillimheach atá ainmnithe ar an bhfoireann agus an dara gradam saothraithe ag Liam Silke agus Martin Farragher, beirt a bhí ainmnithe ar shárfhoireann 2018 chomh maith.

Fuair Cora Finne an ceann is fearr ar Chrócaigh Chill Airne i gcluiche ceannais na bliana agus tá triúr Ciarraíoch ainmnithe ar an bhfoireann chomh maith le beirt ó sheaimpíní Laighean, Mullach na Leachta as an Longfort.

Painéal d’iriseoirí ó na meáin náisiúnta agus réigiúnacha a roghnaigh an fhoireann. Bronnfar na gradaim agus fógrófar Imreoir na Bliana ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn seo chugainn.

Sárfhoireann AIB GAA na Bliana

  1. Bernard Power (Cora Finne)
  2. Liam Silke (Cora Finne)
  3. Patrick Fox (Mullach na Leachta)
  4. Odhrán McFadden-Ferry (Gaoth Dobhair)
  5. Kieran Molloy (Cora Finne)
  6. Gavin White (Na Crócaigh)
  7. Donal McElligott (Mullach na Leachta)
  8. Daithí Burke (Cora Finne)
  9. Odhrán MacNiallais (Gaoth Dobhair)
  10. Gary Sice (Cora Finne)
  11. Kieran O’Leary (Na Crócaigh)
  12. Jason Leonard (Cora Finne)
  13. Tony Brosnan (Na Crócaigh)
  14. Kevin Cassidy (Gaoth Dobhair)
  15. Martin Farragher (Cora Finne)

Fág freagra ar 'Triúr de ghaiscígh Ghaoth Dobhair ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana'