Níl 74% d’oibrithe na seirbhíse poiblí ar an eolas faoi mhórphlean an Rialtais chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a earcú chuig an státchóras.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá sé mar sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.
Ach dúirt triúr as gach ceathrar den bhreis is 33,000 fostaí sa tseirbhís phoiblí a d’fhreagair an cheist sin sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20% sin.
De réir thorthaí an tsuirbhé, a rinne Ollscoil na Gaillimhe mar chuid d’fhorbairt an phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, 66% de dhaoine sa státseirbhís – na ranna rialtais – a dúirt nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20%.
Ní raibh 85% de dhaoine atá fostaithe i gcomhlachtaí poiblí in earnáil na sláinte, oibrithe Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ina measc, ar an eolas faoin sprioc.
Dúirt 84% d’fhostaithe an Gharda Síochána a ghlac páirt sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoi sprioc earcaíochta an dlí teanga.
71% a bhí i gceist le fostaithe sna húdaráis áitiúla agus sna boird oideachais agus oiliúna. 73% d’fhostaithe ag an tríú leibhéal sa chóras oideachais a thug le fios nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20%.
Maidir leis an tseirbhís phoiblí go léir, 24,462 duine a dúirt sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc agus 8,714 a dúirt go raibh.
Foilseofar go luath torthaí an tsuirbhé mar chuid den Phlean Náisiúnta Earcaíochta.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne i mí na Bealtaine seo caite go bhfuil obair mhór le déanamh go fóill chun ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais a bheidh orthu Gaeilgeoirí a earcú amach anseo.
I mí an Mheithimh a cuireadh faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin acht teanga, a d’ullmhaigh an plean. Beidh an plean á chur faoi bhráid an rialtais go luath.
Mar chuid den phlean náisiúnta, níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos freisin faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge.
Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.
Tá Roinn na Gaeltachta le tús a chur go luath an bhliain seo chugainn le feachtas feasachta náisiúnta chun aird daoine a tharraingt ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ann amach anseo.
Tá sé ráite cheana féin ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoin mbliain 2030. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh ach deir an tAire Stáit go bhfuil obair le déanamh chun na fostóirí a chur ar an eolas chomh maith.
Gearóid de Grás
Mar a dúirt an fear a dúirt – jóc.