Trí seachtaine eile sula mbeidh an sprioc tástála bainte amach

Ní bheidh 15,00o tástáil in aghaidh an lae á dhéanamh don ghalar go dtí an 19 Bealtaine

Trí seachtaine eile sula mbeidh an sprioc tástála bainte amach

Beidh trí seachtaine eile ann sula mbainfear amach sprioc an Rialtais 100,000 tastáil do Covid-19 a dhéanamh sa tseachtain, sprioc a mheastar atá riachtanach chun go bhféadfaí tús ceart a chur le scaoileadh na srianta dianghlasála.

Tugadh an scéal is déanaí faoi chás na tástála ag preasócáid laethúil na Roinne Sláinte aréir.

153,054 tástáil don ghalar atá déanta ó dheas ó thús na ráige, ach dúradh nach mbeidh 15,00o tástáil in aghaidh an lae á dhéanamh go dtí an 19 Bealtaine.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar an 19 Márta gur mheas sé go mbeifí tosaithe ar 15,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh an lae roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Géilleadh go gcaithfeadh córas olltástála agus cuardaigh níos fearr agus níos cuimsithí a bheith in áit chun go bhféadfaí tosú i gceart ar na srianta a scaoileadh.

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go raibh dúshlán mór ag baint leis an sprioc tástála a bhaint amach ach go raibh plean anois ann sin a dhéanamh de réir a chéile as seo go ceann trí seachtaine.

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois sa phobal agus ráta scaipthe an ghalair a choinneáil an-íseal, tá fadhb mhór i gcónaí i dtithe altranais agus in ionaid chúraim eile.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan “dá mba inniu” a bhí cinneadh le déanamh maidir leis na srianta dianghlasála go mbeifí ag moladh gan na srianta a scaoileadh.

Dúirt an Dr Holohan go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar siúl.

Dúirt sé arís go raibh na figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu a bhfuiltear ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.

Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.

Baineann 680 de líon iomlán na mbásanna ó dheas, nó 59% le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.

Meastar gur beag maolú a dhéanfar ar na srianta an tseachtain seo chugainn d’ainneoin go bhfuiltear ag súil go mbeidh feabhas an tseachtain seo ar an ráta ionfhabhtaithe, agus laghdú ar an líon daoine a chuirfidh an galar in ospidéal nó den saol.

Tá na critéir nua tástála do Covid-19 curtha ar fáil do na dochtúirí teaghlaigh agus iad i bhfeidhm ón lá inniu ar aghaidh. Má bhíonn ceann amháin de na trí chomhartha sóirt seo ar othar feasta is féidir tástáil a iarraidh ar an dochtúir teaghlaigh: casacht a bhuaileann go tobann thú, fiabhras agus giorra anála mar sin iad a thugann le fios go bhfuil  drochghalar riospráide ina thús.

Beidh tosaíocht i gcónaí ag na grúpaí sin is práinní a thástáil – oibrithe sláinte, duine a bhí i ngartheagmháil le duine atá buailte ag an ngalar, nó duine atá i measc na ngrúpaí leochaileacha.

Meastar go síneofar orduithe nua an deireadh seachtaine seo chugainn a cheadóidh leanúint le formhór na srianta dianghlasála.

Tuairiscítear go raibh an dá léamh ag airí ag cruinniú rialtais an lae inné maidir le ceist scaoileadh na srianta dianglasála.

Fógraíodh tráthnóna inné bás 59 duine eile a raibh Covid-19 ó dheas.

Fágann sin gur fógraíodh inné in Éirinn bás 79 duine eile a bhásaigh de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh gur 20 duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,488 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,159 duine ó dheas den teorainn agus 329 duine ó thuaidh di.

Beirt de na daoine ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 229 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 23,285 cás den ghalar deimhnithe in Éirinn, 19,877 cás ó dheas agus 3,408 cás ó thuaidh.

Meastar go bhfuil líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 329 ó tharla gur daoine a fhaigheann bás sna hospidéil amháin a chuirtear san áireamh den chuid is mó sna figiúirí laethúla.

 

Fág freagra ar 'Trí seachtaine eile sula mbeidh an sprioc tástála bainte amach'