Tríú rún Fatima agus uisce na Ceathrún Rua

Tá rud amháin cinnte: má íocann muintir Chonamara táillí uisce an fhad agus atá an útamáil seo ar fad ar bun, níl uisce glan tuillte againn agus sin sin.

5/4/2012 Public Debates Fiscal Stability Referendums
Tá go leor daoine a chreideann go bhfuil an Spiorad Naomh ag obair d’Éamonn Ó Cuív. Photocall Ireland.

Bhí caint mhór ar feadh na mblianta ar an tríú rún a thug an Mhaighdean Mhuire i Fatima ach bheadh sé níos éasca eolas a fháil faoi sin ná faoina bhfuil beartaithe ag Uisce Éireann a dhéanamh le Scéim Réigiúnach Uisce Chasla. Is é sin mura n-éireoidh leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an rún a scaoileadh.

Tá go leor daoine a chreideann go bhfuil an Spiorad Naomh ag obair dhó siúd le fada.

Tá sé ráite ag an Teachta Ó Cuív anois go bhfuil sé ag iarraidh cruinniú a shocrú idir feidhmeannaigh Uisce Éireann agus ionadaithe poiblí Ghaillimh Thiar.

D’fhéadfadh sé é a chur sa gcaoi is nach mbeadh ag caint leo ach é féin ach is cosúil go bhfuil sé dea-chroíoch sa gcás seo agus gur mhaith leis na Teachtaí Dála eile a bheith ann, na Comhairleoirí Contae agus na Seanadóirí.

Níor dhúirt sé fós cén duine in Uisce Éireann a raibh sé ag caint leis agus é ag iarraidh an cruinniú a shocrú. Mar sin ceann de na deacrachtaí móra: cé leis a labhróidh tú? Mar a dúirt mé cheana, bheadh sé chomh héasca agat a dhul chun cainte leis na húdaráis sa gCóiré Thuaidh.

Má tharlaíonn an cruinniú seo beidh ceisteanna le cur cinnte:

  1. Cé a shocraigh go gcuirfí athrú ar Scéim Réigiúnach Uisce Chasla? Cén uair a ndearnadh an cinneadh? Caithfear cuimhneamh i gcónaí go bhfuil na píopaí nua i gcomhair na scéime i dtalamh agus go bhfuil na taiscumair déanta ar an gCeathrú Rua agus i nGlinn Chatha, Ros Muc.
  2. Tá sé ráite ag Uisce Éireann gur féidir an scéim a chríochnú ar chostas níos lú ná a bhí luaite i dtosach agus go mbeadh an t-uisce glan ag rith níos sciobtha ná mar a bhí geallta an chéad lá. Dhá rud iad sin a mbeadh an pobal ar fad sásta leo, cinnte, ach cé air a bhfuil an chaint nua bunaithe? Chaithfeadh sé gur bhreathnaigh eolaí eicínt ar an méid a bhí le déanamh agus gur mhol sé an obair a chur chun cinn ar bhealach nua. Cé a rinne an moladh nua agus cén moladh go baileach a bhí ann?
  3. Cá bhfaighfear foinse an uisce sa méid atá leagtha amach anois acu? Loch Ghleannach Muirinn a bhí molta ag na saineolaithe go dtí seo. An bhfuil sé sin athraithe anois? Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, bheadh an-olc ar mhuintir na Ceathrún Rua dá gceapfaidís go mbeadh Uisce Éireann ag dul ar ais go dtí Loch an Mhuilinn. Chonaic na daoine an cacamas ag stealladh aníos tríd an mbóthar as an loch sin agus ba shin é a ndóthain. Tá caint ann go mb’fhéidir go ligfí uisce an Spidéil siar don Cheathrú Rua ach pléadh é sin go minic cheana agus dhiúltaigh na hinnealtóirí dó mar réiteach. As Loch Bholuisce a thagann an t-uisce sin agus bheadh deacrachtaí móra le sárú sula bhféadfaí soláthar breise a thabhairt aisti.
  4. An bhfuil Uisce Éireann sásta leis an gcaighdeán uisce atá i Loch an Mhuilinn faoi láthair? Dá mbeadh na heolaithe sásta roimhe seo ní bheadh caint ar bith ar Loch Ghleannach Muirinn. Cén t-athrú a tháinig ar bhonn eolaíoch ar an scéal idir an dá linn?
  5. An bhfuil an Áisíneacht Cosanta Timpeallachta sásta le huisce Loch an Mhuilinn? Cuimhnigh go bhfuil siadsan ag tabhairt Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Chomhairle Contae Ros Comáin os comhair na cúirte faoin gcaighdeán uisce atá in áiteanna sa dá chontae sin. B’fhéidir nár mhiste ionadaí ón Áisíneacht Cosanta Timpeallachta a bheith ag an gcruinniú atá an Teachta Ó Cuív a shocrú.
  6. An bhfuil údaráis na hEorpa sásta lena bhfuil ar bun? Caithfear a choinneáil i gcuimhne i gcónaí go raibh uisce na Ceathrún Rua ar cheann de na cúiseanna ar chaill rialtas na hÉireann cúis i gCúirt na hEorpa. Ba mhór ab fhiú a chloisteáil an bhfuil siadsan sásta gur cuireadh breith na cúirte i bhfeidhm go sásúil ó shin? An bhfuil siad ar an eolas faoi na pleananna nua atá ag Uisce Éireann? Tugtar scéala go beo do Luke ‘Ming’ Flanagan agus cuirtear crúiscín uisce as Loch an Mhuilinn anonn chuige. Sin é an fear nach mbeidh i bhfad á leagan ar an mbord acu sa mBruiséil.

Tá rud amháin cinnte: má íocann muintir Chonamara táillí uisce an fhad agus atá an útamáil seo ar fad ar bun, níl uisce glan tuillte againn agus sin sin.

Feicfidh mé ag an agóid i nGaillimh sibh.

Fág freagra ar 'Tríú rún Fatima agus uisce na Ceathrún Rua'